An tSiria
An tSiria | |||||
---|---|---|---|---|---|
الجمهورية العربية السورية (ar) سوريا (ar) al-Jumhūriyya al-ʿArabiyya al-Sūriyya (ar) | |||||
|
|||||
| |||||
Aintiún | Humat ad-Diyar (en) | ||||
| |||||
Suíomh | |||||
| |||||
| |||||
Príomhchathair | An Damaisc | ||||
Daonra | |||||
Iomlán | 18,499,181 (2019) | ||||
Teanga, nó leagan teanga | An Araibis | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Cuid de | An Meánoirthear agus Western Asia (en) | ||||
Achar dromchla | 185,180 km² | ||||
Suite i nó in aice le limistéar uisce | An Mheánmhuir | ||||
Pointe is airde | Sliabh Hearmón (2,813.95 m) | ||||
Pointe is ísle | Muir na Gailíle (−214 m) | ||||
Ar theorainn le | |||||
Sonraí stairiúla | |||||
Cruthú | Márta 8, 1920 | ||||
Eagraíocht pholaitiúil | |||||
Córas rialtais | semi-presidential system (en) | ||||
Comhlacht reachtach | People's Assembly of Syria (en) | ||||
• Uachtarán na Siria | Bashar al-Assad (Iúil 17, 2000) | ||||
• Príomh-Aire na Siria | Hussein Arnous (en) (Meitheamh 11, 2020) | ||||
Údarás breithiúnach is airde | The ministry of justice (en) | ||||
Eacnamaíocht | |||||
Airgeadra | Syrian pound (en) | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||
Fearann Idirlín barrleibhéil | .sy (en) | ||||
Glaochód | +963 | ||||
Uimhir theileafóin éigeandála | 112, 110 (en) agus 113 (en) | ||||
Eile | |||||
| |||||
Suíomh gréasáin | egov.sy |
Is tír san Meánoirthear í Poblacht Arabach na Siria (Araibis: الجمهورية العربية السورية), nó an tSiria de ghnáth. Tá sí ag críochantacht leis an Liobáin san iarthar, Iosrael san iardheisceart, an Iordáin sa deisceart, an Iaráic san oirthear agus an Tuirc sa tuaisceart. Tá an chuid is mó den Ghólan, in iardheisceart na tíre, faoi fhorghabháil ag Iosrael ó 1967.
Go stairiúil, bhí Siria an lae inniu (ach amháin réigiún an Jazira soir ó thuaidh), an Liobáin, an Phalaistín, agus cuid den Iordáin mar réigiún amháin darbh ainm an tSiria Mhór, nó mar ba mhinice tagairt di as Araibis, Bilad al-Sham (بلاد الشام ).
Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tá stair ag an Siria chomh fada siar agus an bhliain 4 RC.[1] Bunaíodh a phríomhchathair, an Damaisc, sa dara mílaois roimh Chríost Bhí an chathair mar shuíochán Impireacht na nUmayyach ó 661-750 agus ba phríomhchathair chúigeach í le linn Impireacht na Mamlúc.
Tar éis bhua na n-Abasach, tháinig Baghdad i gcomharbas uirthi agus tháinig meath ar an Damaisc.
Athbheochan a bhí i gceist le ré na n-Ayyubid agus na Mamluk sa Damaisc.
Faoi smacht na nOtamánach, tháinig meath mór ar an Damaisc.
Neamhspleáchas[cuir in eagar | athraigh foinse]
Fuair an stát sa lá atá inniu ann neamhspleáchas ón Fhrainc sa bhliain 1946. 'Sé an 17 Aibreán “Lá na Saoirse” í bPoblacht Arabach na Siria. Roghnaíodh Damaisc mar phríomhchathair na Siria tar éis don tír sin neamhspleáchas a bhaint amach i 1946.
Bhí daonra na Siria chomh mór agus 19 milliún sa bhliain 2008. Bhí formhór acu Moslamaigh Sunnacha ag an am, chomh maith le 16% de ghrúpaí Moslamacha eile, mar atá, na Alawíigh, Shi'a, Drús agus Ismaelaigh. Bhí 10% Críostaithe.
Al-Assad[cuir in eagar | athraigh foinse]
Ón bhliain 1963 ar aghaidh tá an Páirtí Ba'ath i gceannas; ó 1970 ar aghaidh tagann an ceann stáit ón chlann Assad. Bhí a Hafez al-Assad i gceannas ó 1970 go dtí 2000 nuair a fuair sé bás.
Is é an déachtóir Bashar al-Assad uachtarán na Siria faoi láthair.
Is éard is "an tEarrach Arabach" ann ná tonn réabhlóideach de léirsithe agus d'agóidí a bhí agus a bhíonn ar siúl sa domhan Arabach ón 18 Nollaig 2010 ar aghaidh.
Cogadh cathartha[cuir in eagar | athraigh foinse]
2011. Thosaigh cogadh cathartha i ndáiríre sa tSiria i 2011. Bhris agóidí ar son an daonlathais amach sa tSiria ar an 15 Márta 2011. Tar éis d'fhórsaí slándála urchair a scaoileadh leis an lucht agóide, tháinig méadú as cuimse ar an bhforéigean agus cuireadh briogáidí reibiliúnacha le chéile chun aghaidh a thabhairt ar fhórsaí an stáit[2]. Thosaigh cogadh cathartha sa tSiria mar sin, cogadh a bhí le bheith ar bharr an chlár oibre pholaitiúil dhomhanda go ceann i bhfad.
2016. I mí Márta 2016, tuairiscítear ar RTÉ[3] go raibh an Rúis lena gcuid fórsaí míleata a tharraingt amach as an tSiria go hiomlán.
Sa bhliain 2016, scriosadh Aleppo. Chuaigh fórsaí de chuid na Siria isteach i in oirthear Aleppo i mí Nollag na bliana 2016, an bua ag rialtas in aghaidh na reibiliúnach[4]. Rinne an rialtas "glanadh eitneach" ar an gcathair.
2017. I 2017, rinne ionsaí ceimiceach ar cheantar ceannairceach gar do chathair Homs. Rinne na Stáit Aontaithe ionsaí diúracán ar bhunáit aeir sa tSiria cúpla lá ina dhiaidh[5].
2018. Ar an 13 Aibreán, rinne na Stáit Aontaithe, an Fhrainc agus an Bhreatain ionsaithe diúracáin ar ionaid de chuid rialtas na Siria i ndiaidh d’arm Bashar al-Assad úsáid a bhaint as airm cheimiceacha in ionsaí ar an gcathair Douma, a bhí i lámha reibiliúnach.[6]
Inniu tá na céadta míle tar éis bháis ó thús an chogaidh, agus tá na milliúin ar a dteitheadh.
Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]
An tSiria: An Chéad Domanó Eile?, Beo.ie, 128 · NOLLAIG 2011
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ "Report of the Commission Entrusted by the Council with the Study of the Frontier between Syria and Iraq".
- ↑ https://europa.eu/european-union/about-eu/history/2010-today_ga
- ↑ https://www.rte.ie/news/nuacht/2016/0317/775529-an-ruis-le-tarraingt-amach-as-an-tsiria/ 17 Márta 2016
- ↑ https://www.rte.ie/news/nuacht/2016/1213/838540-sibhialtaigh-a-maru-in-aleppo-de-reir-an-un/
- ↑ https://www.rte.ie/news/nuacht/2015/1001/731779-ruathair-aeir-aris-inniu-on-ruis-ar-an-tsiria/, 7 Aibreán 2017.
- ↑ Alex Hijmans (29 Nollaig 2018). "‘Tá mo chnaipe núicléach níos mó ná do cheannsa’ agus scéalta eile" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2019-01-13.