Lille
Jump to navigation
Jump to search
Lille Ville de Lille | |
Place du Général de Gaulle, nó 'Grand'Place' | |
---|---|
Rialtas | |
Tír | An Fhrainc |
Réigiún | Hauts-de-France |
Méara | Martine Aubry (PS) |
Déimeagrafaic | |
Achar | 39.51 km² |
Daonra | 226,800 |
Dlús daonra | 5,470/km²/km² |
www.mairie-lille.fr |
Is cathair i dtuaisceart na Fraince í Lille, príomhchathair Lille-Metropole. Tá sí ar an gceathrú limistéar ceannchathartha is mó sa Fhrainc. Tá Lille suite cois Deûle agus í gar do theorainn na Beilge. Is í príomhchathair réigiúin an Hauts-de-France í agus is í príomhchathair an départment Nord í freisin.
Bhí 226,800 duine ina gcónaí sa chathair sa bhliain 2005 agus bhí 1,091,438 duine ina gcónaí in Lille-Metropole.
Is crosbhealach tábhachtach í Lille i gcóras iarnród na hEorpa - bíonn an Eurostar ag stopadh ann idir Londain agus Páras agus baineann an chathair le gréasán iarnród mórluais na Fraince freisin.