Karl Marx

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Marx

Duine de na fealsúna ba thábhachtaí sa 19ú haois ab ea Karl Marx (Trier, 5 Bealtaine, 1818 - Londain, 14 Márta 1883).

Saol[athraigh | athraigh vicithéacs]

Rugadh é i dTrier in aice leis an abhainn Moselle do dhaoine meánaicmeach Giúdach. D'fhreastal sé ar dtús ar dámh an dlí in ollscoil Bonn ach chuir a athair é chuig ollscoil Bheirlín, áit ar fhan sé ar feadh ceithre bliana. Thóg sé post mar eagarthóir sa nuachtán an Rheinische Zeitung, foilseachán liobrálach. Tháinig sé go Páras ag deireadh 1843, áit ar bhuail sé le Friedrich Engels. Cuireadh amach as Páras iad agus bhog siad chuig an Bhruiséil i 1844. Scríobh siad a gcuid smaointe sa bhForógra Cummannach agus díreach tar éis a fhoilsiú ar deireadh na bliana 1847, thosaigh roinnt réabhlóidí ar fud na hEorpa. Tar éis seal eile sa Ghearmáin mar eagarthóir ar nuachtán eile a cuireadh faoi chois, an Neue Rheinische Zeitung, chuaigh Marx go Londain mar deoraí polaitiúil i mBealtaine 1849 nuair a choisc an rialtas an foilseachán agus chónaigh sé ansin go lá a bháis i 1883.

Féach ar[athraigh | athraigh vicithéacs]