focal.ie logainm.ie ainm.ie ceardlann/workshop nuachtlitir/newsletter · FIONTAR

Aonad 1: An rud a dhéanann foclóirí

Bunachar téarmaíochta is ea focal.ie. Ní gnáthfhoclóir é ina bhfaighfeá na focail a úsáidtear i ngnáthchomhrá ó lá go lá. Tá roinnt frásaí agus grúpaí focal ann ach ní bhfaighidh tú abairtí ann.

Téarma is ea focal nó grúpa focal a úsáidtear chun coincheap áirithe a léiriú. Coincheapa i sainréimsí ar leith atá i gceist, mar shampla coincheapa sa mhatamaitic, sa teicneolaíocht, sa spórt, sa réalteolaíocht, san oideachas, agus mar sin de. Bíonn a chnuasach téarmaí féin ag gach sainréimse cé go dtarlaíonn trasnaíl eatarthu uaireanta, go háirithe nuair is é an coincheap céanna a bhíonn i gceist, ach uaireanta nuair nach é.

Mar shampla, is téarma Béarla é adder a úsáidtear chun dhá choincheap éagsúla a chur in iúl. I sainréimse na Zó-eolaíochta is nathair nimhe é agus i sainréimse na Ríomhaireachta is suimitheoir é – gléas a dhéanann uimhreacha a shuimiú le chéile. Sampla eile is ea an téarma Gaeilge seol. I réimse na Seoltóireachta, is píosa mór éadaigh é a chrochtar le go rachfaidh bád chun cinn sa ngaoth – sail i mBéarla. I réimse na Ceardaíochta, is gléas é a úsáidtear chun fíodóireacht a dhéanamh – loom i mBéarla.

Sonraí téarmaíochta: © 2006 Foras na Gaeilge
Réiteach teicniúil: © 2006 Fiontar