Gabhar

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Gabhar
Irish Goat.jpg
Aicmiú eolaíoch
Ríocht:Animalia
Fíleam:Chordata
Aicme:Mammalia
Ord:Artiodactyla
Fine:Bovidae
Fofhine:Caprinae
Géineas:Capra
Speiceas:C. aegagrus
Fospeiceas:C. a. hircus

Ainmhí is ea an gabhar. Mamach le crúba atá ann.

Téarmaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tugtar pocánpocaide gabhair ar an bhfireannach agus minseach ar an mbaineannach. Meannán a thugtar ar an ainmhí óg. Gobhar a deirtear i nGaeilge na hAlban.

Sanasaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sean-Ghaeilge “gabor”, Ceiltis *gabros, Ind-Eorpais *kapro- (pocán).

Seanfhocail[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Mura mbeadh agat ach gabhar, bí i lár an aonaigh leis.
  • Cuir síoda ar ghabhar, agus is gabhar i gcónaí é.
  • Is fearr marcaíocht ar ghabhar ná cóisíocht dá fheabhas.
  • Má ligtear an gabhar isteach sa séipéal ní stadfaidh sé go haltóir.
  • Eatartha atá sé adúirt an pocán gabhar agus é ag féachaint siar idir a dhá mhagairle.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]