1920
Jump to navigation
Jump to search
Blianta: 1917 1918 1919 - 1920 (MCMXX) - 1921 1922 1923 | |
deichniúra: 1890í 1900í 1910í - 1920í - 1930í 1940í 1950í | |
Aois: 19ú haois - 20ú haois - 21ú haois |
Bliain bhisigh ab ea an bhliain 1920 a thosaigh ar Déardaoin.
Tarluithe[cuir in eagar | athraigh foinse]
- Bhí Cogadh na Saoirse ar siúl an bhliain seo ar fad in Éirinn.
- 25 Márta - Thosaigh na Dúchrónaigh a theacht go hÉireann le cuidiú le Constáblacht Ríoga na hÉireann.
- 20 Aibreán - Thosaigh na Cluichí Oilimpeacha in Antwerpen na Beilge
- 15 Meitheamh - Bhí an Dáma Nellie Melba ar an gcéad amhránaí a chraol clár ceoil ó stáisiún Marconi in Chelmsford, Sasana
- 16 Meán Fómhair - Rinne sceimhlitheoirí buama i gcóiste capaill a phléascadh os comhair Bhanc Morgan i gCathair Nua-Eabhrac. Fuair 38 duine bás agus gortaíodh breis is 400.
- 20 Samhain, tharla Domhnach na Fola (1920), i bPáirc an Chrócaigh.
- 11 Nollaig - Dhóigh na Sasanaigh lár Chathair Chorcaí.
- 16 Nollaig - Fuair 180,000 duine bás in Haiyuan, sa tSín, de bharr crith talún.
- 23 Nollaig - Reachtaíodh Acht Rialtais Éireann i Londain, a roinn Éire ina dá leath. Bhí parlaimint le bheith i dtuaisceart na hÉireann agus ceann eile sa deisceart.
- Bhuaigh Contae Thiobraid Árann Chraobh na hÉireann sa Pheil
Gan dáta cruinn
- Glacadh Mu isamaa, mu õnn ja rõõm ('Mo thír dhúchais, mo ghliondar is mo ríméad') mar amhrán náisiúnta na hEastóine.
Breitheanna[cuir in eagar | athraigh foinse]
- 2 Eanáir - Isaac Asimov, bithcheimiceoir, údar Fundúireacht agus saothar eile ficsean eolaíochta (b. 1992)
- 9 Eanáir – Clive Dunn, aisteoir Sasanach (b. 2012)
- 19 Eanáir – Javier Pérez de Cuéllar, taidhleoir Peiriúch agus iar-Ard Rúnaí ar na Náisiúin Aontaithe (b. 2020)
- 1 Aibreán – Toshiro Mifune, aisteoir Seapánach (b. 1997)
- 4 Aibreán – Paddy Coad, peileadóir Éireannach (b. 1992)
- 13 Aibreán – Liam Mac Cosgair, 5ú Taoiseach (b. 2017)
- 27 Aibreán – Edwin Morgan, file agus aistritheoir Albanach (b. 2010)
- 18 Bealtaine – Pápa Eoin Pól II (b. 2005)
- 2 Meitheamh – Mícheál Ó hEithir, tráchtaire agus iriseoir spóirt (b. 1996)
- 8 Lúnasa– Shelley Winters, ban-aisteoir Meiriceánach (b. 2006)
- 17 Lúnasa – Maureen O'Hara, aisteoir (b. 2015)
- 27 Lúnasa – James Molyneaux, polaiteoir agus Aontachtaí (b. 2015)
- 23 Meán Fómhair – Mickey Rooney, aisteoir Meiriceánach (b. 2014)
- 8 Deireadh Fómhair – Frank Herbert, údar Meiriceánach (b. 1986)
- 29 Deireadh Fómhair – Baruj Benacerraf, imdhíoneolaí Veiniséalach-Mheiriceánach (b. 2011)
- 12 Nollaig – Criostóir Uí Rinn nó Christy Ring, iománaí (b. 1979)
- 17 Nollaig – Kenneth Iverson, ríomheolaí Ceanadach (b. 2004)
- 20 Nollaig – Väinö Linna scríbhneoir náisiúnta na Fionlainne (b. 1992)
Básanna[cuir in eagar | athraigh foinse]
- 7 Eanáir – Edmund Barton, príomh-aire Astrálach (r. 1849)
- 14 Eanáir – Nioclás Ó Domhnaill, scoláire Gaeilge Astrálach (r. 1862)
- 20 Feabhra – Robert Peary, taiscéalaí Artach Meiriceánach (r. 1856)
- 20 Márta – Tomás Mac Curtáin, ard-mhéara Chorcaí (r. 1884)
- 21 Márta – Peadar Ua Laoghaire, scríbhneoir Éireannach (r. 1839)
- 2 Deireadh Fómhair – Max Bruch, cumadóir ceoil Gearmánach (r. 1838)
- 14 Deireadh Fómhair – Seán Ó Treasaigh, ceannaire de chuid an IRA (r. 1895)
- 25 Deireadh Fómhair – Traolach Mac Suibhne, 74ú lá stailc ocrais, polaiteoir Éireannach (r. 1879)
- 1 Samhain – Kevin Barry, a ghlac páirt in Éirí Amach na Cásca (r. 1902)