Ceirmeacht
Táirgí a fhaightear ó bhácáil cré, a dhéanann ábhair chrua láidre neamhsheoltacha bhriosca theasdíonacha. Bíonn úsáidí teicniúla ag na hábhair seo (mar shampla, scríobaigh, uirlisí gearrtha, líneálacha teasfhulangacha) agus úsáidí maisiúcháin. Tá plaisteacht na cré áisiúil ar dtús, mar is féidir cruthanna de gach saghas a dhéanamh aisti trí mhúnlú, teilgean, guairneáil nó comhbhrú. Úsáidtear an-chuid saghsanna cré, ó chré gharbh le haghaidh brící go dtí cré mhín bhán le haghaidh poircealláin. Is féidir ceirmeachtaí a bhácáil i gcéimeanna. Mar shampla, chun glónrú a tháirgeadh, cuirtear brat cré nó ábhair ghloiniúil ar an earra agus bácáiltear athuair é chun an cheirmeacht a dhéanamh neamhthréscaoilteach (i ndéanamh píobán) nó dathanna maisithe a chur uirthi.
|
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
|
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |