iPhone

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

iPhone

Is guthán cliste é an iPhone (úsáidtear leagan gaelaithe iFón uaireanta) a dhear Apple Inc. Níl cnaipí nó méarchlár ar an gcomhéadan - déantar gach rud tríd an scáileán a bhrú nó a thadhall. Tá grianghrafadán agus seinnteoir meán ar an nguthán, agus is féidir rochtain a fháil ar an idirlíon chun breathnú ar an nGréasán Domhanda agus ríomhphoist a léamh.

Nochtaigh Ardfheidhmeannach Apple, Steve Jobs, an iPhone don saol mór ar an 9 Eanáir, 2007. Chuir daoine iontas ann agus ba léir go mbeadh ráchairt mhór air nuair a dhíolfar don saol mór é. Díoladh don phobal é den chéad uair i Meitheamh sa bhliain 2007. Chuaigh sé i bhfeidhm go mór ar an bpobal.[fíoras?] Bhí scuainte lonnaithe lasmuigh de shiopaí Apple ar fad SAM ar feadh laethanta sular díoladh den chéad uair é.