1975
Jump to navigation
Jump to search
Blianta: 1972 1973 1974 - 1975 (MCMLXXV) - 1976 1977 1978 | |
Deichniúra: 1940í 1950í 1960í - 1970í - 1980í 1990í 2000í | |
Aois: 19ú haois - 20ú haois - 21ú haois |
Eachtraí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- 4 Feabhra - D'éirigh le crith talún a thuar den chéad uair riamh (rud annamh ó shin i leith) in Haicheng, Liaoning, Daonphoblacht na Síne. Fuair 2,041 duine bás ina ainneoin sin.
- 11 Feabhra - Fuair Margaret Thatcher an bua ar Edward Heath sa chomórtas le haghaidh cheannasaíocht an Pháirtí Choimeádaigh.
- 4 Aibreán - Chuir Bill Gates a chomhlacht nua ar bun in Albuquerque, Nua-Mheicsiceo.
- 17 Aibreán - Ghabh an Khmer Rouge Phnom Penh, príomhchathir na Cambóide agus d'ordaigh siad do lucht na cathrach gan eisceacht imeacht láithreach bonn. Cuireadh tús le cinedhíothú an Khmer Rouge.
- 30 Aibreán - Ghabh fórsaí an tuaiscirt cathair Saigon i Vítneam, ag cur deireadh le cogadh a mhair tríocha bliain. Tugadh Cathair Ho Chi Minh uirthi in ómós do cheannaire náisiúnach cumannach na tíre.
- 1 Lúnasa - Síníodh Comhaontaithe Heilsincí.
- 8 Lúnasa - Theip ar Dhamba Banqiao i Henan sa tSín, agus tíofún agus fronta fuar ag bualadh lena chéile. An teip dhamba ba mhó ariamh a bhí ann: Fuair 26,000 duine bás sna tuillte féin agus timpeall ar 140,000 leis an ngorta agus na galair a tháinig ina dhiaidh.
- 10 Samhain - Chuaigh an SS Edmund Fitzgerald go tóin Loch Superior le linn stoirme. Chum Gordon Lightfoot amhrán faoi níos déanaí.
- 11 Samhain - Fógraíodh neamhspleáchas Angóla ón Phortaingéil.
- 26 Samhain - Taispeánadh an scannán cultais úd The Rocky Horror Picture Show sna pictiúrlanna den chéad uair.
Breitheanna[cuir in eagar | athraigh foinse]
- 27 Márta – Fergie, ceoltóir, aisteoir agus amhránaí Meiriceánach
- 2 Bealtaine - David Beckham, imreoir sacair Sasanach
- 27 Meitheamh - Tobey Maguire, aisteoir Meireacánach
- 30 Meitheamh - Ralf Schumacher, tiománaí Foirmle a hAon
- 20 Meán Fómhair - Juan Pablo Montoya, tiománaí Foirmle a hAon
- 15 Nollaig - Aaron Flahavan, imreoir sacair (b. 2001)
- 21 Nollaig – Charles Michel, polaiteoir Beilgeach
- 30 Nollaig - Tiger Woods, galfaire Meireacánach
Básanna[cuir in eagar | athraigh foinse]
Eanáir[cuir in eagar | athraigh foinse]
- 24 Eanáir – Larry Fine, aisteoir Meiriceánach (r. 1902)
- 4 Eanáir – Carlo Levi, scríbhneoir Iodálach (r. 1902)
- 7 Eanáir – Sinéad de Valera, bean chéile Eamon de Valera, polaiteoir Éireannach (r. 1878)
Feabhra[cuir in eagar | athraigh foinse]
- 14 Feabhra – Julian Huxley, bitheolaí Sasanach (r. 1887)
- 23 Feabhra – Earnán de Blaghd, polaiteoir, réabhlóidí agus bainisteoir amharclainne (r. 1889)
Márta[cuir in eagar | athraigh foinse]
- 13 Márta – Ivo Andrić, scríbhneoir Iúgslavach (r. 1892)
Aibreán[cuir in eagar | athraigh foinse]
- 5 Aibreán – Chiang Kai-shek, polaiteoir Síneach (r. 1887)
- 10 Aibreán – Walker Evans, grianghrafadóir Meiriceánach (r. 1903)
Bealtaine[cuir in eagar | athraigh foinse]
- 4 Bealtaine – Moe Howard, fuirseoir agus aisteoir Meiriceánach (r. 1897)
- 18 Bealtaine – Kazimierz Fajans, ceimiceoir Polannach (r. 1887)
- 29 Bealtaine – Ezzard Charles, dornálaí Meiriceánach (r. 1921)
- 30 Bealtaine – Steve Prefontaine, lúthchleasaí Meiriceánach (r. 1951)
Iúil[cuir in eagar | athraigh foinse]
- 7 Iúil – Jakob Bjerknes, eolaí Ioruach-Mheiriceánach (r. 1897)
Lúnasa[cuir in eagar | athraigh foinse]
- 9 Lúnasa – Dmitri Shostakovich, cumadóir ceoil Rúiseach (r. 1906)
- 10 Lúnasa – Riobárd Bartún, státaire Éireannach (r. 1881)
- 29 Lúnasa – Eamon de Valera, tríú Uachtarán na hÉireann (r. 1882)
Deireadh Fómhair[cuir in eagar | athraigh foinse]
- 1 Deireadh Fómhair – Seán Ó Céin, iománaí Éireannach (r. 1917)
Samhain[cuir in eagar | athraigh foinse]
- 5 Samhain – Francisco Franco, deachtóir Spáinneach (r. 1892)
- 13 Samhain – Olga Bergholz, file Sóivédach (r. 1910)
Gan dáta[cuir in eagar | athraigh foinse]
- Eleanor Knott, scoláire Gaeilge (r. 1886)
- Gearóid Mac Spealáin, scríbhneoir agus aistritheoir Éireannach (r. 1904)
Teilifís[cuir in eagar | athraigh foinse]
Scannáin[cuir in eagar | athraigh foinse]
Duaiseanna Nobel[cuir in eagar | athraigh foinse]
- Síocháin – Andrey Sakharov
- Fisic – Aage Niels Bohr, Ben Roy Mottelson, agus Leo James Rainwater
- Ceimic – John Warcup Cornforth, Vladimir Prelog
- Leigheas – David Baltimore, Renato Dulbecco, Howard Martin Temin
- Litríocht – Eugenio Montale
- Eacnamaíocht – Leonid Kantorovich, Tjalling Koopmans
Litríocht na Gaeilge[cuir in eagar | athraigh foinse]
- Adios, Tarlach Ó hUid
- An Faoileán Bán, Proinsias Mac an Bheatha
|
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |