Coiscéim

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Leabhar a d'fhoilsigh Coiscéim sa bhliain 2011... Fréamh an Eolais le Matt Hussey

Comhlacht foilsitheoireachta de shaothar i nGaeilge amháín, atá lonnaithe in Éirinn, is ea Coiscéim.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhunaigh Pádraig Ó Snodaigh, stairí a bhí ag in Iarsmalann na hÉireann, é i 1980 nuair nach raibh foilsitheoirí Clódhanna Teoranta, foilsitheoirí Chonradh na Gaeilge, sásta níos mó filíochta a chur i gcló. Lorg sé an chóipcheart uathu chun an trí shaothar filíochta a chur i gcló; fuair sé iasacht airgead (£500) ó fhear uasal a bhí sásta é a thabhairt dó gan cheist, agus laistigh de roinnt míonna, bhí Coiscéim bunaithe.

Misean[cuir in eagar | athraigh foinse]

Litríocht chomhaimseartha a sholáthair don phobal Gaeilge ionas go mbeadh sé le h-aithint go bhfuil litríocht chomhaimseartha dá gcuid féin aici agus dá réir gur teanga nua-aoiseach í.

Gaiscí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ó bunaíodh an comhlacht, tá os cionn 1,500 leabhar foilsithe.

Tá os cionn 400 údar idir úrscéalaithe, gearrscéalaithe, filí, drámadóirí, lucht aistí agus aistíle, greann, neamhfhicsean, taighdeoirí, lucht léinn, stairithe, aistritheoirí, srl tar éis saothar a sholáthair dó le cur i gcló.

D'fhoilsigh Coiscéim an leabhar Ghaeilge is mó riamh - Logainmneacha Mhaigh Eo - leis an Dr. Fiachra Mac Gabhann (nach maireann) 3,500 logainm le 7,500 leathanach 2.5 milliún focal thar 13 imleabhar.

Bhron Ollscoil BÁC (UCD) DLitt Celt ar Phádraig, Sin an céim doctúireachta onórach is mó ar féidir leo bronnadh ar dhuine as ucht atá á dhéanamh aige do litríochta na Gaeilge ach go h-áirithe, plúr na litríochta, an fhilíocht.

Nasc seachtrach[cuir in eagar | athraigh foinse]