Homer Simpson

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Homer Simpson.png

Is é Homer Jay Simpson ceann de na príomhcharachtair sa sraith teilifíse bheoite cáiliúil The Simpsons. Tá sé guthaithe ag Dan Castellaneta. Baineann sé le saol teaghlaigh Mheiriceánaigh a bhfuil cónaí orthu i Springfield, baile sna Stáit Aontaithe.

Rugadh agus tógadh Homer i mbaile Springfield, áit a bhfuil cónaí air fós in éineacht lena bhean Marge agus a dtriúr páistí, Bart, Lisa agus Maggie. Is mac le hAbe agus Mona Simpson é Homer. Tá leasdeartháir aige darb ainm Herb agus leasdeirfiúr chomh maith, an toradh ar chaidreamh idir a athair is bean Sasanach a casadh ar Abe agus é ar stáisiún i Sasana le linn an Dara Cogadh Domhanda. Níl sé soiléir cén aois é Homer, ach de réir cosúlachta, rugadh sa mbliain 1956 é.

Oibríonn sé mar chigire sábháilteachta i gCumhachtstáisiún Núicléach Springfield. Ach caitheann sé an chuid is mó dá chuid ama ina chodladh nó ag ithe taoschnónna. Taobh amuigh den obair caitheann sé go leor ama i dteach tábhairne Moe. San áit sin, is maith le Homer cúpla pionta Duff a chaitheamh siar in éineacht lena chairde, Barney Gumble, Lenny agus Carl.

Tá cuma áirithe ar na carachtair – tá craiceann buí orthu agus súile móra acu agus ceithre mhéar ar a lámha. Tá go leor tréithe diúltacha ag baint le Homer chomh maith. Léirítear é mar fhear gáirsiúil, gan mórán oideachais, a itheann agus a ólann an iomarca. Tá sé maol, ramhar, amaideach, leisciúil agus mí-fhoighdeach. Tá achar airde an-ghearr aige chomh maith a chomhlánaíonn an paisean a bhíonn aige do caitheamh aimsire éagsúla. Ach, amanna, éiríonn le Homer an taobh is fearr dá phearsantacht a thaispeáint – is féidir leis a bheith solúbtha, cumasach agus díograiseach.

Is fear céile agus athair carthanach é Homer agus sna blianta ó taispeánadh The Simpsons ar dtús tá pearsantacht Homer tar éis fás agus is carachtair cáiliúil é anois agus réalta den chultúr Meiriceánach.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]