Alberta
Is cúige iartharach de chuid Cheanada í Alberta; tá sí mar chúige ó 1 Meán Fómhair, 1905.
Tá Alberta suite in iarthar Cheanada, tá An Cholóim Bhriotanach ó thiar agus Saskatchewan ó thoir, Northwest Territories ó thuaidh, agus Montana, sna Stáit Aontaithe ó dheas.
Is í Edmonton príomhchathair an chúige, suite sa lár (agus ó dheas). Solathraíonn Edmonton ola agus acmhainní eile an tuiscirt. Cathair an-tábhachtach is ea Calgary maidir leis an iompar, trádáil agus tráchtáil. De réir tomhais daonra, tá níos mó ná 1 miliúin duine de dhaonra ag an gcathair. I measc na gcathracha tábhachtacha eile in Alberta, tá Red Deer, Lethbridge, Medicine Hat, Fort McMurray, Grande Prairie, Camrose, Lloydminster, Wetaskiwin, Banff, agus Jasper.
Ó 24 Bealtaine, 2015, is í Rachel Notley, NDP, príomh-aire an chúige.
Tá Alberta ainmnithe in ómós don bhanphrionsa "Louise Caroline Alberta" (1848–1939), ceathrú hiníon Victoria. Bean chéile Marquess Lorne, Seanascal Cheanada ó 1878 go 1883, ab ea í. Tá Loch Louise, sráidbhaile Caroline, agus sliabh Alberta ainmnithe in ómós di freisin.
Geilleagar[cuir in eagar | athraigh foinse]
Ba C$311.898 bn. an olltáirgeacht intíre (OTI) a bhí ag Alberta sa bhliain 2012.[1]
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
Cúigí agus Críocha Cheanada | ||
---|---|---|
Cúigí: Colóim Bhriotanach · Alberta · Saskatchewan · Manitoba · Ontario · Québec New Brunswick · Albain Nua · Oileán Phrionsa Éadbhard · Talamh an Éisc agus Labradar Críocha: Yukon · Críocha an Iarthuaiscirt · Nunavut |