Iosrael

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
מדינת ישראל Medinat Yisra'el
دولة اسرائيل Daulat Isra'il
Bratach Iosraeil Armas Iosraeil
Bratach Armas
Mana: -
Amhrán náisiúnta: Hatikvah
Suíomh Iosraeil
Príomhchathair Iarúsailéim1
31°47′ Thuaidh 35°13′ Thoir
An chathair is mó Iarúsailéim
Teangacha oifigiúla Eabhrais, Araibis
Rialtas
Reuven Rivlin
Benjamin Netanyahu
Neamhspleáchas
14 Bealtaine 1948
Achar
 • San iomlán
 • Uisce (%)
 
20,770 km² (96ú)
~2%
Daonra
 • Meas. ó 2017
 • Daonáireamh 2008
 • Dlús
 
8,695,740 (97ú)
7,412,200
392/km² (34ú)
OTI (PCC)
 • San iomlán
 • An duine
Meas. ó 2005
$163.45 billiún (52ú)
$22,944 (32ú)
Airgeadra Sheqel nua Iosraeil (₪) (ils)
Crios ama
 • Samhradh (CSL)
(UTC+2)
(UTC+3)
Fearann Idirlín .il
Glaochód +972
1. Tá cur ina choinne

Tír sa Meánoirthear, ar bhruach thoir na Meánmhara é Iosrael. Bhí daonra de 8,4 milliún duine sa tír sa bhliain 2006.

Daoine[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá móramh Giúdach in Iosrael, agus is stát Giúdach é.[1] Ach bíonn lucht mór Arabach sa tír, maraon le mionlaigh eile. Tá dlúthbhaint ag tailte na bPalaistíneach le hIosrael maidir le cúrsaí airgid agus polaitíochta, mar go n-oibríonn an-chuid Palaistíneach in Iosrael, agus go bhfuil na céadta coilíneachtaí curtha ar bun ag Iosraelaigh den aicme chrua a dteastaíonn uathu seilbh a ghlacadh go hiomlán ar an 'Iosrael stairiúil'.

Ar 8 Nollaig 2017, d'fhógair Uachtarán Stáit Aontaithe Mheirceá, Donald Trump, go raibh na Stáit Aontaithe chun aitheantas a thabhairt feasta go hIarúsailéim mar phríomhchathair Iosrael[2].

Tíreolas[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is í an Mhuir Mharbh an áit is ísle ar domhain, agus téann a lán ann le snámh, rud atá an-éasca, ós rud é go bhfuil an t-uisce trom le salann. Tá dún Masada fós le feiceáil, áit ar fhan buíon Giúdach a bhí ag cur i gcoinne na Rómhánach ar feadh trí bliana, gur mharaigh siad iad féin ar dheireadh. Tógann sé trí huair a chloig dul go dtí an mullach, nó is féidir dul le carr-chábla.

14 Bealtaine 1948 - Forógra na “Saoirse”

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

De réir an Bhíobla, thug Maois na hIosraeilítigh go dtí an tír seo tar éis 40 bliain sa bhfásach. Bhí géarleanúint ar na hIosraeilítigh le linn dóibh bheith i ngéibheann ag na Bablónaigh, agus arís cuireadh chun siúil iad tar éis am Chríost, nuair a leagadh an dara Teampall. Níor fhan ach an-bheagán díobh sa tír go dtí gur thosaigh buíon bheag ag filleadh ag deireadh an 19ú haois.

Ar an 2 Samhain 1917, tharla an "Balfour Declaration": d'fhógair an Rúnaí Gnóthaí Eachtracha sa Bhreatain, Arthur Balfour ag an am, go mbunófaí stát Giúdach sa Phalaistín.

Ar 14 Bealtaine 1948, d'fhógair rialtas Iosrael  go foirmeálta go raibh neamhspleáchas bainte amach aige.[3]


Cogadh na Sé Lá[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar an 5 Meitheamh 1967, rinne an Iosrael ionsaí ar an Éigipt. Cuireadh tús le Cogadh na Sé Lá.

Páiste scoile san Iosrael, 1954

Stádas polaitiúil Iosrael[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tosóidh Iosrael ag tarraingt amach ó Stráice Gaza i samhradh na bliana 2005, de réir ráitis a chuir Airiél Searón, Príomh-aire Iosrael amach i Meán Fómhair, 2004.

Balla an Olagóin, áit oilithreachta ag na Giúdaigh, agus Cruinneagán na Carraige, scrín thábhachtach Mhuslamach, in Iarúsailéim, príomhchathair Iosrael

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]