Al Gore

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Al Gore i bportráid oifigiúil sa bhlian 1994.

Is polaiteoir, fear gnó agus buaiteoir an Dhuais Nobel é Albert Arnold Gore, Jr. (rugadh é ar 31 Márta, 1948), ar a dtugtar Al Gore de ghnáth.

Ina bhall den Pháirtí Daonlathach, chaith Gore tréimhse idir 1977 agus 1985 i dTeach Ionadaithe na Stát Aontaithe, agus na blianta idir 1985 agus 1993 ina sheanadóir ón stát Tennessee i Seanad na Stáit Aontaithe. B'é Gore an 45ú Leas-Uachtarán na Stáit Aontaithe idir na blianta 1993 agus 2001, i rith uachtaránacht Bill Clinton.

Ba é Gore iarrthóir an Pháirtí Dhaonlathaigh i dtoghchán conspóideach na bliana 2000, ach chaill sé i ndeireadh an lae agus bhuaigh George W. Bush an t-uachtaránacht ina áit Bill Clinton.

Sa lá atá inniu ann, tá Gore gníomhach sa ghluaiseacht i gcoinne athrú aeráide. Bhuaigh a scannán An Inconvenient Truth an Duais Oscar sa bhliain 2006, agus bronnadh an Duais Nobel air sa bhliain 2007.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]