IBM

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
International Business Machines Corporation
IBM logo.svg
Saghas comhlachta Comhlacht poiblí (NYSE: IBM)
Bunaithe 1889
Suíomh Nua-Eabhrac, SAM
Tír (Tíortha) {{{tír}}}
Daoine lárnacha Samuel J. Palmisano
Méid fostaithe 380,300 (2017)
Tionscail Ríomhairí
Láithreán gréasáin IBM.com

Is comhlacht ríomhaireachta é International Business Machines, nó IBM mar a thugtar air de ghnáth. Déantúsaíonn agus díolann an comhlacht crua-earraí ríomhaireachta, bogearraí, agus seirbhísí comhairleacha. Faoi seo soláthraíonn IBM bainistíocht áiseanna chun seirbhísí tacaíochta a thabhairt do chomhlachtaí eile maidir le forbairt is feidhmeanna na ríomhaireachta.

Tá a cheanncheathrú lonnaithe in Armonk, Stát Nua-Eabhraic i SAM.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba innealtóir Meiriceánach de phór na Gearmáine é Herman Hollerith sa 19ú haois. Dhear sé meaisín táblúcháin le haghaidh daonáirimh. Bhunaigh sé an comhlacht Computing Tabulating Recording Corporation sa bhliain 1888. B'é a chomhlacht réamhtheachtaí IBM.

Sna 1950-1990idí, bhí IBM an comhlacht ba rathúla ar domhan nuair a tháirg sí mór-ríomhairí.

I 1983 lainseáil IBM an ríomhaire pearsanta. Tháinig na ríomhairí seo chun níos mó na 85% de mhargadh na ríomhairí a ghabháil. Ach bhí na PC déanta ag comhlachtaí eile freisin, agus de réir a chéile, d'éirigh cuid acu a níos mó ná IBM[1] (tháinig Microsoft chun cinn nuair a dhear is a sholáthraigh sé an córas oibriúcháin MS-DOS i gcomhair ríomhairí pearsanta IBM).

Bhí IBM an comhlacht ríomhaireachta is mó ar domhan go dtí na 2000idí.

Ríomhaire de chuid IBM.

Aireagáin[cuir in eagar | athraigh foinse]

D'athraigh na haireagáin seo an domhan:

  • Comhartha-fháinne: Saghas líonra ceantair áitiúil (LAN) a d'fhorbair IBM, a bhaineann úsáid as toipeolaíocht fáinne ina gcuirtear comhartha thart ó ríomhaire go ríomhaire timpeall an fháinne.
  • Tarchur dénártha sioncrónach: Foirm tarchur sonraí i líonra ríomhairí le cianfheiste amháin nó níos mó ceangailte le mór-ríomhaire. Baineann an téarma le comhlacht IBM go príomha.
  • Teanga Struchtúrtha Iarratais (SQL): Teanga iarratais a d'fhorbair comhlacht IBM, anois ina teanga chaighdeánach idimáisiúnta le hiarratais a chumadh i gcomhair bunachair choibhneasta sonraí.
  • Cód Idirmhalartaithe Breisithe Deachúlach: Códaithe go Dénártha (EBCDIC) Cód a d'fhorbair comhlacht IBM. Sainmhínítear 256 carachtar le cód 8 ngiotán.
  • Ríomhaire pearsanta: Micriríomhairí i gcoitinne, an raon micriríomhairí a shaothraigh IBM ar dtús.
IBM 7090, 1961

Daoine[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Bill Gates (Microsoft). I 1981 chinn comhlacht IBM MS-DOS a shuiteáil ina ríomhairí pearsanta nua, céim mhór ar aghaidh do Microsoft.
  • Leo Esaki. Chuaigh sé go dtí na Stáit Aontaithe i 1960 ag obair i gcomhlacht IBM, agus rinne saothar ceannródaíoch ansin ar fheiste a bhí bunaithe ar loig chandamacha is forlaitísí. Roinn sé Duais Nobel sa bhfisic le Ivar Giaever is Brian Josephson i 1973.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt - Fréamh an Eolais (Coiscéim 2011)