MySQL
Is córas bainistíochta bunachar sonraí (CBBS) é MySQL. Is córas ilúsáideora agus ilsnáithe é. Úsáideann sé SQL mar an teanga sainmhínithe sonraí agus an teanga ionramhála sonraí.
Úinéireacht[cuir in eagar | athraigh foinse]
Is leis an gcomhlacht Sualannach MySQL AB MySQL. Is leo an cóipcheart le haghaidh formhór an chóid. Cuireann siad MySQL Server ar fáil mar bhogearraí in aisce faoi Ceadúnas Ginearálta Poiblí GNU. Cuireann siad MySQL Enterprise ar fáil freisin d'eagraíochtaí gnó trí shíntiús traidisiúnta.
Úsáidí[cuir in eagar | athraigh foinse]
Baintear úsáid as MySQL i bhforbairt láithreáin ghréasáin. Is é an bunachar sonraí a úsáidtear sna hardáin forbartha LAMP, MAMP, agus WAMP (Linux/Mac/Windows-Apache-MySQL-PHP/Perl/Python). Baineann an bogearra foinse-oscailte MediaWiki úsáid as an teicneolaíocht seo le láithreáin ar nós an Vicipéid a chur i láthair.
Naisc Sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tá a thuilleadh meán ag Cómhaoin Wikimedia
a bhaineann leis an ábhar seo: MySQL |