Is ainm é Ku Klux Klan nó KKK a úsáideann a lán grúpaí dúchasacha sceimhlitheoireachta sna Stáit Aontaithe, go háirithe sa Deisceart. Bíonn lucht leanúna Ku Klux Klan ag ionsaí Gormaigh agus lucht inimirce, agus iad ag iarraidh ardchumhacht an chine bháin a chur chun cinn. Go stairiúil, bhí Ku Klux Klan ag caitheamh róbaí bána agus púicíní ar dhéanamh coirceoige, agus iad ag cur i gcéill gurbh iad taibhsí na saighdiúirí a fuair bás i bpáirc an áir i rith Chogadh Cathartha na Stát Aontaithe ar son an Deiscirt. Sin é an chuma a bhíonn ar lucht leanúna KKK ina lán scannán, cuir i gcás.
Tháinig an chéad KKK ar an bhfód i ndiaidh an Chogaidh Chathartha, agus é ag dul i muinín sceimhlitheoireachta, foréigin agus linseála leis na hAfra-Mheiriceánaigh, na Caitlicigh agus na Giúdaigh a choinneáil faoi smacht.
Iarshaighdiúirí de chuid Arm an Deiscirt a bhunaigh an chéad KKK sa bhliain 1865. Bhí sé ag iarraidh forlámhas an chine bháin a chur ar bun arís trí eagla a chur ar na Tuaisceartaigh a chuir fúthu sa Deisceart (na carpetbaggers), ar na Deisceartaigh a bhí ag comhoibriú leis an Tuaisceart (na scalawags) agus ar na Gormaigh a bhí saortha ó bhráca na daoirse (na freedmen). Ar dtús, ní raibh ...
Robin Hunicke, dearthóir cluichí ríomhairí in California, Stáit Aontaithe Mheiriceá. Ar an bpríomhshaothar aici tá MySims, Boom Blox, Boom Blox Smash Party agus Journey. Sa bhliain 2012, bhunaigh sise agus Martin Middleton comhlacht nua darbh ainm Funomena. Tá na cluichí Wattam agus Luna á bhforbairt acu i láthair na huaire.
Ciclipéid shaor is ea an Vicipéid a óstálaítear ag an bhfondúireacht neamhbhrabúis Wikimedia. Tá go leor tionscadail ilteangachasaor-ábhair eile ag Wikimedia: