Arbh fhéidir go bhfuil ‘Feasta’ faoi bhagairt chomh maith?

Cé mhéid a chosnódh sé do leitheoirí/lucht tacaíochta na nirisí seo a mhaoiniú sinn féin? Tá sé thar am againn an freagracht a ghlacadh chúgainn féin seachas bheith ag caoineadh nuair a chuireann Foras na Gaeilge, ‘Hannibal Lecter’ na nuachtán is na nirisí Gaeilge.

An Tuairisceoir

Ciarán Dúnbarrach

Beidh ar ‘An tUltach’ agus ar ‘Feasta’ cur isteach ar dheontas ar leith ó Fhoras na Gaeilge chun an tréimhse idir Iúil agus Nollaig 2013 a mhaoiniú.cludach

Tá sé curtha in iúl ag Foras na Gaeilge don ‘Tuairisceoir’ gur “thóg Bord Fhoras na Gaeilge cinneadh gan “An tUltach” agus “Feasta” a mhaoiniú don tréimhse Iúil go Nollaig 2013 tríd an mhaoiniú a chuirtear ar fáil do Chomhaltas Uladh i gcás ‘An tUltach’, agus do Chonradh na Gaeilge i gás Feasta mar chuid de bhunmaoiniú na n-eagraíochta sin.”

“Is é rud, áfach, gur chinn an Bord gur féidir le ‘An tUltach’ agus le ‘Feasta’ iarratais ar leith a dhéanamh chuig Foras na Gaeilge don tréimhse sé mhí sin i dtaca leis an dá iris sin de,” a deir an ráiteas.

Tuigtear dúinn nach bhfuil aon chinnteacht go bhfaighidh ceachtar acu aon mhaoiniú.

Fuair ‘An Tuairisceoir’ an ráiteas seo a…

Amharc ar an alt bunaidh 459 d’fhocla eile

Mo cholún nua i nGaelscéal

Níorbh é an chéad alt ó mo pheann é aiste uaim a foilsíodh in eagrán na seachtaine seo de Gaelscéal ach ba é an chéad mhír i gcolún nua coicísiúil a bheidh agam sa nuachtán. [Leathnach

Cuirfidh sé íontas ar chuid agaibh go mbeadh colún agamsa i nGaelscéal ós rud é go raibh mé go minic ag cáineadh an nuachtáin ar an mblag seo. Is é tús, lár agus deireadh an scéil go bhfuilim – agus go raibh mé – ag iarraidh cuidiú tre comhairle mo thaithí a roinnt ar mhuintir an nuachtáin.

Comhairle é seo atá bunaithe ar ciall ceannaigh, an ciall a cheannaigh mé le mo chuid iarrachtaí agus mé ag obair le Lá/Lá Nua i bpost iriseora agus le cúram an eagarthóra. An rud ba mhó a chur as dom faoin mbealach a laimhseáladh na gnóthaí ar fad faoi Lá Nua, sean Foinse agus an diabhal chonradh don nuachtán, gur fhagadh cuid againn a bhí ag plé leis an ghnó seo ar feadh na mblianta ar leataobh amhail is ná raibh aon rud fiúntach le tairiscint againn don ghnó seo.

Ba rí chuma le Foras na Gaeilge, cheap siad (agus ceapann siad go fóíll) go raibh gach eolas acu. Sílim gur dhein siad dearúd – ní den chéad uair agus, ag tabhairt faoi ndeara an méid atá ag titim amach le hÁIS i nGaelscéal inniu, ní don uair dheireannach. [Ceist agam: An mó uair atá sé luaite san alt inniu gur cuireadh cás faoi bhráid an Fhorais/Ferdia Mac an Fhailigh i mí Feabhra na bliana seo, anuraidh, agus go raibh an freagra céanna: níor tháinig scéal ar ais ó shin – tá macallaí scéal Lá Nua agus Foinse an soiléir ón mhéid sin!]

Ní ar mhaithe le h-airgead a chuaigh mise le h-iriseoireacht na Gaeilge. Agus tá an méid sin fíor faoi go leor daoine a théann leis an ngairm seo. Ní ar mhaithe le h-airgead ná le clú nó cáil. Dá mba rud é gur airgead ba shuim liom bheinn go fóill ag obair leis an BBC i mBéal Feirste. Bhí post buan agam mar iriseoir ar líne ansan agus tuarastal toirtiúíl is incrimintí is pinsean ag dul leis. Nuair a chuas go Lá, bhí orm ísliú mór pá a ghlacadh chun obair in iriseoireacht na Gaeilge, céad shearc mo chroí. Tháinig deireadh le sin i 2008. Lean mé leis an iriseoireacht ón am sin go dtí anois mar chaitheamh aimisre anseo ar an mblag seo agus leanfaidh mé liom ag blagadóireacht go fóíll.

Ach anois tá colún nua agam le Gaelscéal agus tá súil agam go mbeidh rath ar an gcomhoibriú sin amach anseo…..Cá bhfios ach go bhfoghlaimeoidh mé rud nó dhó mé féin…..

Anocht beidh tionól na réaltaí sna meáin Ghaeilge ar bun i nGaillimh agus tá roinnt cáirde de mo chuid féin san iomaíocht. Guím gach rath orthu. Is é mo bharúil, i gcónaí, áfach nach bhfuil morán brí le Gradaim Cumarsáide an Oireachtais mar go bhfuil an chomórtas claonta go mór i dtreo Conamara agus na meáin ansin de bharr an chóras chraiceáilte atá ann chun na buaiteoirí a roghnú.

Is iad seo thíos na daoine ar a mbronfainnse na gradaim, beag bheann ar ghearr liostaí nó eile:

Clár Raidió na Bliana: Blas, BBC Raidió Uladh
Pearsa Raidió na Bliana: Gan bronnadh

Clár teilifíse na bliana: Corp agus anam
Pearsa teilifíse na bliana: Eimear Ní Chonaola as ucht a cathaoirleacht ar Dhiospóireacht na gCeannairí ar TG4

Aisteoir na bliana
Diarmuid de Faoite – Corp agus Anam

Iriseoir na bliana sna meáin clóite
Robert McMillen – Irish News

Colúnaí na bliana
Eoghan Ó Néill, Gaelscéal

Buaic Ghradam Chumarsáide na Bliana
TG4 as ucht Diospóíreacht na gCeannairí – an lucht féachana is mó riamh ag clár Ghaeilge: 600,000

Banríon Shasana, Eilís II, ag tabhairt omóis dár laochra sa Ghairdín Chuimhneacháin.

Radharc stairiúil…..

Banríon Shasana, Eilís II, ag tabhairt omóis dár laochra sa Ghairdín Chuimhneacháin, de réir mar a léiríodh é ar shuíomh nuachta an BBC.

Cad a cheapfadh ‘The Boys of Kilmichael’ faoina leithéid de radharc? Banríon Shasana, Eilís II, ag tabhairt omóis dóibh agus dá gcomhleacaithe ar fad a throid ar son saoirse na hÉireann in Eirí Amach na Cásca, Cogadh na Saoirse agus na réabhlóidí éagsúla roimhe sin.

Má tá cumhacht ag íomhánna, tá cumhacht ar leith leis an íomhá seo nó chrom Banríon Shasana a ceann agus í ag tabhairt omóis do na laochra a throid ar son ár saoirse (fiú nár bhain siad saoirse amach don tír iomlán) agus cuid mhór acu ar áirigh réamhchomharbaí Eilís II mar chomhionann Osama Bin Laden an lae inniu.

Ní h-amháin sin ach is in Aerfort Mhic Easmainn i mBaile Uí Dhónaill láimh le Baile Átha Cliath a thuirling an eitleán ar a raibh Cheann Stáit na Breataine. Is in omós Ruairí Mhic Easmainn a h-ainmníodh an aerphort seo – cé nach bhfuil sin luaite i dtuairiscí an BBC – an Ruairí Mhic Easmainn céanna ar a bronnadh ridireacht trath as a sheirbhís sa Chongó agus a chroch na Sasanaigh i 1916 as ‘tréas’ le linn an Chogaidh Mhóir.

Bí ag caint ar shiombalachas. Ach mar a dúirt an t-é a ndúirt, ní féidir siombail a ithe! Ní bheathaíonn siad na braithre.

Ar ndóigh bhí léirsithe i mBaile Átha Cliath inniu, agóid amháin ag Eirigi agus iad ag déanamh amadáin díobh féin. Stócaigh óga le postaeirí ag fógairt ‘British out of Ireland’ agus na buachaillí céanna ag caitheamh léinte na gCeilteach agus Manchester United. Bhí cuma ólta ar chuid acu freisin.

Bhí léirsiú ag Sinn Féin freisin agus shaor an pháirtí 1000 bhalún dhubh mar chomhartha shiombalach faoi ról na Breataine in Éirinn agus, go h-áirithe, buamáil Bhaile Átha Cliath/Múineacháin, uafás a tharla 37 bliain is an lá inniu agus ina bhfuil amhras mhór go raibh fórsaí na Breataine, na Banríona, páirteach ann.

Tacaím le na h-iarrachtaí atá ar bun an fhírinne maidir leis an mbuamáil seo a thabhairt chun solais. Creidim go raibh lámh ag na Sasanaigh ann, an t-uafás ba mhó le linn na dTrioblóidí ar fad, ár inar maraíodh 34 duine ar an lá amháin.

Ach creidim nach féidir le Sinn Féin an chás a dhéanamh ar son na fírinne a thabhairt chun solais sa chás seo nuair atá pearsaí sa phairtí céanna ag ceilt na fírinne ar sladanna ina raibh na daoine sin páirteach iontu – leithéidí Aoine na Fola i mBéal Feirste, buamáíl Ostán La Mon is go leor maruithe eile.

Creidim go bhfuil meascán mearaí ar Shinn Féin faoin gcuairt seo. Nuair a thagann an Banríon ar chuairt go dtí an chuid den tír atá ó thuaidh den teorainn, ní bhacann siad leí. Ní bhionn agóid nó leath agóid ann faoin gcuairt. Anseo ó dheas tá gach deis á thapú chun píosa bolscaireachta a dhéanamh. Go deimhin tá leas SF á dhéanamh ag an gcuairt seo. Ní h-aon íontas mar sin go bhfuil Gerry Adams idir dhá chomhairle ar an gcuairt, é ag maíomh i mí Feabhra go bhfuil an chuairt ró luath agus mí-adhúil. Ar an Satharn scrígh sé alt san Irish Examiner inar thagair sé do chomhoidhreacht na pobail éagsúla ar na h-oileáin seo, céim sa tre cheart. An lá céanna d’fhill sé ar dhearcadh mhí Feabhra. Anois tá siad ag agóidíocht in aghaidh na cuairte. An ag teacht nó ag imeacht atá an pháirtí – nó an bhfuil a fhios acu?

Tá tacaíocht níos leithne ag feachtas mhuintir na n-iosbartach a maraíodh ar 17 Bealtaine 1974 i mBÁC agus Múineahán agus beidh an cheist á phlé amárach nuair a chasfaidh an Taoiseach ar Phríomh Aire na Breataine.

Ní duine mé a thugann omós do rithe nó do bhanrithe. Is poblachtóír mé. Mar sin féin (ach ní mar Shinn Féin) creidim go raibh dignit agus meas – is comhmheas – san fháilte a fhearadh roimh Eilís II inniu. Bhí sé ceart agus cóir agus guím gach rath ar an gcuid eile den chuairt.

Gerry agus an Bhanríon

Cé a chreidfeadh é? Táimíd beo agus tá rudaí suimiúla ag titim amach timpeall orainn. Ar maidin inniu, foilsíodh alt ó pheann Gerry Adams, Uachtarán Shinn Féin agus polaiteoir atá cáinte agam go minic anseo, ag tabhairt léargas níos soiléire is níos tuisceanaí ar dhearcadh Ghluaiseacht na Poblachta i leith cuairt Bhanríon Shasana ar an gcuid seo den tír an tseachtain seo chugainn.

The Good Friday Agreement is the foundation upon which new relationships between unionists and nationalists and between Ireland and Britain can be forged. It has fundamentally altered the political landscape, levelled the political playing field, removing the despicable Government of Ireland Act and opening up a peaceful, democratic route to a united Ireland.

And because nationalists and unionists are governing the North, decisions affecting the lives of people there are increasingly being made in Ireland and not in Britain.

Republicans want to continue and to accelerate this process.

The united Ireland that republicans seek to build encompasses all the people of this island, including unionists.

It will be a pluralist, egalitarian society in which citizens’ rights are protected and in which everyone will be treated equally.

Sinn Féin wants a new republic. That of course, is a matter for the people of this island to decide.

But no matter how we shape our society, the new Ireland must embrace our island’s diversity in its fullest sense.

This includes English and Scottish influences, the sense of Britishness felt by many unionists, as well as indigenous and traditional Irish culture and the cultures of people who have come to Ireland in recent times.

Ireland and England are not strangers to each other. We should build on what we have in common while at the same time respecting each other’s sovereignty and independence.

I want to see a real and meaningfully new and better relationship between the peoples of Ireland and Britain, one built on equality and mutual respect. Republicans have been to the forefront in working to bring this about and we will continue to do so.

The visit by the Queen of England provides a unique opportunity for the British establishment to make it clear that this is its intention also.

If this is the case it will be a matter of considerable pleasure, not just for her majesty but for the rest of us as well.

Níl focal sa mhéid sin nach n-aontaím leis. Níl sé i gceist agam a bheith i lathair nó ag faire ar an dteilifís ar an gcuairt seo an tseachtain seo chugainn mar go mbeidh mé ró ghnóthach. Ar an láimh eile, ní bheidh mé ag freastal ar aon agóid ina choinne ach an oiread, ar an údar chéanna.

Shíl mé go raibh an dearcadh a bhí á nochtadh ag SFéinithe ar an idirlíon, ar Facebook is a leithéid, mí-aibí agus mícheart. Anuas ar sin bhí siad ag léiriú chomh dúr agus ‘off message’ a bhí na poblachtóírí céanna.

Má tá SF i Rialtas leis an DUP ó thuaidh, cad is fiú dóibh bheith ag maslú na Banríona agus an chóras monarcachta nuair atá’s acu go bhfuil dúil mhór ag a gcomhpháirtithe sa Rialtas ina léithéid. Fiú má bhionn na DUPaigh ag maslú na Gaeilge agus pobal na Gaeilge mar a bhionn, ní h-aon chúis é sin dul síos sa chlabar leo.

Táim ag gabhail den phort seo le tamall agus níl a fhios agam an admhóidh Gerry Adams gur ‘athrú poirt’ atá déanta aige agus más amhlaidh gurb é, go raibh sé ag tabhairt cluas don mhéid a bhí le rá agamsa. Gach seans gur tháinig sé ar an dtuiscint é féin, pé rud eile a dhéarfaidh mé faoi, ní cheapaim go bhfuil sé dúr is gan tuiscint, murab ionann agus cuid dá leantóirí.

I bhfianaise an méid a dúirt ceannaire an UUP an tseachtain seo chaite, tá ráiteas Gerry Adams ar maidin inniu tar éis an talamh ard mhorálta a bhaint amach arís do féin agus dá pháirtí. Beidh le feiscint an ndéanfaidh Sinn Féin beart de réir briathar Gerry Adams agus, mar sin, go gcoinneoidh siad an talamh ard seo ar feadh seal eile.

Má tá focal ‘diultach’ amháin le rá agam, is é seo é. Tá sé deacair a shamhlú go ndéarfaidh Banríon Shasana rud ar bith faoin ról a bhí ag a forsaí armtha in eachtraí ar nós Buamáil Bhaile Atha Cliath agus Mhúineacháin agus eisean ina thost faoi a ról san IRA agus in eachtraí fuilteacha ar nós Aoine na Fola, marú Jean McConville is eile.

Mar sin féin, ós rud é go bhfuil an Banríon ag tabhairt cuairte ar Ghairdín an Chuimhneacháin agus ar Pháirc an Chrócaigh, gach seans go mbeidh rud éigean le rá aici. Tá macallaí na staire chomh tréan sa dhá shuíomh sin gur deacair iad a shéanadh.

Sa scánnán thíos, tá sé faoi agallamh ag tuairisceoirí faoin alt seo agus na tuairimí a nochtar ann. Tabhair faoi ndeara gur seirbhís iomlán Bhéarla atá in Irish Republican TV!

Roinn an Chultúir ag Sinn Féin

Is cosúil go bhfuil Roinn an Chultúir, Ealaíon agus Foilliochta roghnaithe ag Sinn Féin San Fheidhmeannas ó thuaidh. Ní ainmneofar na hAirí go dtí Dé Luain.
Ós rud é go raibh mé glórach ag cáineadh SF roimhe seo nuair a lig siad le buachaillí chúinne an DUP, Edwin Poots, Gregory Campbell agus Nelson McCausland faoi sheach an Aireacht le cúram na Gaeilge a ghlacadh (agus a scrios!), táim chun rud éigean a rá faoin gcinneadh seo.
Deascéal a bheadh tugtha agam air roimhe seo – ach ní anois.
Tá sé ró dhéanach. Tá an dochar déanta. Tá an Ghaeilge anois ceangailte leis an Ultais mar a bheadh cúpla ó Shiam. Liacht pholatúil de ard scil atá ag teastáil chun iad a scarúint agus an teanga a thabhairt slán. I bhfianaise a léirigh SF faoi chás daltaí Choláiste Feirste I gContae an
Dhúin, tá mé go mór in amhras go bhfuil an cumas – nó an toil – iontu beartú dá réir.