Gorta
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Tréimhse ghanntanas bia ina dtarlaíonn míchothú forleathan, ocras dian, agus bás dá bharr. Ní bhíonn aon chúis amháin leis, ach cuireann cúiseanna nádúrtha leis, cosúil le teip an bhairr i ndiaidh báistí nó triomaigh, chomh maith le cúinsí polaitiúla nó eacnamaíochta, nó cogadh. Tarlaíonn sé fiú nuair nach mbíonn ganntanas bia ann ach nach mbíonn an bia ar fáil ag cuid den phobal. Mar seo a bhí an gorta i gcúige Welo san Aetóip i 1972-1974: bhí bia sna margaí, ach ar phraghas a bhí ró-ard do mhuintir an cheantair.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |