Is é Mars (uaireanta Máirt) an ceathrú pláinéad ón ngrian sa ghrianchóras. Dearg an príomhdhath a aithníonn súil an duine ar Mhars, agus is gnách "an pláinéad dearg" a thabhairt air. Bheadh sé chomh maith againn "an pláinéad rua" a thabhairt air, áfach, nó is é rua na meirge atá i gceist dáiríre: tá dromchla Mharsa saibhir go maith in iarann. Tá uisce ar fáil ar Mhars, siúd is go bhfuil sé sioctha síos inniu. Ceist mhór í i gcónaí, an bhfuil, nó an raibh, aon chineál beatha ar Mhars riamh. An cineál arrachtaigh a d'fheicfeá ar leathanaigh na leabhar le H. G. Wells nó Edgar Rice Burroughs, is léir nach raibh siad ann riamh go bhfios dúinn, ach tá na saineolaithe i bhfad níos dóchasaí as beatha aoncheallach de chineál éigin, ar aon leibhéal le baictéir nó aiméibí, cuir i gcás.
Tá an pláinéad ainmnithe as dia Rómhánach an chogaidh. Tugtar Ares ar an dia céanna as Gréigis, agus sin é an fáth go n-úsáidtear an téarma úd areolaíocht uaireanta, nuair atáthar ag trácht ar staidéar geolaíoch an phláinéid seo. Ós rud é go bhfuil a fhios ag an gcine daonna ó thús ama go bhfuil Mars ann ... [ Níos mó ]
Ciclipéid shaor is ea an Vicipéid a óstálaítear ag an bhfondúireacht neamhbhrabúis Wikimedia. Tá go leor tionscadail ilteangachasaor-ábhair eile ag Wikimedia: