Leathar
Seithe mamaigh, reiptíle nó éin, coirtithe chun í a chaomhnú is a dhéanamh solúbtha crua, is ea leathar. Sa phróiseas coirtithe, baintear an ghruaig den tseithe ar dtús, coirtítear í le tainnin, cróm nó alúm, déantar solúbtha í le geir, agus ar deireadh críochnaítear an dromchla le glónrú, dathú, laicearú, cabhradh is/nó svaeidiú. Scoiltear an tseithe le meaisín ina dhá chiseal, ciseal colainne is ciseal seachtrach, chun tiús cuí leathair a fháil. Bíonn leathar frithsheasmhach i gcoinne meathlaithe, fiú nuair a fhliuchtar is a thriomaítear arís is arís eile é, tréith a bhraitheann ar a struchtúr snáithíneach póiriúil. Déantar leathar Mharacó as seithe gabhair, a shnastar go críochnaithe. Dhéantaí leathar seamaí as seithe fiaghabhair, ach anois úsáidtear seithí eile a scoiltear is a choirtítear chun a mboige a fheabhsú. Déantar ábhair shaorga anois le struchtúr póiriúil cosúil le leathar.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |