Rialtas

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Córas rialaithe ina bhfuil grúpa daoine ceaptha chun tír a rialú is ea Rialtas. Bíonn cumhacht ag Rialtas rialacháin agus reachtaíocht a fheidhmiú agus a fhorghníomhú in eagraíochtaí nó i ngrúpaí shibhialta, chorparáideacha, reiligiúnda,agus acadúla. Go hiondúil, bíonn rialtas comhdhéanta de leibhéil éagsúla , lena n-áirítear rialtas áitiúil , rialtas réigiúnach , agus rialtas náisiúntalárnach.

Sonra ó Elihu Vedder, Rialtas (1896). Leabharlann Congress, SAM Foirgneamh Thomas Jefferson , Washington, D.C.

Cineálacha rialtas[athraigh | athraigh vicithéacs]

  • Ainrialtacht-Easpa nó ceal rialtais.
  • Daonlathas - Rialú rialtais ina mbíonn cumhacht ag na daoine agus iad i gcumhacht. Is féidir leo féin ( daonlathas díreach) nó a n-ionadaithe (daonlathas ionadaíoch), bheith i gcumhacht.
  • Comhshochaíocht Daonlathas comhshochaíochtúil ina mbíonn ionadaíocht ráthaithe ag grúpaí mionlaigh. Is minic a moltar an cineál rialtais seo chun coinbhleacht a réiteach, i gcásanna ina mbíonn sochaithe scoilte go domhain. Féachtar ar an téarma 'cumhachtroinnt' mar théarma comhchiallach, cé go teicniúil níl ann ach cineál amháin den cumhachtroinnte.
  • Forlámhas- Duine amháin ag rialú, agus na daoine ina ngéillsinigh nó ina sclábhaithe aige/aici.
  • Deachtóireacht -Duine uilechumhachtach ag rialú na tíre.
  • Monarcacht - Duine amháin ag rialú agus a bhfuair an ról trí oidhreacht. Beidh a pháiste/paiste is sine ina léiroidhre.
  • Olagarcacht -Grúpa beag daoine leis an suim chéanna acu nó atá gaolta lena chéile i gceannais.
  • Plútacratachas - Rialú i lámha an lucht rachmais.
  • Dialathas -Rialú i lámha scothghrúpa reiligiúnach.

Tagairtí[athraigh | athraigh vicithéacs]