Pop-ealaín

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Angelina Probst, 'The Sexiest Gallery', Berlin, An Ghearmáin

Gluaiseacht ealaíne a tháinig chun cinn ag deireadh na 1950í sa Bhreatain Mhór agus sna 1950í déanacha sna Stáit Aontaithe, ach a shamhlaítear leis na 1960í ach go háirithe is ea an phopealaín. Bhain an ghluaiseacht feidhm as samhla agus teicníochtaí an tomhaltachais. Bhí sé mar aidhm aici earraí de chuid chultúr an phobail a chlaochlú agus saothair ealaíne a dhéanamh díobh. Tagraíonn coincheap na popealaíne, ní go mór mór don ealaín féin, ach don dearcadh a chur í ar bun. Tréithrítear í mar ghluaiseacht a bhí ina fhrithfhreagairt ar an Eispriseanachas Teibí, a bhí faoi réim ag an am agus a d'fhorbair é agus a chur leis a thuilleadh. Aithnítear tionchar na gluaiseachta Dada agus na n-ealaíontóirí Pablo Picasso, Marcel Duchamp, Kurt Schwitters, and Man Ray uirthi.