Hearóin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Démhoirfín, díorthach moirfín a saothraíodh ar dtús i 1896. Ceapadh ag an am gur thámhshuanach neamhandúile é. A mhalairt ar fad ab fhíor, rud a fuarthas amach go luath. Úsáidtear é chun faoiseamh a thabhairt do dhaoine le han-phian i gcúram foirceanta. Ach tá cosc ar a úsáid i gcuid mhaith tíortha, na Stáit Aontaithe ina measc. Baintear mí-úsáid as go forleathan.