Neon

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Neon
Siombail Cheimiceach Ne
Uimhir Adamhach 10
Meáchan Adamhach 20.1797(6) g·mol
Grúpa, Peiriad 18, 2, p
Dlús 0.9002 g/L
Sraith Cheimiceach Triathgháis
Ne-TableImage.png

Is é an neon dúil cheimiceach uimhir a deich, agus is í an tsiombail cheimiceach atá aige ná Ne. Is triathghás é, agus mar sin, ní bhíonn comhdhúile ceimiceacha ar bith aige. Faoi ghnáth-imthoscaí, níl dath ar bith sa neon, ach is féidir é a úsáid le solas dearg a ghineadh i bhfeadáin folús-díluchtúcháin agus i neonlampaí. Is féidir é a úsáid le haghaidh cuisniú freisin. Baintear as an aer é le freastal ar riachtanaisí na teicneolaíochta, ach níl sé flúirseach san atmaisféar. Tá trí iseatóp cobhsaí aige, mar atá, 20Ne, 21Ne agus 22Ne, agus is é an chéad cheann acu an ceann is fairsinge.

Electron shell 010 Neon.svg