CNN

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Ceannáras CNN in Atlanta, sna Stáit Aontaithe

Cainéal nuachta Meiriceánach teilifíse agus saitilíte is ea The Cable News Network (Líonra Cábla Nuachta) nó CNN mar is fearr aithne air. Is é Turner Broadcasting System, cuid de Time Warner, úinéar an chainéil. Cainéal cábla nuachta 24 huaire atá ann. Ted Turner a bhunaigh CNN sa bhliain 1980. B'é an chéad chainéal teilifíse a chuir nuacht ar fáil 24 huaire a chloig sa lá, agus an chéad chainéal lán-nuachta sna Stáit Aontaithe.

Tá ceanncheathrú CNN suite in Atlanta, Georgia, ach craoltar ó áiseanna de chuid an chainéil i gCathair Nua-Eabhrac, Washington, D.C. agus Los Angeles.

Naisc sheachtracha[athraigh | athraigh vicithéacs]