Beathnua

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Beathnua
Beathnua nó luibh Eoin Baiste
Beathnua nó luibh Eoin Baiste
Aicmiú eolaíoch
Ríocht: Plantae
Aicme: Rosids
Ord: Malpighiales
Fine: Hypericaceae
Géineas: Hypericum
Linnaeus.
Speiceas: H. perforatum
Ainm déthéarmach
Hypericum perforatum

Planda bliantiúil nó ilbhliantúil, uaireanta ina thom é Beathnua. Luibh Eoin Baiste a thugtar air freisin, agus luaitear le Colm Cille is Muire chomh maith é. Tá sé dúchasach ar fud na réigiún measartha is na sléibhte trópaiceacha. Na duilleoga breactha le faireoga, urchomhaireach nó bíseach, an-chaol nó ubhchruthach. Na bláthanna go minic mór feiceálach, buí le 5 pheiteal is an-chuid staimíní. Capsúl nó caor an toradh. An-chuid úsáidí aige mar luibh sa sean-am: cosaint ar asarlaíocht is oilc eile, agus luibh íce. Chuir Bord Leigheasra na hÉireann cosc ar a dhíol in Éirinn mar chógas leighis i 2001, mar gheall ar na drochiarmhairtí a fhéadfaidh a bheith aige, go mór mór nuair a bhíonn cógais eile leighis in úsáid ag duine ag an am céanna.