Dubai

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Dubai
' إمارة دبيّ'
Dubai
Suíomh

25°16′ Thuaidh 55°20′ Thoir

Rialtas
Tír: Flag of the United Arab Emirates.svg AEA
Éimíríocht: Dubai
Éimír: Mohammed bin Rashid Al Maktoum
Déimeagrafaic
Achar: 4,114 km²
Daonra: 2,261,995
Dlús daonra: 408.18/km²
Crios ama: UTC+4
www.dubai.ae

Cathair mhór is ea Dubai in Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha. Is é Mohammed Bin Rashid Al Maktoum rialtóir Dubai. Is cathair shaibhir í. 1,422,000 an daonra a bhí ag Éimíríocht Dubai i 2006, níos mó ná ceann ar bith eile in Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha.

Eacnamaíocht[athraigh | athraigh vicithéacs]

eacnamaíocht laidir ag Dubai. Thosaigh sì le peitrilliam agus gás nádúrtha. Tá trádáil, monaraíocht, turasóireacht agus seirbhísí airgeadais níos tábhachtaí anois, áfach.

Tíreolaíocht[athraigh | athraigh vicithéacs]

Tá an chathair suite ar chósta an Aontais, in aice le Murascaill na Peirse. Clúdaíonn éimiríocht Dubai 4114km². Tá Dubai suite i bhFásach na hAraibe, agus is te an aeráid atá ag an éimiríocht.

Stair[athraigh | athraigh vicithéacs]

Sa 19ú h-aois, bhunaigh clann Al Abu Falasa éimiríocht Dubai. Cleithiúnaí Abu Dhabi ab ea Dubai go dtí 1833, nuair a tháinig clann Al Maktoum go Dubai ó Abu Dhabi. Cuid d’Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha ab ea Dubai ó 1971 ar aghaidh, nuair a d’fhág a cosantóir, an Ríocht Aontaithe, Murascaill na Peirse.