YouTube
YouTube | |
Saghas comhlachta | Fochuideachta (Google Inc.) |
Bunaithe | Feabhra 2005 |
Suíomh | San Bruno, California, SAM |
Tír (Tíortha) | SAM |
Daoine lárnacha | Chad Hurley, Steve Chen, Jawed Karim |
Méid fostaithe | ? |
Tionscail | Craoltóireacht, comhroinnt físeáin |
Láithreán gréasáin | youtube.com |
Is suíomh gréasáin comhroinnte físeán é YouTube. Is féidir le húsáideoirí físeáin a uaslódáil agus a chomhroinnt, chomh maith le féachaint ar na físeáin chéanna.
Bíonn an chuid is mó de na físeáin á gcruthú ag na húsáideoirí féin agus bíonn gearrthóga scannán, gearrthóga teilifíse agus físeáin cheoil ina measc, chomh maith le hábhar amaitéarach amhail físbhlaganna agus ábhar bunaidh físeán na n-úsáideoirí féin. Is áis é atá saor in aisce agus ní gá clárú ar an suíomh le féachaint ar na físeáin, cé gur gá clárú le breathnú ar fhíseáin shrianta áirithe.
Is fochuideachta de chuid Google é. Tá ceanncheathrú an chomhlachta suite in San Bruno, California.
Clár ábhair
Teicneolaíocht[athraigh | athraigh vicithéacs]
Úsáideann Youtube teicneolaíocht HTML5 chun réimse leathan d'ábhair físeáin a thaispeáint. Bhain an chomlacht úsáid as Adobe Flash Video cheana.
Stair[athraigh | athraigh vicithéacs]
Chuir iarfhostaithe de chuid PayPal tús le Youtube sa bhliain 2005. D'fhorbair Meiriceánaigh darb ainm Steve Chen, Chad Hurley agus Jawed Karim YouTube i rith 2005, chun comhroinnt físeán a éascú ar an Idirlíon. Cheannaigh Google an comhlacht Youtube ar $1.65 billiún i Samhain 2006.
Thuairiscigh anailísí de chuid Bank of America sa bhliain 2015 gur fiú $70 billiún an suíomh Youtube ag an am sin[1].
Naisc sheachtracha[athraigh | athraigh vicithéacs]
Tagairtí[athraigh | athraigh vicithéacs]
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |