Vicipéid:Cúrsaí reatha
2016[athraigh vicithéacs]
27 Feabhra[athraigh vicithéacs]
Searmanas ann chun duaiseanna Oscars a bhronnadh. Bhuaigh Ben Cleary duais don ghearrscannán beo-aicsin Stutterer. Bhuaigh Brie Larson duais don aisteoir mná is fearr. Bhí ról aici sa scannán Éireannach Room.
2015[athraigh vicithéacs]
24 Meán Fómhair[athraigh vicithéacs]
Fuair breis is 700 duine bás agus gortaíodh 800 duine, agus iad ag déanamh an Hajj, oilithreacht Moslamach, i Meice, san Arab Shádach. Telegraph Londan
22–24 Meán Fómhair[athraigh vicithéacs]
Thug an Pápa Proinsias cuairt ar na Stáit Aontaithe. Thug sé óráid os comhair Chomhdhála SAM i Washington, D.C. ar 24 Meán Fómhair agus dúirt sé Aifreann i Madison Square Garden i gCathair Nua-Eabhrac ar an 25ú lá. The Washington Post
19–22 Meán Fómhair[athraigh vicithéacs]
Thug an Pápa Proinsias cuairt ar Chúba. Ar 21 Meán Fómhair dúirt sé an tAifreann i Plaza de la Revolución i Havana.
15 Meán Fómhair[athraigh vicithéacs]
Bhí staid éigeandála fógraithe ag an Ungáir, toisc go raibh os cionn 200,000 teifeach agus imirceach tar éis a mbealach a dhéanamh isteach sa tír i mbliana.[1]
15 Meán Fómhair[athraigh vicithéacs]
Thosaigh scannánaíocht don scannán Star Wars ar Sceilg Mhichíl ar feadh trí lá don dara huair le breis is bliain.[2]
11 Meán Fómhair[athraigh vicithéacs]
Thit crann tógála thíos ar an Masjid al-Haram, nó an Mosc Mór, i Meice, san Araib Shádach. Fuair 111 duine bás agus rinneadh damáiste don fhoirgneamh. ABC News
11 Meán Fómhair[athraigh vicithéacs]
Dúnadh mótarbhealach an Ostair i ndiaidh do líon mór teifeach iarracht a dhéanamh a mbealach a dhéanamh chuig an bpríomhchathair, An Vín. Bhí na teifigh ag trasnú ó theorainn na hUngáire. Nuacht RTÉ
10 Meán Fómhair[athraigh vicithéacs]
Dúirt an tAire Dlí is Cirt Frances Fitzgerald go gcuirfidh Éire fáilte roimh 4,000 teifeach faoi Chlár Chosanta Teifeach na hÉireann. Nuacht RTÉ
9 Meán Fómhair[athraigh vicithéacs]
Bhí ball sinsearach de Shinn Féin, Bobby Storey gafa maidir le fiosrúchán dúnmharaithe Kevin McGuigan Nuacht RTÉ
9 Meán Fómhair[athraigh vicithéacs]
D’éirigh an bhanríon Eilís II na Ríochta Aontaithe ar an mbanríon is faide i réim I Sasana ar an lá seo. [3]
29 Lúnasa [athraigh vicithéacs]
Phléasc an grúpa a thugann Stát Ioslamach orthu féin, an teampall atá áirithe i measc na seoid is mó cáil i gcathair ársa Palmyra i Siria. Ba seo an teampall ba thábhachtaí do mhuintir na Siria agus do thurasóirí arao.n Nuacht RTÉ
27 Lúnasa [athraigh vicithéacs]
Bhí 200 duine ar a laghad básaithe anois sa Mheánmhuir agus iad ag iarraidh an fharraige sin a thrasnú Nuacht RTÉ
27 Lúnasa [athraigh vicithéacs]
Fuarthas leoraí tréigthe, lámh le teorainn na hUngáire, le breis is 70 corp dreoite. 59 fear, ochtar ban agus ceathrar páistí a bhí i gcúl an leoraí, cailín bliain d'aois ina measc Nuacht RTÉ
12 Lúnasa [athraigh vicithéacs]
Lámhachadh agus dúnmharaíodh Kevin McGuigan, iar-bhall den IRA ag a theach i mBéal Feirste. Athair naonúr clainne, 53 bliain d'aois a bhí ann. Nuacht RTÉ
10 Lúnasa [athraigh vicithéacs]
Ina 11ú tarrtháil ó thosaigh sí ag obair sa Mheánmhuir, phioc an LÉ Niamh1 25 inimircigh ó bhád inséidte a raibh an iomarca daoine ar bord amach ó chósta Libia. Bhí 26 ban agus 7 páistí i measc na ndaoine a tháinig ón Afraic fho-Shahárach, An Nigéir, Gána, Mailí, Tóga agus An Cósta Eabhair ina measc. Dúirt Leifteanant-Cheannasaí Caoimhín Mac Unfraidh ón tSeirbhís Chabhlaigh nár bhain gortú le héinne. Aistríodh 375 daoine eile ón long Iodálach an Mimbelli ina dhiaidh sin.
7 Lúnasa [athraigh vicithéacs]
Gabhadh triúr ón Libia agus beirt ón Ailgéir agus gáinneáil ar dhaoine curtha ina leith. Dhá lá roimhe, bádh 200 imirceach sa Mheánmhuir i ndiaidh dá long iompú bun os cionn. Nuacht RTÉ
5 Lúnasa [athraigh vicithéacs]
Bádh 200 imirceach sa Mheánmhuir i ndiaidh dá long iompú bun os cionn. I bPalermo na Sicile Nuacht RTÉ. Chuaigh an LÉ Niamh i gcabhair le bád iascaireachta. Tuairiscítear go raibh 700 ar bord. Lainseáil an LÉ Niamh dhá bhád inséidte ach sular shroich siad an bád chuaigh sé béal faoi san uisce. Tógadh 367 daoine agus 25 chorp ar bord ón uisce agus tá baol ann gur bádh níos mó ná 185 daoine. Bhí Dignity 1, bád de chuid Médécins Sans Frontières (MSF), agus na longa Iodálacha an Sirio agus an Mimbelli ag cuidiú leis an tarrtháil. Newstalk => Éíst le Leifteanant-Cheannasaí Caoimhín Mac Unfraidh ón tSeirbhís Chabhlaigh ag caint faoin tarrtháil ar Newstalk
4 Lúnasa [athraigh vicithéacs]
In Aerfort Bhaile Átha Cliath cuireadh fáilte mhór abhaile roimh na lúthchleasaithe Éireannacha a bhí páirteach sna Cluichí Speisialta Oilimpeacha 2015 i Los Angeles. D'éirigh leis na 88 lúthchleasaí 82 bonn ar fad a thabhairt abhaile leo, 26 bonn óir, 28 bonn airgid agus 28 bonn cré umha. Nuacht RTÉ
1 Lúnasa [athraigh vicithéacs]
D'fhreastal na sluaite ar chómóradh 100 bliain ó adhlacadh Diarmuid Ó Donnabháin Rossa i Reilig Ghlas Naíon Nuacht RTÉ
31 Iúil [athraigh vicithéacs]
Gearradh téarmaí príosúnachta idir 18 mí agus 3 bliana ar thriúr iar-fheidhmeannach le Banc Angla-Éireannach. Nuacht RTÉ
28 Iúil [athraigh vicithéacs]
Rialaigh Eurostat (áisíneacht staitisticí an Aontais Eorpaigh nach féidir an maoiniú stáit atá faighte ag Uisce Éireann a bhaint as clár comhordaithe an státchiste. Nuacht RTÉ
28 Iúil [athraigh vicithéacs]
Tháinig cruinniú mullaigh an Aontais Eorpaigh ar shocrú faoin Sásra Cobhsaíochta Eorpach don nGréig atá réidh le cur i bhfeidhm agus a chuimsíonn leasuithe airgeadais agus cúnamh airgeadaíochta.
24 Iúil[athraigh vicithéacs]
Tharrtháil an LE Niamh 243 imirceach a bhí ag iarraidh an Mheánmhuir a thrasnú ó chósta na hAfraice. Rinneadh an tarrtháil 80 ciliméadar siar ó thuaidh de phríomhchathair na Libia, Tripilí. Tuairiscítear go raibh 183 fear, 33 bean agus 27 páistí ar bord an bháid adhmaid beag. TheJournal.ie
Níos déanaí an lá céanna, agus an 243 fós ar bord chuidigh an LÉ Niamh le tarrtháil eile ó bháirse a d´fhág cósta na Libia go luath ar maidin. Tógadh 210 inimircigh ar bord, 35 páistí ina measc. Tógadh na daoine eile ar bord long de chuid Médecins Sans Frontières, an MV Dignity. Níos déanaí fuarthas 14 marbh i mbolg an bháid tar éis do gach duine eile a aistriú ón mbáirse. Creidtear go bhfuair siad bás de bharr aisfisce nó gur brúdh chun bháis iad. Tógadh na daoine a tarrtháladh go calafort Messina, an tSicil. Irish Times
20 Iúil[athraigh vicithéacs]
Tharrtháil an LÉ Niamh 265 daoine, 13 ban agus 8 páistí ina measc ó bháirse adhmaid amach ó chósta Tripilí. Níos déanaí an lá sin ghlac sí le 114 daoine ó MV Dignity, long de chuid Médecins Sans Frontiéres. Bhí 14 de na mná ag iompar agus bean amháin, Grace, i dtinneas clainne. Rugadh a leanbh agus í ar bord agus ghlaoigh sí Destiny uirthí. Tógadh máthair agus leanbh chuig ospidéal sa tSicil agus na daoine eile go Palermo. Irish Times
19 Iúil[athraigh vicithéacs]
Tharrtháil an LÉ Niamh 98 duine ó bhád inséigthe 76 muirmhíle amach ó chósta Tripilí 265 daoine ó bhád inséigthe an lá dár gcionn. over-360-migrants-in-mediterranean-1.2290934 Irish Times
15 Iúil[athraigh vicithéacs]
Thosaigh an bád cabhlaigh LÉ Niamh (faoi Leifteanant-Cheannasaí Daniel Wall) ag obair sa Mheánmhuir ó lár an tsamhraidh ag tarrtháil agus ag cuidiú le hinimircigh atá ag teitheadh ó fhoréigean, éagóir nó bochtanas ina dtíortha féin. Is í an dara bád cabhlaigh Éireannach atá ar dhualgais tarrthála sa Mheánmhuir ó mhí na Bealtaine. Chaith an LÉ Eithne sé seachtain amuigh ann roimhe sin agus tuairiscítear gur shábháil sí 3,400 inimircigh i rith na tréimhse sin . Is go Meán Fómhair a bheidh cabhlach na hÉireann ag cabhrú sa Mheánmhuir ach seans go mbeidh síneadh á chur leis sin. Irish Examiner
15 Iúil [athraigh vicithéacs]
Bhí páirtí nua polaitíochta ar a dtugtar ' Na Daonlathaigh Shóisialacha' seolta ag na Teachtaí Dála Stephen Donnelly, Catherine Murphy agus Róisín Shortall. Nuacht RTÉ
14 Iúil [athraigh vicithéacs]
Bhí réiteach déanta ag An Iaráin le sé cinn de na Cumhachtaí Móra i gcomhráití núicléach tar éis breis is deich mbliana taidhleoireachta. Nuacht RTÉ
13 Iúil [athraigh vicithéacs]
Bhí socrú faoi chúnamh airgeadais déanta idir an tAontas Eorpach agus an Ghréig Nuacht RTÉ
13 Iúil [athraigh vicithéacs]
Seoladh córas cóid poist, Eircode Nuacht RTÉ
10 Iúil[athraigh vicithéacs]
D'fhág an LÉ Niamh cósta na hÉìreann ar 10ú Iúil le criú de 57, beirt oibrithe leighis ina measc. Dúirt urlabhraí de chuid Eagraíocht Idirnáisiúnta na nImirceach Itayi Virri go raibh 2,000 inimircigh báite go dtí seo sa bhliain 2015 agus iad ag iarraidh an Mheánmhuir a thrasnú. De réir eolais ó Aireacht Intíre na hIodaíle bhí smuigléirí daoine, ón Libia den chuid is mó, freagrach as níos mó ná 100,000 inimircigh a sheoladh trasna na farraige chun na hIodáile i mbliana.
5 Iúil[athraigh vicithéacs]
Chaith 61.3% de vótálaithe na Gréige a vótaí i gcoinne na mbearta déine a mhol an tAontas Eorpach agus an Banc Ceannais Eorpach don tír.(Reuters)
I Vancouver Cheanada rug foireann na Stát Aontaithe an bua i gCorn Domhan (FIFA) na mBan ar fhoireann na Seapáine, 5-2. (BBC)
19 Meitheamh[athraigh vicithéacs]
Dhúnmharaigh Dylann Roof naonar i séipéal i Charleston i stát Carolina Theas.
Rinne an grúpa aerlínte IAG go raibh tairiscint de €1.4 míle milliún déanta aige do Aer Lingus. Ghlac an Rialtas Éireannach an tairiscint IAG i dtaca leis an úinéireacht 25% a bhí aige féin in Aer Lingus ar an 26 Bealtaine 2015.
18 Meitheamh[athraigh vicithéacs]
'Ní mór gníomhú láithreach ar son an chomhshaoil' a dúirt an Pápa Proinsias (atá oilte sa cheimic) i litir a scríobh sé chuig na hEaspaig.
16 Meitheamh[athraigh vicithéacs]
Tubaiste i mBerkeley, California: Bhásaigh seisear mic léinn as Éirinn nuair a thug balcóin in árasán uaidh. Bhí seachtar eile gortaithe go dona.
12 Meitheamh[athraigh vicithéacs]
Leachtaíodh an comhlacht Clerys go tobann agus bhí an siopa i Sráid Uí Chonaill i mBaile Átha Cliath dúnta. Chaill 460 duine a gcuid postanna. Ghlac an comhlacht Natrium seilbh ar fhoirgneamh Clerys.
23 Bealtaine[athraigh vicithéacs]
Ghlac móramh na vótálaithe le pósadh comhghnéis i reifreann i bPoblacht na hÉireann. Ba í Éire an chéad tír ar domhan inar vótáil an pobal féin ar son pósadh aon inscne. (TG4, Reuters)
20 Bealtaine[athraigh vicithéacs]
Tarrtháladh na céadta imirceach ón mBanglaidéis agus imircigh Rohingya i gcúige Aceh in Iarthuaisceart na hIndinéise.
19 Bealtaine[athraigh vicithéacs]
Thug an Prionsa Séarlas na Breataine Bige cuairt ar Éirinn. Chroith Prionsa Séarlas agus ceannaire Shinn Féin Gerry Adams láimh lena chéile ag ócáid in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Ghabh an Prionsa buíochas as bhfáilte mhór chroíúil a cuireadh roimhe fhéin. An lá dar gcionn, thug an Prionsa cuairt ar an Mullach Mór i gContae Shligigh, áit ar maraíodh a sheanuncail an Tiarna Mountbatten agus triúr eile in ionsaí buamála a rinne an tIRA Sealadach i 1979.
18 Bealtaine[athraigh vicithéacs]
I Waco, Texas, maraíodh 9 agus gortaíodh 18 tar éis de dhíormaí gluaisrothaithe a bheith ag scaoileadh futhu agus tharthu i gcarrchlós teach tábhairne. Bhí 192 duine gafa ag póilíní.
15 Bealtaine[athraigh vicithéacs]
D'imigh an ceoltóir B.B. King ar shlí na fírinne. Áirítear é i measc na seinnteoirí giotár is fearr a mhair riamh[4]. Chuaigh i gcionn ar ghlúin iomlán seinnteoirí.
13 Bealtaine[athraigh vicithéacs]
D'imigh Derek Davis, léitheoir nuachta agus láithreoir clár siamsaíochta in RTÉ, ar shlí na fírinne.
Sheol an Coimisiún Eorpach moltaí le dul i ngleic le géarchéim na n-imirceach, go nglacfadh tíortha uile an Aontais Eorpaigh le céatadán faoi leith imirceach ; i gceist 20,000 imirceach a ligean isteach san Eoraip na hEorpa as seo go ceann dhá bhliain.
25 Aibreán[athraigh vicithéacs]
Bhuail crith talún Neipeal agus áiteanna lámh leis. Measadh é a bheith ag 7.8 ar an ngáthscála (MMS) i gcomhar critheanna talún. Fuair na mílte bás.([1])
22 Aibreán[athraigh vicithéacs]
Phléasc an bolcán Calbuco sa tSile. Bhí iontas ar na saineolaithe mar níor phléasc an bolcán seo le caoga bliain anuas.
19 Aibreán[athraigh vicithéacs]
Thairg Rialtas na hÉireann cabhair do Rialtas na hIodáile le géarchéim na n-inimirceach tar éis bádh breis is 850 nuair a chuaigh bád béal faoi, 85km amach ó chósta Libia i mí Aibreán 2015. Guardian
24 Márta[athraigh vicithéacs]
Thuairt eitleán le Germanwings sa Fhrainc. Maraíodh 144 paisinéir agus seisear criú a bhí ar an eitleán Airbus A320. Stiúraigh an comhphíolóta, Andreas Lubitz d'aon turas an t-eitleán i dtreo sléibhte na nAlp. B'as an Ghearmáin agus an Spáinn formhór na ndaoine a maraíodh. Bhí an t-eitleáin ag dul ó aerfort Bharcelona agus go Düsseldorf sa nGearmáin.
6 Márta[athraigh vicithéacs]
- Shroich Dawn, spásárthach de chuid NASA, an t-abhacphláinéad úd Ceres agus chuaigh sí i bhfithis timpeall air.(AP, JPL/NASA)
7 Eanáir[athraigh vicithéacs]
- D’ionsaigh triúr daoine oifigí Charlie Hebdo, scigiris i bPáras, sa Fhrainc, le hairm uathoibríocha. Mharaigh siad dháréag agus ghortaigh deichniúr eile, roinnt dearthóirí cartún agus iriseoirí ina measc. Chualathas iad ag scairteadh manaí Ioslamacha antoisceacha. (TG4, Le Monde)
1 Eanáir[athraigh vicithéacs]
- Ghlac An Liotuáin an tEoró mar airgeadra oifigiúil.
- Bunaíodh An tAontas Eacnamaíoch Eoráiseach idir An Airméin, An Bhealarúis, An Chasacstáin, An Chirgeastáin agus An Rúis.
2014[athraigh vicithéacs]
11 Lúnasa[athraigh vicithéacs]
- Fuair an t-aisteoir Robin Williams bás ina theach féin sa Chalafóirn. Bhí sé 63 bliain d'aois. (Reuters, Forbes)
8 Lúnasa[athraigh vicithéacs]
- Dhiúltaigh Hamas togra le haghaidh sos comhraic eile ar feadh 72 uair an chloig. (Associated Press, Al Jazeera)
- Thosaigh Juan Manuel Santos a dara téarma mar Uachtarán na Colóime. (BBC, Helsinki Times)
6 Lúnasa[athraigh vicithéacs]
- Tar éis níos mó ná deich mbliana ag taisteal sa Ghrianchóras, rinne an satailít "Rosetta" teagmháil leis an cóiméad 67P/Churyumov–Gerasimenko. (BBC, Irish Times)
4 Lúnasa[athraigh vicithéacs]
- Shroich Mícheál D. Ó hUiginn, David Cameron, François Hollande agus uaisle ón gcoigríoch eile ar Liège sa Bheilg le haghaidh searmanas cuimhneacháin in onóir thús an Chéad Chogadh Domhanda. (Irish Times, The Telegraph)
1 Lúnasa[athraigh vicithéacs]
- Briseadh an sos comhraic Éigipteach idir Hamas agus Iosrael roimh na 72 uaire a d'eagraigh NA agus SAM. (Global Post, The Times of Israel)
- Fograíodh staid éigeandála i Siarra Leon agus sa Libéir mar gheall ar an víreas Ebola in iarthar na hAfraice. (International Business Time, TIME)
27 Iúil[athraigh vicithéacs]
- Bua ag Vincenzo Nibali sa Tour de France i bPáras. (The Independent, The Guardian)
25 Iúil[athraigh vicithéacs]
- Leathnaíonn an víreas Ebola go dtí an Nigéir (An Eagraíocht Dhomhanda Sláinte, The New Dawn)
24 Iúil[athraigh vicithéacs]
- Dhíscaoil rialtas na hÚcráine agus d'fhógair Arseniy Yatsenyuk go mbeidh sé ag éirí as a phost mar phríomh-aire na tíre. Dúradh go mbeidh olltoghchán, an dara toghchán náisiúnach, sa tír sa bhliain 2014 i gceann 30 lá. (Al Jazeera, Global Post)
23 Iúil[athraigh vicithéacs]
- D'oscail Banríon Eilís II na 20ú Cluichí Comhlathas i nGlaschú. (The Guardian, BBC Sport)
20 Iúil[athraigh vicithéacs]
- Bhuaigh Rory McIlroy an "Open Championship". Ba ea é an tríú fear ó Thuaisceart na hÉireann a bhuaigh an comórtas gailf. (Irish Times, BBC Sport)
17 Iúil[athraigh vicithéacs]
- Lámhaíodh eitleán Malaeisiach (Malaysia Airlines Flight 17) síos san Úcráin. Fágadh 298 daoine marbh. (IB Times, BBC)
- Leanann an chorraíl ar aghaidh sa Phalaistín mar gheall ar an ionsaí talún i nGaza. (The Jerusalem Post, Al Jazeera)
13 Iúil[athraigh vicithéacs]
- Fuair an Ghearmáin an lámh in uachtar in aghaidh na hAirgintíne chun an bhfichiú Corn Sacair an Domhain a bhuachaint sa Bhrasaíl. (DW, The Wire)
8 Iúil[athraigh vicithéacs]
- Chuir an rialtas Iosraelach tús le "Operation Protective Edge", ionsaí ar an Stráice Gaza. (The Huffington Post, The Jerusalem Post)
- Cuireadh na cúig cheolchoirm Garth Brooks i bPáirc an Chrócaigh ar ceal. (Irish Independent, Sky News)
4 Iúil[athraigh vicithéacs]
- D'fhógair An Taoiseach Éanna Ó Coinnigh an comh-aireacht nua. D'éirigh Joan Burton mar an 23ú Tánaiste. (Irish Examiner, Irish Independent)
29 Meitheamh[athraigh vicithéacs]
- D'fhógair An Stát Ioslamach na Siria agus an Leiveaint Cailifeacht Mhoslamach nua, san Iaráic agus in oirthear na Siria. B'shin é an chéad Cailifeacht ó ré na Otamánaigh.[5]
19 Meitheamh[athraigh vicithéacs]
- D'éirigh Rí Juan Carlos na Spáinne as a choróin. D'éirigh a mhac Felipe an rí nua. (The Telegraph, BBC)
10 Bealtaine[athraigh vicithéacs]
- Bhuaigh Conchita Wurst as an Ostair Comórtas Amhránaíochta na hEoraifíse leis an amhrán Rise Like a Phoenix. (BBC, The Quietus)
15 Márta[athraigh vicithéacs]
- Bhuaigh Éire Comórtas na Sé Náisiún.
28 Feabhra[athraigh vicithéacs]
- Tháinig deireadh leis na 22ú hOilimpeacha Geimhridh i Sochi. (LA Times, The Phila News)
7 Feabhra[athraigh vicithéacs]
- Osclaíodh na 22ú hOilimpeacha Geimhridh i Sochi, Cónaidhm na Rúise. (Interfax Russia, The Washington Post)
3 Eanáir[athraigh vicithéacs]
- Tuilte agus stoirmeacha in Éirinn (Irish Independent, Breaking News)
1 Eanáir[athraigh vicithéacs]
- Ghlac an Laitvia an tEoró mar airgeadra oifigiúil. (Russia Today, BBC)
2013[athraigh vicithéacs]
5 Nollaig[athraigh vicithéacs]
- Bhásaigh Nelson Mandela, 95, chéad uachtarán gorm na hAfraice Theas agus buaiteoir Dhuais Nobel na Síochána. (The Guardian, Business Insider)
3 Iúil[athraigh vicithéacs]
- Coup d’état san Éigipt (Al Jazeera, Bloomberg)
1 Iúil[athraigh vicithéacs]
- Tháinig an Chróit isteach san Aontas Eorpach (New York Times, The Economist)
13 Márta[athraigh vicithéacs]
- Thosaigh Proinsias mar phápa. (CNN, The New Yorker)
11 Feabhra[athraigh vicithéacs]
- Fógraíodh go mbeadh an Pápa Beinidict XVI ag éirí as a phost de bharr cúiseanna sláinte. (The Guardian, Alternet)
2012[athraigh vicithéacs]
15 Nollaig[athraigh vicithéacs]
- Bhásaigh Páidí Ó Sé, iar-pheileadóir agus bainisteoir Chiarraí (RTE, Irish Independent)
30 Deireadh Fómhair[athraigh vicithéacs]
- Maraíodh níos mó ná 100 duine tar éis do Hairicín Sandy tíortha i Muir Chairib agus cósta thoir na Stát Aontaithe a bhualadh. (NY Daily News, CDC)
1 Iúil[athraigh vicithéacs]
- Bua na Spáinne sa chluiche ceannais i gCraobh Sacair na hEorpa 2012 (Eurosport, The News Tribe)
30 Meitheamh[athraigh vicithéacs]
- Ghlac Mohamed Morsi mionn oifige mar Uachtarán nua na hÉigipte.
(New York Times, The Huffington Post)
18 Meitheamh[athraigh vicithéacs]
- Bronnadh "Saoirse Bhaile Átha Cliath" ar Aung San Suu Kyi. (RTE, The Journal)
31 Bealtaine[athraigh vicithéacs]
- Reifreann in Éirinn maidir leis an mBille um an Tríochadú Leasú ar an mBunreacht (An Conradh ar Chobhsaíocht, ar Chomhordú agus ar Rialachas san Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta) (RTE, The Journal)
2011[athraigh vicithéacs]
11 Samhain[athraigh vicithéacs]
- Insealbhaíodh Mícheál D. Ó hUiginn mar uachtarán, i gCaisleán Bhaile Átha Cliath. (Irish Central, BBC)
27 Deireadh Fómhair[athraigh vicithéacs]
- Toghadh Mícheál D. Ó hUiginn mar naoú huachtarán Phoblacht na hÉireann. (RTE, The Journal)
22 Iúil[athraigh vicithéacs]
- Maraíodh 77 duine in dhá ionsaí san Ioruaidh—phléasc buama i lár Oslo agus scaoileadh 85 duine ar a laghad ag campa samhraidh ag Utøya. (Ostlendingen, sjtrem)
23 Bealtaine[athraigh vicithéacs]
- Thug Barack Obama cuairt ar Mhuine Gall i gContae Uíbh Fhailí. (RTE, The Guardian)
- Stopadh eitiltí ar fud na hEorpa de thoradh ar luaithreamhán nuair a phléasc bolcán Grímsvötn san Íoslainn. (The Telegraph, flightglobal.com)
17 Bealtaine[athraigh vicithéacs]
1 Bealtaine[athraigh vicithéacs]
- D'fhógair uachtarán SAM, Barack Obama, gur mharaigh saighdiúirí Meiriceánacha Osama bin Laden sa Phacastáin. (CNN, The Guardian)
11 Márta[athraigh vicithéacs]
- Cailleadh na mílte i gcrith talún agus tsunami sa tSeapáin. (Global Post, National Geographic News)
.
10 Feabhra[athraigh vicithéacs]
- Maraíodh seisear i dtimpiste eitleáin i gCorcaigh. (RTE, Irish Examiner)
10 Eanáir[athraigh vicithéacs]
- Breis is 30 maraithe ag tuilte san Astráil. (Adelaide Now, Hearld Sun)
- Maraíodh Micheala Harte (iníon Mickey Harte, bainisteoir fhoireann pheile Thír Eoghain) ar Oileán Mhuirís. (The Guardian, Sydney Morning Herald)
2010[athraigh vicithéacs]
15 Mí na Nollag[athraigh vicithéacs]
- Ceapadh gur bhfuarthas cloigeann Anraí IV, rí na Fraince, a cailleadh sa bhliain 1793, le linn Réabhlóid na Fraince. (The Guardian, The Telegraph)
29 Mí na Samhna[athraigh vicithéacs]
- Gheobhaidh Éire €85 billiún mar chiste tarrthála ón Aontas Eorpach agus ón gCiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta (IMF). (RTE, Bloomberg)
28 Mí na Samhna[athraigh vicithéacs]
- Scaoil WikiLeaks cáblaí taidhleoireachta de chuid na Stát Aontaithe. (The Guardian, Sydney Morning Herald)
26 Deireadh Fómhair[athraigh vicithéacs]
- Mharaigh bolcán na céadta duine san Indinéis. (BBC, Earth Observatory)
25 Deireadh Fómhair[athraigh vicithéacs]
- Mharaigh crith talún agus tsunami na céadta duine san Indinéis. (Deep Sea News, News.com.au)
14 Deireadh Fómhair[athraigh vicithéacs]
- Saortar 33 mianadóir tar éis 69 lae faoi thalamh i mianach sa tSile (Washington Post, New York Times)
15 Meán Fómhair[athraigh vicithéacs]
- Chuir rialtas na Fraince cosc ar chaitheamh an búrca (an ball éadaigh a chaitheann mná Moslamacha) in áiteanna poiblí
10 Lúnasa[athraigh vicithéacs]
- Dúirt an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte go raibh deireadh tagtha le paindéim H1N1.(Science News, hivandhepatitis.com)
8 Lúnasa[athraigh vicithéacs]
- Mharaigh sciorradh talún i gcúige Gansu breis is 1100 duine i nDaon-Phoblacht na Síne. (China Daily, Al Jazeera)
29 Iúil[athraigh vicithéacs]
- Breis is 1600 maraithe ag tuilte sa Phacastáin. (Boston.com, reliefweb.com)
28 Iúil[athraigh vicithéacs]
- Mharaigh tubaiste aeir 152 duine sa Phacastáin. (Reuters, The Independent)
24 Iúil[athraigh vicithéacs]
- Cailleadh an t-imreoir snúcair Alex "Hurricane" Higgins i mBéal Feirste. (New York Times, Belfast Telegraph)
11 Iúil[athraigh vicithéacs]
- Cailleadh ochtar i dtimpiste bhóthair i gContae Dhún na nGall. (RTE, The Journal)
- Bua ag an Spáinn i gCorn FIFA an Domhain 2010. (BBC, The Examiner)
22 Bealtaine[athraigh vicithéacs]
- Tubaiste aeir san India. Maraíodh 156 agus níor mhair ach ochtar. (Reuters, Grand Forks Herald)
- Bhuaigh Internazionale ar Bayern München i gcluiche ceannais Shraith na Seaimpíní. (BBC, France 24)
20 Bealtaine[athraigh vicithéacs]
- Goideadh chúig phictiúr (luach €100 milliún) ón Musée d'Art Moderne de la Ville de Paris. (Sky News, The Guardian)
12 Bealtaine[athraigh vicithéacs]
- Tubaiste aeir i dTripilí na Libia. Maraíodh 103 agus níor mhair ach buachaill amháin. (The Times, Al Arabiya)
11 Bealtaine[athraigh vicithéacs]
- Tháinig David Cameron i gcomharbas ar Gordon Brown mar phríomh-aire na Ríochta Aontaithe. (BBC, Politics Daily)
1 Bealtaine[athraigh vicithéacs]
- Tús an World Expo i Shanghai na Síne. (The Guardian, Al Jazeera)
30 Aibreán[athraigh vicithéacs]
- Cailleadh an craoltóir Gerry Ryan i mBaile Átha Cliath. (RTE, The Journal)
14 Aibreán[athraigh vicithéacs]
- Stopadh eitiltí thart timpeall na hEorpa nuair a phléasc bolcán Eyjafjallajökull san Íoslainn. (Reuters, National Geographic News)
10 Aibreán[athraigh vicithéacs]
- Cailleadh 132 duine, ina measc Lech Kaczynski (uachtarán na Polainne) agus a bhean chéile Maria Kaczyńska, i dtubaiste aeir sa Rúis. (The Huffington Post, The Telegraph)
11 Márta[athraigh vicithéacs]
- D'éirigh Mykola Azarov príomh-aire na hÚcráine. (UNIAN, The Kyiv Post)
7 Márta[athraigh vicithéacs]
- Bhain an tÉireannach Richard Baneham gradam Oscar as a bheith páirteach i ndéanamh na n-éifeachtaí speisialta don scannán Avatar. (RTE, Irish Independent)
- Maraíodh na céadta duine mar thoradh ar chíréibeacha gar do Jos na Nigéire. (BBC, The Huffington Post)
27 Feabhra[athraigh vicithéacs]
- Bhuail crith talún (8.8 ar scála Richter) an tSile in aice le Concepción. (The New York Times, The Telegraph)
18 Feabhra[athraigh vicithéacs]
- D’éirigh Willie O'Dea as a phost mar Aire Cosanta i ndiaidh é a bheith curtha ina leith ag páirtí freasúra gur thug sé fianaise bhréige i gcás clúmhillte in Ardchúirt na hÉireann, rud a shéan sé. Ghlac an Taoiseach Brian Cowen dualgaisí na hAireachta Cosanta chuige féin. (RTE, The Limerick Leader)
27 Eanáir[athraigh vicithéacs]
- Dúirt ball de rialtas na Fraince go bhfuil sé fós mar sprioc do rialtas Nicolas Sarkozy cosc a chur ar chaitheamh an búrca, an ball éadaigh a chaitheann mná Moslamacha, in áiteanna poiblí. (Reuters, Newsdesk)
26 Eanáir[athraigh vicithéacs]
- Phléasc eitleán de chuid Ethiopian Airlines cúig nóiméad tar éis Béiriút a fhágáil. Maraíodh gach de na nócha duine a bhí ar bord, an chuid is mó dóibh ón Liobáin agus an Aetóip.(CNN, Nazret)
25 Eanáir[athraigh vicithéacs]
- Craoladh teachtaireacht ar Al Jazeera ina mhaíonn Osama bin Laden go raibh a ghrúpa freagrach as an iarracht buama a rinneadh ar Lá Nollag 2009. (Al Jazeera)
19 Eanáir[athraigh vicithéacs]
- Toghadh Scott Brown, ball den Pháirtí Poblachtach, mar sheanadóir i Massachusetts i SAM, rud a scriosann smacht iomlán an Pháirtí Dhaonlathaigh ar an Seanad agus a thugann dúshlán don Uachtarán Obama agus a chlár reachtaithe. (The Associated Press, CNN)
12 Eanáir[athraigh vicithéacs]
- Gabhadh fear i mBaile Átha Cliath maidir le lámhach beirte in árasán ar Shráid an Phiarsaigh i lár na cathrach. Bhí baint ag an bhfear, arbh as Fionnghlas dó, le dúnmharú eile in Ard Aidhin sa bhliain 2008. (The Irish Examiner, highbeam.com)
- Bhuail crith talún deisceart Háití, an phríomhchathair Port-au-Prince san áireamh. Maraíodh na scórtha míle duine sa tubaiste. Thit cuid mhaith den Phalás Náisiúnta, oifigí rialtais, an t-ardeaglais Chaitliceach, scoileanna, ospidéil, agus foirgnimh eile. (Reuters, Al Jazeera)
2009[athraigh vicithéacs]
31 Mí na Nollag[athraigh vicithéacs]
- Lámhachadh seisear chun báis, ceathrar díobh in ionad siopadóireachta, in Espoo na Fionlainne. (CNN, New York Daily News)
- Fuair an Cairdinéal Cathal Ó Dálaigh bás de bharr taom croí i mBéal Feirste, in aois 92 bliana dó. (RTE, BBC)
25 Mí na Nollag[athraigh vicithéacs]
- Rinne paisinéir ar bord Eitilt 253 de chuid Delta Northwest Airlines ón Ollainn go dtí Detroit iarracht ábhar buama a phléascadh. (New York Times, New York Daily News)
- D'éirigh Eamonn Olivier Walsh agus Raymond Field as mar easpaig chúnta i mBaile Átha Cliath. (Belfast Telegraph, foreignpolicy.com)
8 Mí na Nollag[athraigh vicithéacs]
- Maraíodh ar a laghad 127 duine agus gortaíodh 448 nuair a phléasc buamaí i mBagdad. (Reuters, The Guardian)
5 Mí na Nollag[athraigh vicithéacs]
- Mharaigh tine 140 duine ar a laghad i gclub oíche i bPerm na Rúise. (Russia Today, Euronews)
23 Samhain[athraigh vicithéacs]
- Dúirt an Taoiseach go mbeadh rialtas na hÉireann ag cur cúnaimh ar fáil do na ceantracha is measa a bhí buailte ag na drochthuilte i gContae Chorcaí, i gContae na Gaillimhe agus srl. (Taifid an Oireachtas, Bloomberg)
3 Samhain[athraigh vicithéacs]
- Dheimhnigh Cúirt Bhunreachtúil Phoblacht na Seice go bhfuil Conradh Liospóin comhsheasmhach le bunreacht na tíre, agus shínigh an tUachtarán Vaclav Klaus é. Mar sin, tá ballstáit uile an Aontais Eorpaigh tar éis glacadh leis. (CNN, The Telegraph)
25 Deireadh Fómhair[athraigh vicithéacs]
- Phléasc dhá bhuama i mBagdad na hIaráice: maraíodh 132 duine agus gortaíodh 500.
9 Deireadh Fómhair[athraigh vicithéacs]
- Bronnadh Duais Nobel na Síochána ar Barack Obama, Uachtarán na Stát Aontaithe. (Reuters, The Telegraph)
2 Deireadh Fómhair[athraigh vicithéacs]
- Ghlac muintir na hÉireann le Conradh Liospóin - agus iad ag vótáil don dara huair. (RTE, Global Post)
20 Meán Fómhair[athraigh vicithéacs]
- Ghlac peileadóirí Chiarraí páirt sa cluiche ceannais i gCraobh na hÉireann don séú bliain as a chéile. Fuair siad an lámh in uachtar i gcoinne Chorcaí, 0-16 in aghaidh 1-9. (RTE, CLG Cúige Mumhan)
6 Meán Fómhair[athraigh vicithéacs]
- Bhuaigh iománaithe Chill Chainnigh Craobh na hÉireann don cheathrú bliain as a chéile. Buaileadh foireann Thiobraid Árann sa chluiche ceannais, 2-22 i gcoinne 0-23. (RTE, CLG Cúige Mumhan)
1 Meán Fómhair[athraigh vicithéacs]
- Bronnadh saoirse na hInse ar an iar-dhornálaí Meiriceánach Muhammad Ali. (RTE, The Guardian)
30 Lúnasa[athraigh vicithéacs]
- Bhuaigh foireann pheile na Ríochta áit i gcluiche ceannais na hÉireann, tar éis dóibh an lámh in uachtar a fháil in aghaidh Chontae na Mí. (RTE, CLG Cúige Mumhan)
21 Lúnasa[athraigh vicithéacs]
- Thit cuid den líne iarnród idir Baile Átha Cliath agus Béal Feirste as a chéile gar do Mhullach Íde (BBC, Irish Independent)
7 Lúnasa[athraigh vicithéacs]
- Fuair bean bás in ospidéal i dTamhlacht mar gheall ar fhliú A (H1N1). (RTE, BBC)
- Mharaigh tíofún 500 duine sa Téaváin. (Reuters, The Guardian)
4 Lúnasa[athraigh vicithéacs]
- Ligeadh saor oibrithe Thomas Cook i Sráid Grafton i mBaile Átha Cliath i ndiaidh dóibh glacadh le rialú na cúirte ag éisteacht san Ard Chúirt. (RTE, libcom.org)
- Thosaigh cuairt "neamhoifigiúil" Bill Clinton ar an Chóiré Thuaidh. (Reuters, The New York Times)
25 Meitheamh[athraigh vicithéacs]
- Fuair an t-amhránaí Michael Jackson bás de bharr taoma chroí agus ródháileog drugaí. (Reuters, BBC)
11 Meitheamh[athraigh vicithéacs]
- Thug an WHO le fios go bhfuil siad i ndiaidh an galar H1N1 (fliú na muc) a cháiliú mar phaindéim - an chéad uair ó 1968 gur fógraíodh paindéim. (IOL, The New York Times)
- Ghlac Manchester Utd le tairiscint €94m (£80m) do Cristiano Ronaldo ó Real Madrid. (BBC, The Guardian)
1 Meitheamh[athraigh vicithéacs]
- Chuaigh eitilt de chuid Air France (AF447, a bhí ag dul ó Rio de Janeiro sa Bhrasaíl go Páras sa Fhrainc) ar strae thar an Aigéan Atlantach. Maraíodh 228. (France 24, The Telegraph)
27 Bealtaine[athraigh vicithéacs]
18 Bealtaine[athraigh vicithéacs]
- Bhí deireadh tagtha leis an gcogadh cathartha i Srí Lanca. (BBC, The Guardian)
9 Bealtaine[athraigh vicithéacs]
- Bhuaigh rialtas Shead Cath Am Dam. (Al Jazeera, BBC)
29 Aibreán[athraigh vicithéacs]
- Bhí leanbh ar an chéad dhuine a fuair bás de bharr fliú A (H1N1) sna Stáit Aontaithe. (ABC, Chron)
23 Aibreán[athraigh vicithéacs]
- Fógraíodh go bhfuil Roy Keane ag glacadh le poist mar bhainisteoir ar an bhfoireann sacair Sasanach, Ipswich Town. (The Guardian, Sky Sports)
6 Aibreán[athraigh vicithéacs]
- Cailleadh níos mó ná 250 agus gortaíodh 1,000 i gcrith talún i L'Aquila na hIodáile. (Corriere Della Sera, BBC)
- Thug uachtarán SAM Barack Obama a chéad chuairt ar thír Mhoslamach. Bhí Obama sa Tuirc ar an chuid dheiridh dá chamchuairt san Eoraip. (Global Post, NBC)
30 Márta[athraigh vicithéacs]
- Gortaíodh suas le 100 agus maraíodh fiche nuair a d'ionsaigh gunnadóirí Acadamh na bPéas i Lahore, sa Phacastáin. (The Guardian, Awaz)
- Maraíodh ochtar agus gortaíodh go leor eile nuair a thosaigh gunnadóir ag scaoileadh leis i dteach seandaoine i North Carolina, SAM.(CNN, Wral)
10 Márta[athraigh vicithéacs]
- D'éirigh Gerald McCarthy as a phost mar bhainisteoir iománaíochta Chorcaí, tar éis imreoirí na bliana 2008 a bheith ar stailc le cúpla mí anuas. (RTE, peoplesrepublicofcork.com)
9 Márta[athraigh vicithéacs]
- Cailleadh Frank Stockwell, laoch peile agus duine dena "Terrible Twins" na Gaillimhe. (Irish Independent, hoganstand.com)
2 Márta[athraigh vicithéacs]
- Maraíodh João Bernardo Vieira, uachtarán Ghuine-Bhissau, tar éis ionsaí ar a theach i mBissau. (CNN, Al Jazeera)
11 Feabhra[athraigh vicithéacs]
- D'éirigh Morgan Tsvangirai ina phríomh-aire na Siombáibe. (BBC, Global Post)
7 Feabhra[athraigh vicithéacs]
- Maraíodh 173 de bharr tinte coille i Victoria agus i New South Wales san Astráil. (Top News, USA Today)
3 Feabhra[athraigh vicithéacs]
- Fógraíodh go bhfuil an t-imreoir sacair Éireannach Robbie Keane ag filleadh ar Tottenham, tar éis tréimhse ghearr le Learpholl. (The Guardian, The Telegraph)
1 Feabhra[athraigh vicithéacs]
- Glacadh le Jóhanna Sigurðardóttir mar phríomh-aire na hÍoslainne. (The Huffington Post, BBC)
26 Eanáir[athraigh vicithéacs]
- D'éirigh Geir Haarde as a phost mar phríomh-aire na hÍoslainne. (Financial Times, CNN)
21 Eanáir[athraigh vicithéacs]
- Shínigh uachtarán na hÉireann, Máire Mhic Ghiolla Íosa, reachtaíocht éigeandála chun Anglo Irish Bank a chur i seilbh an stáit. (RTE, breakingnews.ie)
20 Eanáir[athraigh vicithéacs]
- Ghlac Barack Obama mionn oifige Uachtaráin na Stát Aontaithe. (The Boston Globe, CBC)
18 Eanáir[athraigh vicithéacs]
17 Eanáir[athraigh vicithéacs]
- D'fhógair Iosrael sos comhraic aontaobhach i Stráice Ghása. (Haaretz,Tá gá le haghaidh foinse eile)
2008[athraigh vicithéacs]
27 Nollaig[athraigh vicithéacs]
- Maraíodh 375 duine ar a laghad nuair a rinne Iosrael ionsaí ar Stráice Ghása. (New York Daily News, reliefweb.org)
22 Nollaig[athraigh vicithéacs]
- Glacadh le Emil Boc mar phríomh-aire na Rómáine. (An Rialtas Rómáinis, Tá gá le haghaidh foinse eile)
18 Nollaig[athraigh vicithéacs]
- Fuair Conchúr Crús Ó Briain, polaiteoir agus scríbhneoir Éireannach, bás in aois a aon bhliain is nócha d'aois. (The Telegraph, indymedia.ie)
15 Nollaig[athraigh vicithéacs]
- Glacadh le Abhisit Vejjajiva mar príomh-aire na Téalainne. (Xinhua, BBC)
6 Nollaig[athraigh vicithéacs]
- Dúirt an tÚdarás um Sláinte Bhia go raibh cuid de mhuiceoil na hÉireann truaillithe ag an dé-ocsain PCB. (Irish Times, Irish Independent)
4 Nollaig[athraigh vicithéacs]
- D'éirigh Roy Keane as a phost mar bhainisteoir na foireann shacair Sunderland. (BBC, The Telegraph)
29 Samhain[athraigh vicithéacs]
- Maraíodh 381 duine de bharr círéibeacha i Jos sa Nigéir. (BBC, allafrica.com)
26 Samhain[athraigh vicithéacs]
- Maraíodh 195 duine nuair a d'ionsaigh sceimhlitheoirí Mumbai. (Sify, The New York Times)
19 Samhain[athraigh vicithéacs]
- D'éirigh John Key ina phríomh-aire na Nua-Shéalainne. (New Zealand Gazette, NZ Herald)
4 Samhain[athraigh vicithéacs]
- Bhuaigh Barack Obama toghchán uachtaránachta Mheiriceá. Ba é Obama an t-aon duine gorm a toghadh mar uachtarán na Stát Aontaithe. (The New York Times, CNN)
29 Deireadh Fómhair[athraigh vicithéacs]
- Mharagh crith talún 215 duine ar a laghad sa Phacastáin. (Sky News, Bloomberg)
17 Deireadh Fómhair[athraigh vicithéacs]
- Sa Náisiúin Aontaithe, toghadh an Tuirc, an Ostair, an tSeapáin, Uganda agus Meicsiceo mar bhaill den Chomhairle Shlándála. (Na Náisiún Aontaithe, CNN)
10 Deireadh Fómhair[athraigh vicithéacs]
- Toghadh Stephen Harper mar phríomh-aire Cheanada arís. (Elections Canada, Tá gá le haghaidh foinse eile)
- Bronnadh Duais Nobel na Síochána ar an taidhleoir Fionlannach Martti Ahtisaari. (The Guardian, breakingnewsenglish.com)
9 Deireadh Fómhair[athraigh vicithéacs]
- Bronnadh an Duais Nobel na Litríochta ar an úrscéalaí Francach Jean-Marie Gustave Le Clézio. (The New York Times, The Telegraph)
8 Deireadh Fómhair[athraigh vicithéacs]
- Rinneadh rátaí úis a laghdú san Eoraip, sna Stáit Aontaithe agus sa Bhreatain le dul i ngleic leis an ngéarchéim airgeadais. Laghdú 0.5% atá i gceist. (The Telegraph, Tá gá le haghaidh foinse eile)
3 Deireadh Fómhair[athraigh vicithéacs]
- Deir Banc Ceannais na hÉireann nach borradh ach a mhalairt a bheidh faoin eacnamaíocht i mbliana agus an bhliain seo chugainn. (Irish Independent, Tá gá le haghaidh foinse eile)
- Léiríonn figiúirí ón bPríomh-Oifig Staidrimh nach de bhunadh na hÉireann breis agus 40,000 duine den 240,000 duine a bhí gan obair sa tír an mhí seo caite. (tradingeconomics.com, Tá gá le haghaidh foinse eile)
- Tá Coimisinéir Trádála an Aontais Eorpaigh, Peter Mandelson, le bheith ina Rúnaí Gnó i rialtas na Breataine. Fógraíodh é seo ar maidin mar chuid de na hathruithe rialtais atá déanta ag Príomh-Aire na Breataine, Gordon Brown. (BBC, The Guardian)
- Tá an Asgard II, a chuaigh go tóin poill amach ó chósta na Fraince, slán go fóill ach amháin go bhfuil sí 80m faoi uisce. (RTE, indymedia.ie)
1 Deireadh Fómhair[athraigh vicithéacs]
- Tháinig borradh faoi stocmhalartáin na hEorpa ar maidin toisc go mbeidh Seanad Mheiriceá ag déanamh athbhreithniú ar an mbeartas tarrthála sna Stáit. (Tá gá le haghaidh foinsí)
- Amach san oíche a réiteofar an bille le hinstitiúidí airgeadais a ráthú. (Tá gá le haghaidh foinsí)
30 Meán Fómhair[athraigh vicithéacs]
- D’fhógair Aire Airgeadais na Éireann Brian Lenihan go ráthódh an rialtas an córas baincéireachta. Bhí stocmhalartán na hÉireann sásta le cinneadh an rialtais.
- D'ardaigh scaireanna san Eoraip de bharr scéala go nglacfadh Comhdháil SAM leis an mbeart tarrthála.
23 Meán Fómhair[athraigh vicithéacs]
- Lámhachadh agus maraíodh deichniúr i ngairmscoil i gKauhajoki, baile in iarthar na Fionlainne. Matti Juhani Saari ab ainm don ghunnadóir, dalta de chuid na scoile céanna a chuir lámh ina bhás féin tar éis an ionsaí. (Reuters, Die Welt)
21 Meán Fómhair[athraigh vicithéacs]
- Bua ag foireann peile Thír Eoghain sa chluiche ceannais i gCraobh Peile na Éireann. Bhuaigh siad ar fhoireann Chiarraí, a bhí ag iarraidh an comórtas a bhuachan don tríú bliain as a chéile. (RTE, Tá gá le haghaidh foinse eile)
15 Meán Fómhair[athraigh vicithéacs]
- Fuair an ceoltóir Sasanach Richard Wright ó Pink Floyd bás agus é cúig bliana is trí scór d'aois. (BBC, legacy.com)
14 Meán Fómhair[athraigh vicithéacs]
- Bua ag foireann chamógaíochta Chorcaí sa chluiche ceannais i gCraobh Chamógaíochta na hÉireann. (Irish Times, Irish Examiner)
7 Meán Fómhair[athraigh vicithéacs]
- Bua ag foireann iomána Chill Chainnigh sa chluiche ceannais i gCraobh na hÉireann don tríú bliain as a chéile. (RTE, comeonthedeise.ie)
29 Lúnasa[athraigh vicithéacs]
- Na céadta páisinéir fágtha gan acmhainn thaistil in aerfoirt Bhéal Feirste, Chardiff agus Ghlaschú tar éis don aerlíne Zoom a fhógairt go raibh sí le dúnadh. (Cable Pulse 24, canada.com)
- Sna Stáit Aontaithe ghlac Barack Obama le hainmniúchán a pháirtí d'uachtaránacht na tíre. D'inis an Seanadóir Obama do thoscairí ag comhdháil an pháirtí Dhaonlathaigh i Denver, Colorado, go gcuirfeadh sé deireadh leis an gcogadh san Iaráic ach go leanfadh sé den troid in aghaidh Al-Qaeda. (The Huffington Post, The Guardian)
- Bhí iarcheannaire na Seirbiach Boisniach, Radovan Karadzic, os comhair Bhinse Idirnáisiúnta na gCoireanna Cogaidh sa Háig níos deireanaí. (BBC, balkaninsight.com)
26 Lúnasa[athraigh vicithéacs]
- Dúirt Uachtarán na Siombáibe, Robert Mugabe, go raibh gach dealramh air go ndéanfadh páirtithe polaitiúla uile na tíre comhréiteach faoi roinnt na cumhachta. Chruinnigh Parlaimint na tíre go hoifigiúil ar maidin cúig mhí tar éis thoghchán na hUachtaránachta. (BBC, Tá gá le haghaidh foinse eile)
24 Lúnasa[athraigh vicithéacs]
- Tháinig deireadh leis na Cluichí Oilimpeacha i mBéising. (Reuters, breakingnewsenglish.com)
13 Lúnasa[athraigh vicithéacs]
- D'éag an t-iriseoir Nollaig Ó Gadhra. (RTE, Connacht Tribune)
6 Lúnasa[athraigh vicithéacs]
- Thosaigh coimhlint san Oiséit Theas. (Human Rights Watch, The Guardian)
3 Lúnasa[athraigh vicithéacs]
- Básaigh Aleksandr Solzhenitsyn (úrscéalaí, scríbhneoir agus staraí Rúiseach) i Moscó. (The New York Times, BBC)
29 Iúil[athraigh vicithéacs]
- Tá cainteanna ar chomhaontú trádála domhanda i sáinn sa Ghinéiv. Iad ar siúl le naoi lá anuas. (brookings.edu, Tá gá le haghaidh foinse eile)
21 Iúil[athraigh vicithéacs]
- Buaileann Uachtarán na Fraince (atá ina uachtarán ar an Aontas Eorpach faoi láthair) Nicolas Sarkozy le Brian Ó Comhain agus ionadaithe eile ó rialtas na hÉireann i mBaile Átha Cliath chun a bhfuil i ndán do Chonradh Liospóin a phlé. (The Guardian, boston.com)
20 Iúil[athraigh vicithéacs]
- An bua (don dara bliain as a chéile) ag Pádraig Harrington sa British Open. (BBC, ESPN)
17 Iúil[athraigh vicithéacs]
- Chealaigh Cúirt Uachtarach na Spáinne ciontú ceathrar fear a daoradh faoi bhuamáil Madrid ceithre bliana ó shin. (The New York Times, BBC)
29 Meitheamh[athraigh vicithéacs]
- Bua na Spáinne sa chluiche ceannais i gCraobh Sacair na hEorpa. (The New York Times, BBC)
12 Meitheamh[athraigh vicithéacs]
- Vótáil in Éirinn maidir leis an mBille um an Ochtú Leasú is Fiche ar an mBunreacht: An Conradh Liospóin. (RTE, The Guardian)
26 Bealtaine[athraigh vicithéacs]
- Bhuaigh scannán faoi shaol Roibeard Gearóid Ó Seachnasaigh: "Hunger" duais an Caméra d'Or ar Féile Scannáin Cannes.
24 Bealtaine[athraigh vicithéacs]
- Bua na Mumhan i gCorn Rugbaí na hEorpa i gcoinne Toulouse. (BBC Sport, Tá gá le haghaidh foinse eile)
21 Bealtaine[athraigh vicithéacs]
- Bua ag Manchester United ar Chelsea F.C. sa chluiche ceannais i Sraith na Seaimpíní. (BBC Sport, The Guardian)
7 Bealtaine[athraigh vicithéacs]
- Toghadh Brian Ó Comhain ina Thaoiseach tráthnóna. (irishcentral.com, Tà gá le haghaidh foinse eile)
2 Aibreán[athraigh vicithéacs]
- D'fhógair Parthalán Ó hEachthairn go raibh sé chun éirí as mar Thaoiseach na hÉireann agus mar cheannaire ar Fhianna Fáil toisc Binse Fiosraithe Mahon a bheith ag teannadh air. (RTE, Tá gá le haghaidh foinse eile)
13 Feabhra[athraigh vicithéacs]
- Ainmníodh Giovanni Trapattoni mar thraenálaí nua fhoireann idirnáisiúnta na hÉireann, agus é le tosú i Mí na Bealtaine. (Reuters, BBC Sport)
2007[athraigh vicithéacs]
20 Deireadh Fómhair[athraigh vicithéacs]
- Bua ag an Afraic Theas ar Shasana sa chluiche ceannais i gCorn Rugbaí an Domhain. (BBC Sport, The Epoch Times)
16 Meán Fómhair[athraigh vicithéacs]
- Bua ag CLG Coiste Chontae Chiarraí sa chluiche ceannais i gCraobh Peil Sinsearach na hÉireann. (RTE, Tá gá le haghaidh foinse eile)
2 Meán Fómhair[athraigh vicithéacs]
- Bua ag CLG Coiste Contae Cill Chainnigh sa chluiche ceannais i gCraobh Iomána Sinsearach na hÉireann. (RTE, Tá gá le haghaidh foinse eile)
22 Iúil[athraigh vicithéacs]
- An bua ag an AK Parti in olltoghchán sa Tuirc. (BBC, Tá gá le haghaidh foinse eile)
- An bua ag Pádraig Harrington sa British Open. (ESPN, worldgolf.com)
21 Iúil[athraigh vicithéacs]
- Ciontaíodh Joe O'Reilly as a bhean a dhúnmharú ina dteach ar An Aill i gCo. Átha Cliath. (Irish Independent, breakingnews.ie)
17 Iúil[athraigh vicithéacs]
- Bristear an Dr Conor Niall McElwee as a phost in Ollscoil Victoria, Ceanada, tar éis go nochtar gur chaill sé a phost in Institiúid Theicneolaíochta Bhaile Átha Luain nuair a bhfuarthas amach gur ciontaíodh é in éigniú ban san Ísiltír. (Irish Independent, Tá gá le haghaidh foinse eile)
24 Bealtaine[athraigh vicithéacs]
- Olltoghchán in Éirinn chun an 30ú Dáil a thoghadh. (BBC, The Guardian)
2006[athraigh vicithéacs]
14 Meán Fómhair[athraigh vicithéacs]
- Fuair Sheáin Uí Thuama bás i gCorcaigh agus é 80 bliain d'aois. (RTE, Irish Independent)
13 Meitheamh[athraigh vicithéacs]
- Bás iar-Thaoiseach na hÉireann, Cathal Ó hEochaidh, i mBaile Átha Cliath, agus é 80 bliain d'aois. (RTE, The Economist)
24 Márta[athraigh vicithéacs]
- Tús shos cogaidh ETA. (Naiz, The Guardian)
11 Márta[athraigh vicithéacs]
- Fuair Slobodan Milošević bás, iarcheannaire na Seirbia, i bpríosún san Háig. (CBS, BBC)
29 Eanáir[athraigh vicithéacs]
- Bua Tarja Halonen i dtoghcháin uachtaránachta na Fionlainne. (stat.fi, Tá gá le haghaidh foinse eile)
16 Eanáir[athraigh vicithéacs]
- Bua Michelle Bachelet, iarrthóir sóisialach, i dtoghcháin uachtaránachta naSile. Ba í an chéad bhean a toghadh ina huachtarán ar an tír. (An Leabharlann Comhdhála Sileach, Tá gá le haghaidh foinse eile)
2005[athraigh vicithéacs]
23 Lúnasa[athraigh vicithéacs]
- Scrios Hairicín Katrina cathair New Orleans i Louisiana, SAM (CNN, wave3.com)
- ↑ [ http://www.rte.ie/news/nuacht/2015/0915/727907-fal-in-airde-chun-stop-le-imircigh/ Nuacht RTÉ]
- ↑ [ http://www.rte.ie/news/nuacht/2015/0915/727961-tus-aris-le-scannanaiocht-do-star-wars/ Nuacht RTÉ]
- ↑ Nuacht RTÉ
- ↑ http://www.rte.ie/news/nuacht/2015/0515/701447-bb-king-ar-shli-na-firinne/
- ↑ The Guardian, 29 Meitheamh 2014