Paipír

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Paipír

Planda uisciúil ilbhliantúil, dúchasach do thuaisceart na hAfraice. Fásann na gais 4 m, is iad triantánach i gcrosghearradh. Na duilleoga cosúil le féar, na bláthanna bídeach scothbhuí, gan iombhláth, ina spícíní a dhéanann cinn mhóra sféarúla. Rinne muintir an tseansaoil páipéar (paipír) trí stiallacha fliucha na ngas laíonach a bhrú le chéile taobh le taobh.