Faoi NÓS
Is iris chultúir é NÓS a chlúdaíonn suimeanna coitianta an tsaoil chomhaimseartha.
Ar líne agus i gcló, tá sé de sprioc ag NÓS beocht fhuinniúil a chur i sochaí na hÉireann trí léargas muiníneach Gaelach a thabhairt ar an saol thart orainn.
Is mian linn chomh maith pobal na teanga a spreagadh chun spraoi, chun smaoinimh agus chun gnímh.
Neamhbhrabúsach agus cruthaithe ag líonra de rannpháirtithe díograiseacha in Éirinn agus thar lear, tá NÓS ar an bhfód ó 2008.
Smaoineamh nó moladh agat? Ba bhreá linn cloisteáil uait!