Ag seo téarmaí seoltóireachta a bhaineann le longa adhmaid agus báid.
Ní bhíodh de cheangal idir Éire agus tíortha eile ach na longa, agus tá Éire féin lán de lochanna agus d’aibhneacha. Fágann seo go bhfuil an teanga breac le téarmaíocht seoltóireachta agus loingseoireachta agus cuid di tugtha isteach ón Lochlainnis agus ón mBéarla trí lonnaitheoirí ón iasacht.
Tá tagairt déanta in Adamnani Vita S. Columbae (“Beatha Cholm Cille”), saothar Laidine de chuid an 7ú haois, do “longa fada” a bhí déanta d'adhmad giúise agus d'adhmad daire agus do choití agus do churacha a thug adhmad chun Oileán Í chun soithí a thógáil. Nuair a bhain na Lochlannaigh fúthu in Éirinn sa 9ú haois bhunaigh siad bailte móra ar an gcósta agus lean siad orthu ag déanamh a gcuid long féin. I measc na bhfocal a thug na Lochlannaigh don Ghaeilge tá ancaire ... [ Níos mó ]
Ciclipéid shaor is ea an Vicipéid a óstálaítear ag an bhfondúireacht neamhbhrabúis Wikimedia. Tá go leor tionscadail ilteangachasaor-ábhair eile ag Wikimedia: