Cartlanna Clibe: Ryan Tubridy

Slán leis an Late Late

ryantubaiste

Bhí mé istigh oíche Dé hAoine, ag faire ar an Late Late Show, agus caithfidh mé a rá nár chuaigh sé i bhfeidhm go mór orm. 

Ní mór a rá, áfach, gur thuig mé go raibh sé in am roinnt ceisteanna crua a chur ar an dTaoiseach, Brian Cowen, agus, i bhfírinne, nár chuaigh Ryan Tubridy fada a dhothain lena cheistiú.   Tá ceist mhór agam faoi neamhspleachas an Late Late Show faoi chúrsaí reatha os rud é go bhfuil urraíocht ar fiú €1.5m á fháil acu ó Ghrúpa Quinn, comhlacht atá páirt nach beag acu sa chonspóid, go h-áirithe chomh fada agus a bhaineann sé le cúrsaí an bhainc Angla Éireannaigh. 

Bhí go leor tuairiscí is tuairimí sna nuachtáin i gcaitheamh an dheiridh seachtaine agus ar maidin faoin agallamh sin agus an méid a dúirt – agus nár dúirt – an Taoiseach. 

Tá fadhb teangan ag an dTaoiseach, sa chiall is go mbionn sé ag baint úsáid as teanga dothuigte na n-údarás agus na gcomhlachtaí ina ghnath chaint agus é ag caint le gnath dhaoine.  “Going forward” is a leithéid.  Anois tuigim cuid den chaint seo – ach mothaím go bhfuil sé á úsáid chun freagraí beachta ar na ceisteanna crua a sheachaint. 

An rud is mó thug mé faoi ndeara faoi seó, go raibh gach aoí a cuireadh faoi agallamh ar an show roimhe seo.  Níl sé bliain ó shin ó bhí Brian Cowen ann – bhí Cherie Blaire ann nuair a céad foilsíodh a beathaisnéis agus is minic go raibh Niall agus Gilian Quinn gan trácht ar Brian McFadden agus Joan Collins. 

Tá sé cosúl le na scannáin a bhionn á athchraoladh ar RTÉ rialta go maith anois.    An chéad uair a thaispeanann siad scannán mór, abair timpeall na Nollag, bionn sé ina ocáid mhór, ach deintear an scannán céanna a chraoladh chomh minic sin ina dhiaidh go n-éiríonn sé tuirsiúil.  Is doigh liom go mbionn scannán James Bond ann gach Domhnach i gcónaí.    

Beidh sé amhlaidh le na h-aoíanna ar an Late Late Show.  Feicfimíd na daoine céanna ag teacht ós ár gcomhair go rialta go dtí go mbeimíd braon díbh – agus tá mo ‘go dtí go’ sroichte agam.  

Mar sin, táim ag fágáil slán leis an Late Late Show agus, as seo amach, táim chun úsáid níos tairbhí a bhaint as gach oíche Dé hAoine.  B’fhéidir go mbéarfaidh mé mo mhadra ar siul nó go dtosnóidh mé ar an leabhar sin a scríobh agus, corr Aoine, raighidh mé amach le h-aghaidh piúnt nó dhó. 

Tá an Late Late Show marbh – agus is dócha go raibh sé amhlaidh fiú roimh do Pat Kenny suí go h-adhmadúil sa rí chathaoir.   Tá sé in am bogadh chun tosaigh i bhfirinne agus rud éigean iomlán nua agus radacach a dhéanamh.  Cad faoi seó cainte as Gaeilge?   Anois bheadh sin éagsúil!

Deireadh seachtaine i gConamara

Oíche Dé Domhnaigh atá ann agus tá deireadh ag teacht le mo dheireadh seachtaine i gConamara. Cé go raibh sé fliuch báite furmhór an ama, bhaineas spórt as mar a bhain na páisti agus iad ag rince sa chaislean ‘bouncy’ sa ghairdín. Bhí siad faoi chlúdach i rith an ama cé go raibh orm athrú stocaí a bheith ar fáil go mion is go minic.

Ar aon nós, ritheann smaointe fánacha liom ag a leithéid seo d’am. Tugaim m’athair chun cuimhne, suaimhneas sioraí do, agus ansan cruann mo dhearcadh, nuair a smaoiním ar an raic atá fagtha ag an gcriú mí fhortúnach atá i gcumhacht.

Le linn na seachtaine fograíodh go mbeadh Ryan Tubridy ina láithreoir nua ar an Late Late Show. Maith go leor. De réir dealraimh dúirt sé in agallamh le linn na seachtaine nach léann sé an Sunday Independent agus fuair sé íde béil as ucht seo inniu sa nuachtán céanna ó mo shean chara, Eoghan Harris. Dar le Harris is peaca é do a leithéid a rá agus a thabhairt le fios go bhfuil sé ar shlí éigean ró uasal don Indo.

Léimse an Indo -agus légh mé riamh é. Tá sé tabhachtach léargas a fháil ón dtaobh eile. Agus bhíos á léamh inniu agus ag smaoineamh ar an slí nár staon an nuachtán ó bheith ag tacú le Bertie agus a cháirde roimh an Olltoghchán in 07 agus an oiread is a bhíodh siad ag caitheamh anuas ar George Lee agus David McWilliams agus aoinne eile a shoilsigh solas ar chaimiléireacht an Rialtais. Ní cheapfá gur an nuachtán céanna atá ann inniu agus scuaine colúnaithe ag tabhairt le fios go bhfuil seo ar an Rialtas is measa riamh agus gurb é Brian Cowen an Taoiseach is measa riamh.

Mar a bhím á mheabhrú díbh go minic, thugas le fios go gcaillfeadh FF suas le 35 suiochán in Olltoghchán 07 in alt a fhoilsíodh i Lá Nua. Chreideas go raibh an tóin ag titim as cúrsaí eacnamúla agus go raibh an géarchéim sna seirbhísí poiblí – cúrsaí sláinte is oideachais go h-áirithe chomh h-olc go gcaithfí amach ar a dtónacha iad. Níor tháinig an tuar ar an dtairngreacht sin ag an am. Ach tiocfaidh sé go luath.

Thugas faoi ndeara gur cailliúint 35 suíochán a bhí a thuar do FF san Indo inniu agus John Drennan ag scríobh faoi Olltoghchán nach bhfuil fógartha go fóill….

Chasas le Seosamh Ó Cuaig, glór neamhspleach Chonamara, tar éis aifrinn ar an gCeathrú Rua inniu. Tá sé ina iarrthóir sna toghcháin áitiúil – go n-éirí leis. Tá sean cara eile liom san iomaíocht leis i gConamara – Trevor Ó Clochartaigh. Guím gach rath ar Trevor freisin cé go gcreidim gur sa pháirtí mí cheart atá sé. Tá sé ag seasamh le SF.

Tréaslaím a bhua le fear Uibh Fháilí….sa ghalf. Rinne tú go maith a Shane Mhic an Labhradh. Aon ghaol agat le laochra peile Uibh Fháilí?

Aréir bhíos ag faire ar an Eurovision. An bhua ag fear óg an Iorua agus amhrán maith freisin ag bean na hÍoslainne. An chéad uair eile, caithfidh RTÉ amhrán Ghaeilge a sheoladh go dtí Osló. Bhaineamar triail as turcaí anuraidh agus amhrán Meirceánach i mbliana – cad faoi amhrán a léiríonn rud éigean faoi chultúr dúchasach na hÉireann i 2010?

Beag an baol…píosa deas sa Sunday Business Post inniu faoi Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais. Tagairt domsa ann agus m’ainmniúchán ar ghearrliosta na gcolúnaí is fearr. An é seo mo bhliain? Cá bhfios….

Tubridy an Tbhaoidil Dí a roghnaigh RTÉ

Anois tá a fhios agam go bhfuilim ag dul in aois. Cúpla lá ó shin dúirt mo bhean liom go raibh ribí liath i m’fholt gruaige tugtha faoi ndeara go soiléir aici i m’fholt fhionn dhonn. Agus aréir ceapadh fear nios óige ná mé le bheith ina ostach/laithreoir ar an Late Late Show.

Níor chuir mé morán spéise sa sorcas ar bhain le comharba a fháil don suiochán socúil seo. Tbhaoidil Dom nó Tbhaoidil Dí an rogha a bhí ann. Ach anois tá Ryan Tubridy roghnaithe agus bhí a phus ar fuaid na nuachtáin ar maidine, é féin agus a chailín, Aoibhinn Ní Shuilleabháin (Rós Thrá Lí ó chúpla bliain ó shin).

An t-aon smaoineamh a bhí agam mar gheall ar seo, seachas an cheist sin faoi ‘aois’, go raibh deis ag RTÉ rud éigean difriúil a dhéanamh. Cad faoi deis a thabhairt do bhaill an phobail iad féin a chur chun tosaigh agus clár ‘réalaíoch’ a dhéanamh faoi? Bheadh sé ina shorcas níos mó arís agus bheadh sé ina fhaoiseamh ón ngruaim is ón mbuairt atá ár gciapadh faoi láthair.

Ar aon nós – ná beadh sé níos radacaí arís dá ndéanfaí clár dhá theangach den Late Late Show agus roinnt agallaimh trí Ghaeilge a dhéanamh ar an seó. Thabharfadh sin leithscéal dom fánúint sa bhaile oíche Dé hAoine.

An Poc Ar Buile ar albam nua John Spillane

Tá éileamh mhór ar an albam is déanaí ón amhránaí John Spillane, ‘Irish Songs We Learned At School’, albam atá ar bharr mo liosta de bhronntanais Nollag i mbliana. 

Roinnt blian ó shin bhí banna ceoil á chur le cheile mar chuid de scig chlár a bhí á chraoladh ar TG4.  RíRá ab ainm don clár ach ní cuimhin liom ainm an bhanna féin.  Bhí sé i gceist acu a leagan den Poc Ar Buile a éisiúint in am don Nollag – níor tharla sé. 

Anois tá An Poc Ar Buile ar fáil, leagan nua agus John Spillane in éineacht le páistí ó Ghaelscoil Uí Riordáin i mBaile An Chollaigh ag ceol air, Seán Ó Sé agus Peadar Ó Riada ag canadh agus ag tionlacan le cois.   

Is breá liom a leitheid a fheiscint.  Tá súil agam go mbeidh díol mór ar an albam agus is cinnte go bhfuil speis ann nó bhí John ar Tubridy Tonight oíche Dé Satharn agus é ag canadh amhrán nó dhó ón albam.   Chuala é ag canadh Óró Sé Do Bheatha Bhaile – cé gur chuir an lúdramán ó Chontae na Mí, Hector Ó Heochagáin, a véarsa féin leis ag an deireadh – agus bhí gach duine sa lucht éisteachta ag ceol ina theannta. 

Tá go leor déanta ag John Spillane ar son na Gaeilge, nó is leathchuid é le Louis de Paor de Monarcan Bhuillí na Gaeilge, gan trácht ar na h-amhráin a chum sé féin.    Táim ag súil go mór le cluas a thabhairt le h-eisteacht don albam seo….

[Níl aon físeán ar fáil go fóill ó Tubridy Tonight – mar sin beidh orainn déanamh leis an bpíosa seo agus John ag ceol Beidh Aonach Amarach ag Club Sult anuraidh uair eigean! Chomh luath is a bhionn sliocht ar fáil ó Tubridy, beidh sé againn anseo!]

Mí-úsáid aerthonnta RTÉ

Léitheoir amháin ag leabhar nua Gerry Ryan faoina shaol féin ar aon nós

Léitheoir amháin ag leabhar nua Gerry Ryan faoina shaol féin ar aon nós

 

I mBaile Átha Cliath dom inné ag fiosrú na gcúinsí riachtanacha le h-aghaidh cumann scannáin a bhunú i Múscraí, d’fhill mé abhaile agus bhíos i mo shuí cois tine agus teilifíse in am don nuacht ar RTÉ ag a 9in. 

Níos déanaí an oíche sin, bhí an clár ‘Ryan Confidential’ ar siúl, clár ina chuireann Gerry Ryan daoine clúiteacha faoi agallamh.  Clár é seo nach bhféachaim air am ar bith ach thug mé faoi ndeara go raibh an laithreoir raidió ó 2FM faoi agallamh é féin an tseachtain seo agus gurb é an laithreoir raidió ó RTÉ Ráidió 1, Ryan Tubridy, an t-agallamhóir. 

Cén fath an casadh seo sa scéal?  Cén fath go mbeadh Gerry Ryan faoi agallamh ar a chlár agallaimh féin ag an am seo?  Freagra an shimplí ar seo – tá leabhar beathaisnéise díreach foilsithe ag Gerry Ryan agus ba deis é seo ar thapaigh Ryan bolscaireacht saor in aisce ar aerthonnta an phobail a dhéanamh faoi a shaol féin ag am go raibh a dhírbheathaisnéis díreach ar an margadh. 

Cé mhéid a chosnódh leath uair a chloig bolscaireachta den tsort seo ar leabhar ag údar nach raibh ag obair le RTÉ?  An mbeidh an deis céanna ar fáil do gach údar amach anseo?  An mbeadh a leithéid ar fáíl do lucht scríte leabhair Ghaeilge fiú?   

Beag an bhaol.   Tá aerthonnta poiblí na tíre seo gafa ag buíon bheag agus is ionann craoltóireacht ‘sheirbhís phoiblí’ agus an rud a deir siad gurb é, is cosúil. 

Agus mé ar an dtraen, léigh mé leirmheas ar an leabhar.   Más maith leat leabhar faoi fhear a thiteann i ngrá leis féin a léamh, seo é an leabhar duit!