Cartlanna Clibe: Polataíocht

Páirtí nua pholatúil!

Conas a bhunaíonn duine páirtí nua pholatúil?   Sin ceist a ritheann liom agus mé ag meabhrú ar chúrsaí pholatúla na linne seo sa tír faoi láthair.   An fath go gcuirim an cheist anseo, go bhfuil cuairteoirí linn ón mBriotáin ag fánacht inár dteach nua, gur chuir mé ceist orthu faoi chúrsaí polatúla sa Fhrainnc.

Dar leo go bhfuil cúrsaí sa Fhrainnc go h-ainnis agus ní thaitníonn Nicholas Sarkozy leo ná baol air.   Ach tá an fadhb céanna acu sa Fhrainnc is atá in Éirinn agus i dtíortha eile – faighimíd an rialtas a thoghaimíd (nó an bhfaigheann?).   Deir siad liom nach dtugann siad vóta do Sarko – agus deir siad nach bhfuil aithne acu ar éinne a votálann ar a shon.  Ach toghadh Sarkozy le móramh substaintiúíl trí bliana ó shín.

An bhliain chéanna toghadh an Rialtas s’againne – agus dá gcuirfeá ceist ar éinne,  is é a dhéarfadh siad leat nár votáil siad ar son FF nó na Glasaigh.   Ach bhí vóta laidir ag FF – i bhfad nios laidre ná mar a thuar mise agus mé ag scríobh i Lá Nua ag an am.

Agus mé ag féachaint ar an rogha atá ós ár gcomhair, idir FF, FG, an Lucht Oibre, na Glasaigh, Sinn Féin agus na ‘Neamhspleaigh’, ní thaitníonn aon rogha liom.  Thógfainn píosa ó na pairtithe ar fad b’fhéidir ach ní fhéadfainn cur suas leis an gcumhacht a bheith ag páirtí ar bith acu.  Mothaím go bhfuil siad stálaithe agus gan fuinneamh, go bhfuil siad ró chleachtaithe lena sean múnlaí agus nach bhfuil siad sásta tabhairt faoin athrú atá ag teastáil chun leasuithe réabhlóideacha ar an modh oibre a chur chun cinn sa tír seo.

Is é an leasú is réabhlóidí a cheapaimse ar cheart a chur sa tsiúl go mbeadh an rogha ag an bpobal votáil ar son polasaithe ar dtúis agus ansan ar son na daoine is fearr chun na polasaithe sin a chur i bhfeidhm.   Faoi láthair bionn orainn votáil ar son na bpolasaithe agus ar son na bpolaiteoirí ag an am chéanna – agus ní gá gurb é sin an slí is fearr chun rudaí a dhéanamh.   Má thosnaíonn tú comhlacht chun rud áirithe a thairgeadh nó seirbhís ar leith a sholathar, maith go leor.  Ansan tosnaíonn tú ar an bproiseas earcaíochta agus roghnaíonn tú na daoine is fearr a oireann chun tabhairt faoin chúram airithe a chomhlíonadh.

Ba mhaith liom go mbeadh an pháirtí seo, nuair atá sé bunaithe, ag solathar rogha pholasaithe don phobal ar réimse ábhair, an gheilleagar, cúrsaí oideachais, cúrsaí chultúr agus rl.   Tar éis an chinneadh a bheith déanta maidir le na polasaithe lárnacha, is féidir ansan tosnú ar an bproiseas maidir le h-iarrthóirí a earcú chun a chur ós comhair an phobail.

Maidir le h-ainm an pháirtí, bhuel, níl a fhios agam….cad faoi ‘Glór na hÉireann/Ireland’s Voice’ ?   Is smaoineamh é, smaoineamh craiceáilte b’fhéidir.  Ach is dócha gur ‘smaoineamh craiceáílte’ abea an daonláthas – rialtas na ndaoine ar son na ndaoine – an chéad lá riamh!

Rud amháín eile faoin pháirtí seo: nior chóir go mbeadh aon deontais á lorg ag an pháirtí ó aon ghnó nó comhlacht nó ó aon fhear nó aon bhean gnó.   Agus mar sin ní doigh liom go mbeidh aon airgead ann chun caitheamh ar fhograíocht, ar chaipéisi, ar phostaeirí is eile.   Ba cheart go mbeadh an páirtí seo go h-iomlán neamhspleach.

An mbeadh 1,000 duine amuigh ansin chun tús a chur lena leithéid seo de pháirtí?  An mbeadh deichniúr?

Tuigim go bhfuil toghchán ar bun ó thuaidh faoi láthair agus níl aon rud agam i gcoinne an pháirtí seo a bheith eagraithe ar bhonn uile Éirinn.  Is dócha go bhfuil sé ró mhall cur isteach ar an dtoghchán a bheidh ann i gceann trí sheachtain ach ní miste, beidh orainn tosnú ar an obair seo anois le go mbeimíd ullamh don chéad toghchán eile agus gluaiseacht ceart ón bpobal aníos a thogáil.

Is sinne pobal na hÉireann – eist lenár nglór!

An bealach chun tosaigh?

Bhíos ag déanamh roinnt machnaimh le tamall ar an bpriacal ina bhfuil an tír seo de bharr mi rialtas agus toscaí eile.

Dar liom is é an mí-rialtas an deacracht is mó atá againn. Cinnte tá na deacrachtaí geilleagracha atá againn, tá siad againn. Tá comhthéacs domhanda leo agus ní fhéadfaimís ealú ón spéirling sin, cuma cén páirtí a bheadh i bhfeidhil ar an long.

Ach tá an stoirm atá ag titim amach i dtíortha eile ina hairicín anseo de bharr an mí rialtas atá againn.

Ní fheadar an féidir an locht ar fad a chur ar Fhianna Fáil. Nó an mbeadh gach páirtí chomh olc lena chéile. Níl a fhios agam an bhfuil aon eolas nó cumas nó scil sa bhreis ag na polaiteoirí sna páirtithe eile. B’fheidir go bhfuil corr pholaiteoir atá fís aige agus cumas atá inchurtha le sin chun sinn a thabhairt slán ón bpriacal ina bhfuilimíd.

An mbeadh aon réiteach ar ár scéal dá mbeadh toghchán ann? Tá an baol ann go dtoghfaimís Fine Gael/An Lucht Oibre le bheith sa Rialtas mar mhalairt ar Fhianna Fáil agus b’fhéidir nach bhfuil réiteach an scéil acu. Sa deireadh thiar is polaiteoirí atá sna pairtithe ar fad – agus níl scil ar leith acu seachas an pholataíocht.

Agus tá gá le sainscileanna anuas ar an pholataíocht chun sinn a thabhairt slán ón bpriacal seo. Ní oibríonn sé ach an oiread nuair a bhionn ‘comhairleoirí speisialta’ le sainscileanna ag polaiteoirí chun iad a threorú – nó bionn na stat seirbhísigh ag cogarnaigh sa chluas eile ag cur iad ar mhalairt treo.

An réiteach ar ár scéal go mbeadh Rialtas Náisiúnta ann, comhrialtas idir FF agus FG mar shampla? Ní chreidim é. Arís ní bheadh agat ach polaiteoirí agus ní doigh liom gur leor sin sa chás seo.

Mar sin, an rud atá á mholadh agam sa deireadh thiar, go dtoghfar go díreach gach aire rialtais. Bheadh ar gach iarrthóír le h-aghaidh gach post a chuid polasaithe a chur os ár gcomhair agus bheimís ábalta iad a cheistiú. D’fhagadh sin, sa chéad dul síos, go mbeadh gach iarrthóír le h-aghaidh gach aireacht ag lorg an phoist sin. Ní bheadh, mar a tharlaíonn anois, aire á roghnú i bpost nach raibh sé nó sí sásta lei, de bharr gur ‘ísliú céime’ a bheadh ann.

Sa deireadh thiar, is é seo mo cheist. Dá mbeadh an rogha agat, cé thoghfá mar Aire le freagracht ar an nGaeilge/an Ghaeltacht?

Tá liosta agam anseo ó bharr mo chinn de dhaoine a chreidim a bheadh buanna ar leith acu don phost seo, dá mbeadh siad ar fáil agus toiltheanach glacadh leis an bpost. Tá spás ann do bhúr rogha féin. Ná bíodh cúthall oraibh, bígí ag votáil – agus má tá fonn oraibh daoine eile a mholadh, molaigí iad.

Léigí an chló bheag!

Cá bhfuil ainm pháirtí Bhrian?

Cá bhfuil ainm pháirtí Bhrian?


Seo postaer d’iarrthóir Fhianna Fáil i Réigiún an Deiscirt sna Toghcháin Eorpacha. Brian Crowley an t-é atá san iomaíocht thar cheann an phairtí.

An bhfeiceann tú ainm an phairtí ar an bpostaer? Tá sé ann – bhíos ag smaoineamh ar chomórtas a thosnú ar nós an ‘Spot The Ball’ a bhíodh ag an Sunday Press fadó agus sibh a spreagadh chun lógó an pháirtí is mó sa Rialtas a aimsiú ar an bpostaer seo ag iarrthóir an pháirtí?

An é go gceapann Brian Crowley gur amadáin sinn agus nach gcuimhneoimid ar an phairtí atá sé bainteach leis agus sinn ag votáil?

Bíodh is go mbionn sé i bhfad uainn sa Bhruiséal i mbun a chuid oibre, ní dhearúdfaimid é agus an pháirtí lena mbaineann sé.

Is cinnte go mbeidh a leath bhadóir, Ned O’Keeffe, ag meabhrú freisin ar an gcló bheag nó ar eigean gur féidir a ainm a fheiscint ar chorr ar bith ar an bpostaer.

An ndeineann SF próf léamh ar ábhar bholscaireachta an pháirtí?

Ní thaithníonn sé liom riamh bheith ag caitheamh anuas ar chaighdeán Ghaeilge dhaoine eile. Ní h-é sin an slí chun daoine a mhealladh i dtreo na teanga, creidim.

Anuas ar sin, dá mbeinn ag déanamh magaidh faoi droch Ghaeilge dhuine d’fhéadfadh sé tarlú go mbeadh mílitriú anseo nó ansiúd nó lúb eile ar lár a d’fhagfadh go raibh an deis ag duine magadh fúmsa.

alt tarcaisneach ag Pól Ó Muirí sa Belfast Telegraph inniu agus é ag magadh faoin chaighdeán Ghaeilge atá in úsáid i gcaipéis nua atá éisithe ag Sinn Féin agus atá faighte aige. De réir an ailt seo ag an Muiríoch, tá go leor botúin gramadaí agus litriúcháin sa chaipéis.

Party president Gerry Adams writes: “Tá eolais (sic) sa (sic) foilseacháin (sic) seo ar obair do chuid Airí?” and “tá am deacair eacnamaíochta, naisiúnta (sic) agus idirnaisiúnta (sic) romhain (sic).” While the piece from Deputy First Minister, Martin McGuinness, talks of “sochaí cothrom (sic) a cruthú” (sic), “obair furasta” (sic) “ar fud an Tuasiceart” (sic) and “chun phobail (sic) níos sábhailte (sic) a cruthú (sic) ?”

Dar leis an Muiríoch, ba chaipéis ana shnásta – glossiáilte(?) – a seoladh chuige. Agus is dócha gur seoladh na mílte caipéisí den tsort seo ar fuaid na tíre ag iarraidh dea íomhá a chruthú don phairtí.

Gach cainteoir Ghaeilge atá aithne agam air nó uirthí, léifidh sé nó sí an chaipéis agus titfidh a c(h)roí. Slam mhór airgid caite ar iris shnásta ach an Ghaeilge ann chomh h-ainis sin is go gcuireann sé pian ar do shúile bheith á léamh.

Agus é sin scríte agam, cuireann sé i gcuimhne dhom gur cuireadh an choir teanga sin i mo leith féin uair nó thrí, ar an suíomh seo!

Ar ndóigh, bionn Pól Ó Muirí ag scríobh don suíomh El Blogadór, suíomh a thacaíonn go neamh leithscéalach leis an SDLP agus bheithfeá ag súil lena leitheid de chaint uaidh. Ní dócha go raibh focal molta riamh aige do SF.

Bhíos féin sásta an phairtí a chosaint trath mar gur cheapas go raibh an pháirtí ar leas na Gaeilge. Ansan fuair mé amach gur a mhalairt a bhí fíor.

Tá go leor cainteoirí Ghaeilge sa phairtí agus daoine le tuiscint mhaith ar ghramadach agus a leitheid a chuideodh leo a chinntiú go raibh an teanga a raibh á úsáid acu réasúnta agus, ar laghad, neamh phianmhar. Go deimhin tá siad ann sa phairtí atá ina chainteoirí Ghaeilge chomh líofa agus chomh binn is a fhéadfá a chloisint in áit ar bith.

Ach tá eite eile sa phairtí a chreideann gur cineál gradam atá á thabhairt acu don teanga í a úsáíd ar chorr ar bith agus ná raibh am ag daoine a bhí sáite sa réabhlóid bheith ag foghlaim gramadach na Gaeilge agus nár cheart dúinn bheith buíoch go bhfuil sí á úsáid ar chorr ar bith ag leitheidi Gerry Adams i bhfianaise nach mbionn sí á úsáid ag Mark Durkan (an bhfuil seisean go fóill ina cheannaire ar an SDLP?) ar chorr ar bith.

Agus tá siad chomh h-olc céanna ó dheas den teorainn. Is cuimhin liom cúpla bliain ó shin gur iarras ar phrof leitheoir an nuachtáin ceartú a dhéanamh ar leagan Ghaeilge de litir a bhí foilsithe ar shuíomh idirlíne Roinn an Taoisigh. Bhí an litir in ainm is a bheith scríofa ag Bertie Ahern, Taoiseach na linne. Bhí sé breac brocach le botúin. Sheolamar an litir cheartaithe chuig Roinn an Taoisigh le geallúint nach ndeinfí aon phoiblíocht ar an scéal. Seirbhís ar son dignit na tíre a bhí ann. Bocht an bhuiochas a fuaireamar dár dtrioblóid.

Inniu féin feicim go bhfuil roinnt den suíomh ag an Taoiseach, Brian Ó Comhain, Gaeilgeoir mhór Uibh Fhailí, i nGaeilge. Tá ráiteas misin ann i mBéarla agus tá leagan Ghaeilge fosta.

I mBéarla:
To provide the Government, Taoiseach and Ministers of State with the support, policy advice and information necessary for the effective control of Government and for the dynamic leadership, co-ordination and strategic direction of Government policy.

Is cosúil gur coiste de short éigean a chum an ráiteas sin nó tá sé beagnach do thuigthe.

I nGaeilge An chomhairle beartais, an fhaisnéis agus an tacaíocht atá de dhith chun an Rialtas a sheoladh go h-eifeachtach agus chun treoir straitéiseach a thabhairt do bheartais an Rialtais ar bhealach chomhordaith agus sainstiúrtha [a chur ar fáíl].

Mise a leag an bhéim breise sin nó creidim gur clasail in aisce é seo i bhfianaise go bhfuil an ‘treoir straitéiseach’ tugtha roimhe sin agus nach bhfuil ainmfhocal breise le go bhféadfadh ‘a chur ar fáil’ bheith ag tagairt do.

Mar sin, níl aoinne saor ó locht.

[Táim buioch do Greavesie as an ceartúchán a chur ar fáil don teideal! Maith thú! Mar is léir níl próf léamh á dhéanamh agam ar ábhar an bhlag seo – ach ansan níl Rialtas na Banríona ag íoc as na billí léamh phrófaí!]

An Lucht Oibre chun tosaigh ar Fhianna Fáil

De réir an pobal bhreith is déanaí, tá Páirtí an Lucht Oibre imithe chun tosaigh ar Fhianna Fáil den chéad uair.

Is iad seo torthaí suirbhé TNS/MRBI:
Fine Gael 32 (-2)
Lucht Oibre 24 (+10)
Fianna Fáíl 22(-5)
Sinn Féin 8 (+1)
An Chomhaontas Glas 4 (gan athrú)
Neamhspleaigh 9 (-4)

Is é seo an freagra a bhíos ag súil leis nó creidim gurb é Éamon Gilmore is fearr a chruthaigh a mhianach mar cheannaire le seachtain anuas.

Ciallaíonn an toradh seo go bhfuil Fianna Fáíl tar éis leath dá chuid tacaíochta a chailliúint ón olltoghchán dheireannach.

De réir torthaí phobal bhreith na gceannairí, tá Eamon Gilmore ag 44% agus tá eisean i bhfad chun tosaigh ar gach ceannaire eile. Ní raibh titim ró mhór ar fhigiúirí an Taoisigh – nó thit sé sin 2%. Ach ní raibh sé ard sa chiall dul síos agus anois is é an ceannaire leis an figiúir is ísle – tá sé ag 22%.

Scéal imeallach – agus ní dócha gur íontas é nó is pairtí imeallach é Sinn Féin – nach bhfuil aon méadú suntasach ar Shinn Féin – suas 1% go dtí 8%.

Léiríonn sé go bhfuil an páirtí ‘radacach’ seo ar an imeall trath gur cheart do bheith ar mhuin na muice. Is é an pairtí is faide bhunaithe sa tír iad ach tá sé cosúil is gur pairtí coimhthíoch é ina thír dhúchais.

Sinn Féin agus ath-aontú na tíre

D’eirigh le Gerry Adams filleadh ó Washington in am chun oráid a thabhairt ag ocáid Shinn Féin inné chun bunú an Chéad Dála cothrom an lae 90 bliain ó shin. Oráid a bhí ann inar dhein sé an argóint nár luadh, ní doigh liom, an lá roimhe ar chorr ar bith nuair a bhí an chomóradh oifigiúil ann ag an Stat ó dheas, go raibh crioch dheighilt tar éis bac a chur ar fhás agus fhorbairt na hÉireann agus go raibh sé in am anois feachtas a chuir sa tsiúl chun buanna athaontú na tíre a chuir os comhair an phobail.

Is ceart agus is cóir go mbeadh an feachtas sin ann dar liom agus dá mbeadh an cheist sin ag croí lár gach rud a dhein SF sna toghcháin atá romhainn, mheallfadh siad tacaíocht níos mó ná an 8-10% atá á fháil acu. Roimhe seo bhí na feachtais ag SF leath bhacáilte agus gan creidiúint – iad ag iarraidh ag an olltoghchán dheireannach bheith sa rialtas ó thuaidh is ó dheas ag an am chéanna. Bhí sé olc go leor iad a bheith ag iarraidh bheith ag suí sa rialtas leis an DUP ó thuaidh – ní dócha go bhfuil pairtí níos faide ar an eite dheis ar gach ceist tabhachtach san Eoraip – ní raibh aon rogha eile ann agus bhí toscai láidre eile le cur san áireamh.

Ach iad ag iarraidh bheith ag suí in aon rialtas le Fianna Fáil ó dheas ag an olltoghchán dheireannach, beag bheann ar na prionsabail a bheadh le fágáil ag an doras acu, b’shin céim ró fhada. Más cuimhin libh bhí Sinn Féin sásta a bpolasaithe maidir le cáín corporáideach a athrú díreach roimh an toghchán.

Tá sé tabhachtach go mbeadh polasaithe ciallmhara ag SF i réimsí tabhachtacha ar nós an eacnamaíocht, sláínte agus eile – ach is é an cheist a sháiníonn SF ceist ath-aontaithe na tíre. Is é sin gort s’acu agus cé go bhfuil pairtithe eile béal craifeach ar an gceist, níor cheart go mbeadh aon cheist faoi sheasamh SF ar an gceist.

Ach tá, mar tá an pháirtí tar éis dearúd a dhéanamh ar an mbunchúis go bhfuil siad sa pholataíocht, is é sin deireadh a chur leis an gcriochdheighilt agus Éire a athaontú. Tá an chuspóir seo ligthe i ndearmad acu de bharr go bhfuil siad dallta ag an smaoineamh go bhféadfaidís bheith i gcumhacht ach comhaontaithe a dhéanamh le FF nó eile.

Is íorónta an scéal é ach sílim go bhfuil pobal na tire reidh le h-aghaidh pairtí a chreideann i rud éigean seachas a bheith i gcumhacht ar mhaithe leis an gcumhacht.

An mbeadh speis acu anois i bpáirtí a bheadh ag iarraidh ath-aontú na tíre? Sin ceist ar fiú a chur amuigh ansin anois agus an cogaíocht ó thuaidh thart le beagnach cúig mbliain deag – sin glúin iomlán nach mór.

Tá sé in am freisin do Shinn Féin deireadh a chur lena ré mar pháirtí na h-agóide agus iad féin a athshamhlú mar phairtí an fheachtais. Ní h-aon mhaith doibh nó dón phobal bheith mar phairtí atá i gcoinnibh gach rud ach nach feidir a dhéanamh amach go díreach céard atá siad ar a shon. Sin polataíocht na seachtódaí. Táimíd beo i ré úr anois.

Os rud é go raibh Gerry Adams i Washington ag inshealbhú Barack Obama ina Uachtarán ar Mheirceá, b’fheidir gur feidir leis roinnt ceachtanna a fhoghlaim. Tá an gluaiseacht i measc an phobail a bhunaigh Barack Obama agus a chuidigh leis bheith tofa ina Uachtarán ar an ngluaiseacht pholatúil is cumhachtaí dá bhfacthas riamh san nua aois pholatúil.

Ba chabhair do Obama go raibh uachtarán chomh mí thaithneamhach le George W. Bush ann lena linn mar chuidigh sin leis an aeráid a chruthú le go bhfasfadh síol ar nós Obama i ngort an tsoinicis. B’fhearr le daoine bheith dóchasach seachas bheith soiniceach.

Go dtí seo tá daoine in Éirinn soiniceach faoin pholataíocht. Is é Fianna Fáíl – agus ar an droch uair – an Chomhaontas Glas an George W. Bush s’againne. Dá luaithe a fheicimíd iad ag imeacht, níl sé luath a dhothain. Tá gá le h-údar dochais. Tá gá le tuairim mhór chun sinn a ghriosadh agus ansan modh oibre chun sinn a eagrú.

Tá amhras faoi chumas Sinn Féin tabhairt faoin eagraíocht seo a bheadh ag teastáil chun an taoide soinicis a chur ar ath-threo. Ach ar a laghad tá tuairim mór acu. Tá sé in am go mbeadh Sinn Féin ar son rud éigean atá níos mó ná Sinn Féin agus beartú is eagrú dá réir.

Táim ag caint mar dhuine atá muinín caillte agam i Sinn Féin – de bharr an tréas a rinne an phairtí ar Lá Nua agus eile – ach de bharr go dtacaím leis an sprioc go mbeadh Éire Aontaithe ann, níl sé as an cheist nach feidir mo mhuinín a thuilleamh in athuair. Is féidir sin a dhéanamh ach tabhairt faoi. Tá daoine eile ann atá muinín caillte – ar chúiseanna eile – agus arís eile is féidir an muinín sin a shaothrú arís.

Ach fiú mura raibh Sinn Féin ach ag bladar inné agus nach bhfuil sé i gceist acu aon rud praicticiúil a dhéanamh ar son Eire Aontaithe – go leor ‘gong’ ach gan dinnéir ar bith – ba cheart dúinn mar phobal eagrú ar son an sprioc sin a bhaint amach. Ná bímis ag fánacht ar Phrionnsaí, dúirt Machiavelli fadó, agus b’shin fear a thuig úsáid na cumhachta!