Cartlanna Clibe: Filíocht

Dáimhscoil Mhúscraí Uí Fhloinn

Beidh Dáimhscoil Mhúscraí Uí Fhloinn ar siúl i mbliana ar an Aoine, Márta 11, in Ostán Ghobnatan Baile Mhuirne ag 8in.

Seo chugaibh An Chuireadh agus An Cheist mar lón machnaimh d’fhilí, do bháird agus do rannairí. Cá bhfios ach go spreagfaidh na véarsaí seo sibh le dul i mbun pínn. De ghnath bionn an Dáimhscoil ar siúl i Múscraí idir an dhá Nollag – ach i mbliana, de bharr na droch aimsire – cuireadh ar athló an ocáid ar leith seo agus meastar anois go mbeidh sé á thionól timpeall na Cásca i nGaeltacht Chorcaí.

Dáimhscoil Mhúscraí Uí Fhloinn Earrach 2011

An Cuireadh

An Monsignor Pádraig Ó Fiannachta. Uachtarán

Fáilte is fiche go Dáimhscoil Mhúscraí
Roimh óg agus aosta, roimh bháird is filí
Choinnigh sioc agus sneachta is barthanach bháistí
Sinn go léir cois na tine ar shráideoga inár luí.

Sa chruachás ina bhfuileam, tá gá le h-árdú croí
Ach ní hair a bhionn trácht ach ar cháin is ar chíos
Na filí amháin a chuirfidh an ghruaim ar fán le gáirí
Is a chuirfidh an misneach ag coipeadh in áit an imní

Sea, beir ar do pheann nó tóg chut do phísí
Breac síos do theachtaireacht le teanntas is brí
I láthair na Dáimhe dein é a reacadh go binn
Bíodh sampla do shínsear id’ghriogadh chun gnímh
Ar mhaith le bocht agus nocht is gach dream atá thíos.

An Cheist Lá ‘ le Gobnatan 2011
An Cléireach (Peadar Ó Liatháin)

A cháirde cairn is a mhaithe groí
Bhùr dtrá arís tá tagaithe
Le lán dea chroí is lom lár na firinne
Tá crua cheist chúibh le freagairt

An mallacht é nó eascaine
nó saint lucht Bainc is rachmais
d’fhág sinn I ngeimheall ag mangairí
Nó ag bacachas sa Bhruiséal.

Ar mbánta mín gan macra
Ó Mhálainn síos go Dairbre
Dí-fhostaíocht ár gcreachadh tá.
Is iad na lán rith i gcéin

Nár leor péindlithe Shasanacha
Ár sinsear síos sa lathaigh bhrúigh
Nó dhibir siar thar Sionainn iad
Mar dhaoir san imigéin.

I ndíl chuimhne….

An deireadh seachtaine seo táim ag tabhairt chun cuimhne m’athair, Dónal, a cailleadh um an dtaca seo anuraidh.    Bhí sé 74 bliain d’aois.

Seo dán dá chuid a chum sé mar chuimhne ar chara eile liom a d’éag i Lúnasa 1997.  Fear óg dárbh ainm Fiachra O’hAodha, fear chomh brea is a bhí ann riamh.

Fomhar 1997

Thainig na h-ealaí aréir,

Ar shaoire ón aigéin

Dhúisíodar mé ‘rís ar maidin

Is ní rabhais ag luí lem thaobh.

Cé leis go ndéanfad caint?

Cé dho go dtabharfad grá?

D’imigh tú leis an taoide

Agus ní thiocfair thar nais go brách.

Coiscéim ar lic an dorais,

cheapas gur tú a bhí ann.

Go h-oban cheartaigh m’aigne

Macalla ar fán ón uaigh.

Ó dá mba mise Críost

d’ardóinn tú arís ón mbás

Ó a Chríost na trócaire

Tabhair dom faoiseamh ar mo pháis.

Duilleoga fómhair ag séideadh

Tá mo smaointe leo chun fáin

Tá na gaotha tríom ag réabadh

Níl aon ghéag ná craobh díom slán;

Agus chím ar íor na spéire

An Nollaig a’ teacht ar luas

Du’ scamail tíntí is tóirní

A shloigfidh mé siar ‘na bpluais.

Seasaim ar imeall na h-aille,

Is an chuilithe mhealtach thíos fúm

Is níl loinnir de ghrian an Earraig

Ná den Samhradh ‘tá ‘mithe uaim

Ní h-aoibhinn blátha na n-áirne

Ná an samhaircín buí cois claí

Nuair a mhúch an chré do gháire

D’fheoigh gach bláth im chroí.

Mise bláth feochta i ngloine

Mise an luaithreach ar thoitín

Mise cúbhar bán ar an dtuille

Nó an peidhleacán insan draoib

Tabhair dom do sholas a chuisle

Cuir an dóchas arís im chroí

Mar anois má déantar mé a chroitheadh

Bead im luaithreach ar neamhní.

le Dónal Ó Liatháin

Imeacht

Is píosa filíochta é seo a chum m’athair, Dónal Ó Liatháin. Rinne mo dheirfiúr, Bríd, é a d’aithris ag béal a uagha nuair a cuireadh é anuraidh. Léim é ó am go cheile nuair a bhíonn a chomhluadar uaim. Ní seo an chéad uair a foilsíódh anseo é ach nach mbionn ath-chraoltaí ar theilifís?

Imeacht

le Dónal Ó Liatháin

Cíorann an bás an gleann gach bliain

Is tógann creach

Ó Chúm na nÉag na tuillte comhrann

Fán Sulán soir

Díríonn méar is buaileann buille

Is tógann leis óg is sean.

Ceol is spórt is clisteacht céirde

Gaois is croi maith, cion is féile

Subháilcí na sean go mear sa chré leis.

Tá coiscéim na gúise mar thóirneach ar mhaol chnuic

San Ínse Mhór is alpach a theacht

Is Ré na bPobal ag eascar glas

Fíon ’a ól de dhroim bó seasc

Is caoire bána an sliabh amach.

Áitreamh éan – cearca fraoigh is naoscaigh

Na daoine imithe nó ag imeacht ’na dtréan-shruth.

I gcliabhán na haigne

A’taithneamh fe ghrian na hóige

Tá imeachtaí, eachtraí

A bhí, is ná beidh arís níos mó.

Lá bainte na mona ar mhullach an Scrithin

Grian Aibreán ag árdú,

Meitheal fear ’na leinte geala

Bainc á nglanadh

Sleain, picí agus sceanna féir i bhfearas

Allas ar dhoinne ‘s ar dheirge a ngruadh

Comh-obair, comh-oilte, comhdhaoine.

Nó sábháilt an fhéir san Doirín Áluinn

Grian an Mheithimh is na scamaill ar luas

Is a scáileanna ’á dtarrac de dhroim na gcnoc anuas;

Geamhair ’na ghlas-muir de thonnta righne,

Is gréasán airgid ar ghormloch.

Trathnóntaí feanaideach’ ag piocadh prataí

Ramhainní ag preabharnaigh sna h-iomairí thíos’

Staisiún le hól, amhráin go maidean

Comhghreann, comhchomhrá, comhdhéanamh reanna.

Sin í an chreach a thógann an bás leis

An cnagaire sanntach ó dhoras is doras

Ní h-eisceacht éinne, níl tig nár réabadh

Sa reilg tá stór i dtaisce ’gainn go léir.

©Gach coipcheart ar chosaint Clann Uí Liatháin 2008

Dáimh Scoil Mhúscraí Uí Fhloinn

Tionólfar Dáimh Scoil Mhúscraí Uí Fhloinn in Ostán Ghobnatan ar an Satharn, 17 Eanáir, ag 7.30in.    Is é seo an t-aon cúirt filíochta dá leitheid sa tír.    An Monsignor Pádraig O Fiannachta Uachtarán na Dáimh Scoile agus is é Peadar O Liatháin an Cléireach. 

An Cuireadh

Fáilte agus fiche go Dáimhscoil Mhúscraí

Roimh baird agus éigis lucht léinn is filí

Fágaíg bhúr mbuartha, bhúr mbrón is imní

Is bíodh caidreamh bhúr gcarad ag ardú bhúr gcroí 

 

Fáilte roimh an ógra , cáilíní agus buachaillí 

Fáilte roimh an ngasra ó Chathair Chorcaí 

Fáilte roimh an geaingiléirí ó Contae Chiarraí 

Fáilte roimh na sluaite ó bhailte Mhúscraí

 

Beidh ceist chrosta chealgánta ó pheann an rúnaí 

Le suaitheadh, le fregairt, le h-áiteamh teasaí

Cé ná beidh baol an go raghfar chun dlí

Agus sé breitheamh an aighnis an scairteadh gáirí

 

Beidh lucht ráidió agus páipéar is an uair seo TV

Ag scaipeadh is ag alpadh dánta is dréachtaí

Beidh Betsy is an bhantracht ag réiteach cóir bídh

A shásóidh gach éinne gan bhagairt gardaí

An Monsignor Pádraig  Ó  Fiannachta

An tUachtarán

Ceist na Dáimhe

Im aonar dom ag spaisteoireacht

An spéir im thimpeall scamallach

Anuas dem dhruim am’ thachtadh ‘steach

Lem smaointe duairce damanta

ag casaoid leis an saol

 

Ansan braon is míle fearthainne

Do raid anuas go tarcuisneach

Ag sileadh síos go talamh uaim

na dhíle fuar bréan

Do rith trím chroí cás Rafteirí

Ar bord  Áth Cinn ag taisteal do

Le na bhaitin bán ag priocadh leis,

is a mhaidrín dílis fairis riamh

Gan amharc ar an saol.

 

Nach daille sinn ná Raifteirí

nach mí-adhmharai, nach bascaithe

Le rialtóirí gan faic acu ach glam agus béic

A chaith na miliúin airgid, 

d’fhág sinn sa draoib mar bhacachaibh

Ag iarraidh déirc ar sheandaoine

ní áirím na mic léinn.

 

Nach aithis is nach eascaine a bhfuil le fáil ag na h-airí sin

Iostas cuí is tiománaí ar bhóthar nó san aer. 

Ní fios cé méid ins na h-oifigí ná luach stampaí ar litreacha

Nách suimiúla a bheadh na billí sin

dá ndíolfá iad tú féin.

Peadar  Ó  Liatháin

An Cléireach

Cuirfear fáilte roimh fhreagraí ar an gCuireadh nó ar an gCéist agus dánta eile ach iad a bheith foilsithe anseo roimh ré. Is féidir iad a sheoladh freisin chuig an seoladh r-phoist seo agus bí cinnte go gcuirfear iad ar fáil don Cléireach le go mbeidh siad á léamh ar an oíche. 

Tá sé i gceist freisin go mbeidh míreanna ón oíche á scannánú agus á chraoladh ar an idirlíon. Beifear ábalta teacht orthu anseo nó ar suíomh Youtube iGaeilge.

Imeacht

Is é seo an phíosa filíochta ó pheann m’athair a rinne mo dheirfiúr, Bríd, aithris air ag béal na h-uagha.  Más ceadmhach dom é a rá, is píosa filíochta as an ghnath atá ann.  Tá súil agam go mbeidh sé mar sholás agus mar chlochmhíle filíochta agaibh…..

 

Imeacht     

An Dálach – Dónal Ó Liatháin

 

Cíorann an bás an gleann gach bliain

Is tógann creach

Ó Chúm na nÉag na tuillte comhrann

Fán Sulán soir

Díríonn méar is buaileann buille

Is tógann leis óg is sean.

 

Ceol is spórt is clisteacht céirde

Gaois is croi maith, cion is féile

Subháilcí na sean go mear sa chré leis.

 

Tá coiscéim na gúise mar thóirneach ar mhaol chnuic

San Ínse Mhór is alpach a theacht

Is Ré na bPobal ag eascar glas

Fíon ’a ól de dhroim bó seasc

Is caoire bána an sliabh amach.

Áitreamh éan – cearca fraoigh is naoscaigh

Na daoine imithe nó ag imeacht ’na dtréan-shruth.

 

I gcliabhán na haigne

A’taithneamh fe ghrian na hóige

Tá imeachtaí, eachtraí

A bhí, is ná beidh arís níos mó.

 

Lá bainte na mona ar mhullach an Scrithin

Grian Aibreán ag árdú,

Meitheal fear ’na leinte geala

Bainc á nglanadh

Sleain, picí agus sceanna féir i bhfearas

Allas ar dhoinne ‘s ar dheirge a ngruadh

Comh-obair, comh-oilte, comhdhaoine.

 

Nó sábháilt an fhéir san Doirín Áluinn

Grian an Mheithimh is na scamaill ar luas

Is a scáileanna ’á dtarrac de dhroim na gcnoc anuas;

Geamhair ’na ghlas-muir de thonnta righne,

Is gréasán airgid ar ghormloch.

 

Trathnóntaí feanaideach’ ag piocadh prataí

Ramhainní ag preabharnaigh sna h-iomairí thíos’

Staisiún le hól, amhráin go maidean

Comhghreann, comhchomhrá, comhdhéanamh reanna.

 

Sin í an chreach a thógann an bás leis

An cnagaire sanntach ó dhoras is doras

Ní h-eisceacht éinne, níl tig nár réabadh

Sa reilg tá stór i dtaisce ’gainn go léir.

 

©Gach coipcheart ar chosaint Clann Uí Liatháin 2008