Cartlanna Clibe: Enda Kenny

Rialtas gan freasúra

Tá an aimsir go h-álainn faoi láthair. Bhuaigh foireann rugbaí na hÉireann ar Shasana ag an deireadh seachtaine, bua a tháinig sna sála ar bhua Éireannach eile ar Shasana i gcruicéad. Tá Banríon Shasana agus Uachtarán SAM ag teacht go h-Éireann go luath. Bí ag caint ar mhí na meala do Enda Kenny. Is cinnte go bhfuil gaoth ina sheol ó toghadh ina thaoieach é agus tá árdú meanman le sonrú ar fuaid na tíre.

Bhí gach rud go brea go dtí gur foilsíodh gan coinne Tuairisc Mhoriarty an tseachtain seo. Ní h-é go raibh easpa eolais faoin mhéid a bhí le rá sa tuairisc sin. Is cinnte go bhfuil ceisteanna le freagairt ag an Rialtas seo mar gheall ar an méid atá scríte sa tuairisc sin. Tá ceisteanna le freagairt ag Michael Lowry faoin gcleasaíocht a bhí ar bun aige agus é ina Aire, cleasaíocht a thug cabhair suntasach do Denis O’Brien an conradh a bhuachaint don bhfón póca. Mar gheall ar an gconradh sin, is é Denis O’Brien duine des na daoine is saibhre sa tír anois. Is leis nuachtáin agus staisiún raidió. Is deoraí cánach é anuas ar sin. Dar leis an dtuairisc, fuair Michael Lowry airgead agus iasacht airgid ó Denis O’Brien agus ceanglaítear an t-airgead leis an gcúnamh a thug Lowry do O’Brien. Ag an am go raibh seo go léir ag titim amach, bhí cúigear atá anois sa Rialtas seo ag suí timpeall an bhoird ag an gComhaireacht le Lowry. Cheapfá gurb é seo buille an bháis don Rialtas seo.

Fiú is gur dúradh sa tuairisc ná raibh aon mileán le cur ar an gComhaireacht sin, táimíd ag caint faoi 1995/6 ar eagla na mí thuisceana, mar gheall ar iarrachtaí Lowry eolas cuí a chur faoi cheilt óna chomhleacaithe Rialtais, tá ceisteanna le freagairt ag an Rialtas faoin deontas $50,000 a fuarthas ó mhathair chomhlacht ESAT, Telenor, seic nár athraíodh go h-airgead riamh agus ar tugadh ar ais.

Na ceisteanna go léir sin san áireamh, na h-amhrais a chothaíonn siad chun tosaigh inár n-inchinn, ní baol do Enda Kenny agus a Rialtas. Ar ndóigh tá móramh ollmhór aige ach fiú mura raibh, tá an freasúra chomh lag is gan brí nach féidir leis ach iad a shárú.

Ba bheag an béim a leag ceannaire FF, Mícheál Martin, ar eachtraíocht Michael Lowry. Conas a bhféadfadh sé nó ná raibh an Rialtas a raibh sé mar chuid de ar feadh ceithre bhliain deag ag brath ar vóta Michael Lowry ar feadh cuid mhór den tréimhse sin? Ní fheadar an raibh aon tairbhe a bheith ag cur ceisteanna ach an oiread faoin deontas ó Telenor? Mar a dúirt Enda Kenny, cén fath go mbeadh siad buartha faoi seic nár cuireadh sa bhanc nuair a raibh ceannaire FF ag glacadh le ‘whiparounds’ ag béilí?

D’iompaigh an cheistiú go seó grinn nuair a sheas Gerry Adams ar a dhá chos. Thosnaigh seisean ag cur ceisteanna faoi ‘níocháin airgid’ agus bhris lucht FG amach ag gairí. Agus iad ag scairteadh le gairí, ní fhéadfaí ach na focail ‘Northern Bank’ a chlos ós cionn torann an ghrinn. Creidim gur botún tubaisteach é ag SF Gerry Adams a chur ó dheas – b’fhearr i bhfad dá dtoghfaidís duine gan bagaiste Adams ina cheannaire. Is cuma liom, áfach, nó nílim ag iarraidh go dtiocfadh feabhas ar SF agus go mbeadh an pháirtí níos éifeachtaí. A mhalairt glan atá uaim. Is ailse i gcóras pholatúil na tíre é SF anois.

Nuair atá freasúra chomh lag agus chomh smálaithe le SF/FF againn, cé a chuirfidh na ceisteanna ar an Rialtas? Cé a chinnteoidh go ndéanfaidh an Rialtas beart de réir briathar?

Mar a dúirt fealsúnaí trath, ní h-amháin go bhfuil an t-adh le Enda Kenny go bhfuil móramh laidir ar a shon sa Dáil, is mó arís go bhfuil sé beannaithe mar gheall ar a namhaid a bheith mí-oiriúnach.

Drochmheas Shinn Féin ar an nGaeilge – ó bhéal Shinn Féin

Mr Doherty said Labour was “desperate” for power.

“I think Labour will concede to Fine Gael on a wide range of issues. I think they will accept cuts in social welfare. Labour will walk away with a few Fine Gael concessions on things like graduation tax and maybe the Irish language — not key economic issues,” he said.

B’shin a bhí le rá inné ag Pearse Doherty TD, ionadaí Shinn Féin i Donegal South West, agus é ag tracht ar na cainteanna atá ar bun idir an Lucht Oibre agus Fine Gael. Má bhí léargas ó dhuine ar bith ar fhíor mheas Shinn Féin ar an nGaeilge, sin agat é ó bhéal a’ chapaill. Síleann Pearse agus, ní foláir, SF gurb í an sop in áit na scuaibe.

Ar ndóigh rinne an pháirtí seo go minic roimhe. Noiméad amháin tá siad ag déanamh ‘buaileam sciath’ faoin gheallúint i gComhaontú Chill Rimhinn ach nuair atá ár n-aird in áit eigean eile, ní ghlacann siad an Aireacht Chultúir nuair atá sé ar phláta ós a gcomhair agus fágann siad ag an DUP agus leithéidí Nelson McCausland (Edwin Poots is Gregory Campbell roimhe) é chun sceannairt a dhéanamh ar an nGaeilge. Mar gheall ar sin bionn ar phobal na Gaeilge troid chúlgharda a fhearadh chun, mar shampla, an Chiste Craoltóíreachta a thabhairt slán ón dtua.

Roimh an toghchán seo, bhí go leor ráitis árd bhladhmannach ag Sinn Féin faoi chomh diograiseach is a raibh an pháirtí ar son na teanga, an páirtí ag maíomh go raibh siad in éadan moltaí Fhine Gael, mar shampla, faoi ábhar roghnach a dhéanamh den Ghaeilge don Ard Teist. Is léir ó chaint Doherty, áfach, nach mbeadh aon suim aige ina leithéid de chomhghéilleadh ó FG, dá mba rud é go raibh margántaíocht ar bun idir FG agus SF faoi chomhdhéanamh an Chomhrialtais atá le cur i réim, is dócha, go luath..

Polataíocht na fantasaiochta atá agus a bhionn ar bun ag Sinn Féin, iad ag ceapadh gur féidir leo an dubh a chur ina gheal ar an bpobal i rith an ama mar go dtuigeann siad nach mbeidh siad i gcumhacht ó dheas ar feadh na mblianta fada. Uaireannta, áfach, tagann an fhírinne chun solais, fiú más tre thimpist féin a tharla sé.

Tá éirithe le SF, áfach, an dubh a chur ina gheal ar sciar áirithe den phobal leis an bhfantasaíocht seo. Fiú gur eirigh le SF líon a suíocháin sa Dáil a mhéadú faoi thrí, chaithfeá a rá gur ait an scéal é go bhfuil fós níos mó iontaoibh ag an bpobal as Fhianna Fáíl ná mar atá acu as SF – dá olcas a rinne FF, sháraigh siad SF ar a laghad!

Murar féidir le páirtí radacach ar nós SF páirtí cosúil le FF a sharú, trath go bhfuil FF luaite mar phríomh namhaid an phobail ag na meáin is eile, ní mór do SF gan bheith ag tabhairt an iomarca súntais dá chuid bolscaireachta féin.

Agus maidir le ráiteas Doherty i leith ‘Labour’ a bheith ‘desperate for power’, cuireann sé an sean fhocal ina bhfuil na focail ‘pota’, ‘citeal’ agus ‘dubh’ luaite ann i gcuimhne dhom.

Mary Hanafin, Ciorclán 44/07 agus Fimíneacht Fáil

'F' a fuair Fianna Fáil sa litriú....

Feicim go bhfuil polasaí Ghaeilge seolta ag Fianna Fáil agus is é an phríomh phointe sa pholasaí seo, go bhfuil Fianna Fáil chun cosaint a dhéanamh ar stadas na Gaeilge san Ard Teist.

Ait mar sin gurb í Mary Hanafin a cuireadh chun tosaigh chun íonsaí a dhéanamh ar pholasaí Fhine Gael ar an mbonn ná raibh sé, dar lei, bunaithe ar thaighde eolaíoch agus fianaise neamhspleach.

Ar éigean gur thiteas as mo shuíochán ag gairí nuair a léigh mé an méid seo ó bhéal an Aire Hanafin, an iar-aire Oideachais a d’éisigh an ciorclán úd 07/1044, agus í ag cáineadh go géar seasamh Enda Kenny.

During my time as Minister for Education, when Enda Kenny first proposed to abolish the teaching of Irish as a core subject for the Leaving Cert I pointed to his failure to provide a single shred of evidence or research to support his position.

In the intervening five years, he has failed to come up with a single scientific or research-based argument to support his proposal. The reason for this is simple; there is no evidence to back Enda’s hunch.

Is cuimhin liom gur minigh a ghlaoigh mé ar an Aire Hanafin bunús éigean eolaioch nó fianaisiúil a chur ar fáil maidir leis an gcinneadh deireadh a chur le tumoideachas Ghaeilge tar éis an chéad téarma don naíonán bheag ach ní raibh aon freagra uaithi.

Arís, sa ráiteas seo, tá an Ghaeilge luaite mar chroí ábhar san Ard Teist agus is amhlaidh gur ábhar éigeantach í agus cuirtear síos ar Mhatamaitic agus ar Bhéarla mar chroí-ábhair agus ní ábhair éigeantacha iad. I ráiteas a d’eisigh Foras na Gaeilge an tseachtain seo chaite, mhol siad polasaí FG mar seo:

Aontaíonn Foras na Gaeilge le rún Fhine Gael go ndéanfaí athbhreithniú ar churaclam na Gaeilge ach, os a choinne sin, mholfadh an Foras go tréan nach ndéanfaí aon bheart bonnathraitheach ar nós an Ghaeilge a bhaint de liosta na n-ábhar éigeantach don Ardteistiméireacht. Bhí deacrachtaí ag croí-ábhair Ardteistiméireachta eile, an mhatamaitic mar shampla, ach, in ionad an t-ábhar a bhaint den churaclam, rinneadh athbhreithniú ar an gcuraclam agus ba é toradh a bhí air sin gur tugadh isteach Tionscadal Mata ag leibhéal na hArdteistiméireachta.

Arís tá míthuiscint in áit éigean – ní h-ionann croí ábhar agus ábhar éigeantach mar sin níl aon chiall le moladh an Fhorais nach mbainfí an Ghaeilge ‘de liosta na n-ábhar éigeantach’ nuair nach bhfuil ach an Ghaeilge éigeantach! Chomh maith le sin, dá olc é moladh FG i leith an Ghaeilge san Ard Teist, ní doigh liom go bhfuil sé i gceist ag an pháirtí é a bhaint den churaclam, mar a chreideann an Fhoras is cosúil. Ar aon nós, cad is fiú bheith ag plé le h-eagras ar nós Foras na Gaeilge atá go mór ar chúl na h-imeartha sa chluiche seo.

Deimhníonn polasaí Fhianna Fáil, de réir mar atá sí foilsithe inniu (Dé Domhnaigh), go ngeallann FF:

stádas na Gaeilge mar chroí-ábhar don Ardteist a chaomhnú agus staidéar eolaíoch a dhéanamh ar an dara ábhar Gaeilge a thabhairt isteach le freastal ar riachtanais ar leith daltaí Gaeltachta agus daltaí líofa eile

I bhfianaise stadas FF sna pobal bhreitheanna, is féidir an gheallúint sin a chur i dtaisce sa bhanc nach féidir. Is cinnte má tharlaíonn sé de thimpist nó de mhiorúilt éigean go mbeidh Fianna Fáil agus, go h-áirithe, Mary Hanafin ar ais sa Dáil agus, Dia idir sinn is an t-olc, sa Rialtas, beidh an deis againn an tiomantas nua don bheart atá bunaithe ar thaighde, dea chleachtas agus fianaise a chur i gcuimhne di agus dá comhleacaithe.

Ní léir ó shuíomh idirlín Fhianna Fáil go raibh Eamon Ó Cuív i láthair ag an seoladh seo. Ar a laghad níl aon chuma ar an scéal gur labhair sé ag an ocáid agus is deacair ocáid phoiblí de chuid FF faoin nGaeilge a shamhlú gan oráid ón Chuíveach. Más amhlaidh an scéal, is ait an scéal an méid sin.

Tá an chuma ar an bpolasaí maidir le cúrsaí oideachais go bhfuil polasaí Chonradh na Gaeilge sciobtha acu scun scan – comhartha, b’fhéidir, go bhfuil Fianna Fáil á réiteach féin do thréimhse freasúra ina mbeidh siad ag tapú gach deis chun an Rialtas a íonsaí agus gur beag an baol go mbeidh siad ag cur i bhfeidhm Straitéis Tamhlachta II.

Beidh le feiceáil is dócha.

Dála an scéil, is cosúil go bhfuil profleitheoir ó Mhary bocht nó tá na cúpla focail Ghaeilge a úsáideann sí breac le botúin. Cheapas gur múinteoir Ghaeilge í – b’fhéidir go léiríonn sin an fhadhb!

Léiríonn suirbhéanna éagsúla go bhfuil dearcadh níos dearfaí ag pobal na hÉireann i leith na Gaeilge ná mar bhí le blianta fad.

Litreacha chuig Enda

Seo litir a thugas do Enda Kenny, ceannaire Fhine Gael, inné i Maigh Chromtha agus mé ag iarraidh bealach a aimsiú chun teacht ar chomhthuiscint idir é agus pobal na Gaeilge/na Gaeltachta mar gheall ar thodhchaí na Gaeilge sa chóras oideachais agus, go h-áirithe, mar chroí ábhar don Ard Teist.

Mar a tharlaíonn sé, mar thoradh ar Dhiospóireacht na gCeannairí ar TG4, tá’s againn anois gur ábhar riachtanach í an Ghaeilge ar churaclam na hArd Teiste agus gurb í an t-aon ábhar atá an stadas sin aici. Cé gur ‘croí ábhair’ iad an Mháta agus an Bhéarla ar an gcuraclam céanna, níl siad éigeantach mar atá an Ghaeilge (fiú go bhfuil diolúiní go leor ar fáil ón nGaeilge). Agus sinn ag iarraidh stadas na Gaeilge a chosaint san Ard Teist, beartaíodh in áít éigean agus d’aontaíos leis gur cheart úsáid a bhaint as an téarma ‘croí-ábhar’ seachas ‘ábhar éigeantach’. I bhfianaise an méid atá tagtha chun solais anois mar gheall ar an difríocht idir ‘croí ábhar’ agus ‘ábhar éigeantach’, an bhfuil botún déanta? An bhféadfadh Enda Kenny nó pé duine a bheidh ina Aire OIdeachais an stadas ‘éigeantach’ a mhalartú ar an stadas ‘croí-ábhar’ agus a rá linn bheith sásta le sin?

Nó, mar a dúirt Michael Creed TD, an Teachta Dála áitiúil d’Fhine Gael sa Dáil Cheantar ina bhfuilim, Corcaigh Thiar Thuaidh, más rud é nach gcuirfear deireadh le h-eigeantas na Gaeilge go dtí go mbeidh an ábhar (nó an dhá ábhar) ina rogha nadúrtha ag daltaí ag tabhairt faoin Ard Teist, an fearr di an Ghaeilge dá mbeadh sí ina chroí ábhar, le comhstadas ceart le Béarla agus Matamaitic, seachas ina ‘ábhar éigeantach’?

Is cinnte go bhfuil fachtóir eile le cur san áireamh sa chothromóid seo. Caithfear riachtanais na n-ollscoileanna agus na n-institiúidí triú libhéal. Cuireadh i gcuimhne dhom aréir an troid/feachtas a rinne Pádraig Mac Piarais, Art Ó Gríofa, Eoin Mac Néill is eile le go mbeadh an Ghaeilge ina h-abhar riachtanach le clarú id mhacléinn in Ollscoil Náisiúnta na hÉireann – agus tá sin fós ann.

Ní h-amhlaidh an scéal le Coláiste na Tríonóide. Ansan tá níos mó de stadas ag an Laidin ná mar atá ag an nGaeilge. Ní chloisim trachtairí ag gearán mar gheall ar Laidin a bheith riachtanach (nach mór) le h-aghaidh TCD!

Matriculation requirements: Irish Leaving Certificate
To be considered for admission to the University you must:

Present six subjects, three of which must be at grade C or above on higher Leaving Certificate papers or at least grade C in the University Matriculation examination
The six subjects above must include:

A pass in English
A pass in mathematics and a pass in a language other than English
OR

a pass in Latin and a pass in a subject other than a language

Níl sé chomh soiléir cad iad na riachtanaisí maithreanacha atá ag Ollscoil Luimní agus Ollscoil Chathair Atha Cliath. Is cosúil go bhfuil riachtanaisí iontrála ag brath ar na cúrsaí éagsúla atá i réim sna h0llscoileanna ‘nua’ seo.

Fágann sin nach bhfuil ach ollscoil amháin (le gréasán coláistí gan amhras) le riachtanas Ghaeilge ann do lucht iontrála, Ollscoil na hÉireann. Feictear dom go mbeidh troid le troid ansan luath nó mall mar gheall ar na riachtanaisí iontrála.

Ar aon nós, seo chugaibh an litir ar thug mé do Enda. Dúirt sé go ndéanfadh sé é a scrúdú. Beidh le feiceáil an mbeidh aon toradh fónta as. Bhí dornán litreacha san Irish Times ar maidin ar an gceist, ceann acu ó Uachtarán agus dornán iar uachtaráin Chonradh na Gaeilge. Nach ait an scéal nár sheol siad an litir céanna i nGaeilge chuig Gaelscéal nó Foinse? Nó, má sheol agus má táim ag déanamh éagóir orthu, cén fath nár foilsíodh an litir?

17 Feabhra 2011
Enda, a chara,
Beatha agus sláínte! Tá go leor le moladh i gclár toghcháin Fhine Gael mar gheall ar an dianmhachnamh is léir atá déanta ar cheist na Gaeilge. Tá sé soiléir gur leas na teanga atá ar inchinn agat agus tú ag plé na ceiste go poiblí. Creidim go mbeadh moltaí ar nós ‘An Scála Náisiúnta Líofachta’ ina thacaíocht íontach don Ghaeilge is don Ghaeilge.

Uaireannta áfach ní bhionn daoine ar chomhthuiscint cad is leas na teanga ann. Seo ceann de na h-uaireannta sin. Tá sé soiléir nach bhfuil pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta tar éis tuiscint soiléir a fháil ar cad go direach atá i gceist agat faoi dheireadh a chur le Gaeilge mar ábhar éigeantach san Ard Teist. Dúirt tú ar an ndiospóireacht aréir (TG4) ná raibh Mata nó Béarla éigeantach agus tuigim gur sin an chás anois. Ag an am chéanna is croí ábhair iad sa mhéid is go gcaithfidh tú Mata agus Béarla a bheith agat chun dul ar aghaidh go dtí an triú libhéal. Dá mbeifeá sásta a dheimhniú, mar shampla, go mbeadh an stadas céanna ag an Ghaeilge is atá ag Béarla agus Mata san Ard Teist, is cinnte go gcabhródh sé linn tuiscint ceart a fháil ar do pholasaí.

Molann tú freisin go mbeadh athbhreithniú ar mhódhanna múinte na Gaeilge ag gach libhéal agus nach gcuirfear deireadh le stadas reatha na Gaeilge go dtí go mbeidh an proiseas athbhreithnithe sin curtha i gcrich. An amhras atá ormsa go bhfuil an chosúlacht ar an scéal go bhfuil toradh an athbhreithnithe sin réamh shocruithe. Ní dhealraíonn sé dom gur deachleachtas é seo. Dá mbeifeá sásta proiseas comhairliúcháin ar na ceisteanna seo a chur ar bun agus go mbeadh dearcadh oscailte agat i leith toradh an phroisis sin, agus an mhéid sin a fhógairt go poiblí roimh an olltoghchán, táim cinnte go mbeadh glacadh níos fearr le do mholtaí i leith na teanga.

Ó mo thaithí féin ag obair sa ghort seo, tá’s agam go bhfuil cosaint dian á dhéanamh ar an status quo in ainneoin go dtuigeann daoine nach bhfuil an status quo ar leas na teanga san fhadtréimhse. Is amhlaidh go bhfuil an iomarca ag brath ar thionscal na Gaeilge sna Gaeltachtaí = na Coláistí Samhraidh is eile – nach dtroidfear ar son an bheagán atá againn nuair nach bhfuil a fhios againn nó, b’fhéidir, iontaoibh againn as an eigintneacht atá i ndán dúinn. Tá dhá Choláiste Samhraidh i Múscraí, ceann i mBaile Mhuirne agus ceann eile, Coláiste na Mumhan i mBéal Atha’n Ghaorthaidh. Tá dóchas againn freisin go ndeinfear forbairt ar Choláiste Íosagáin.

Léirigh tú ceannaireacht agus tú ag dul i ngleic leis an gceist seo sa chéad dul síós. Creidim go bhfuil deis eile agat ceannaireacht a léiriú tre a chur in iúl do phobal na Gaeilge go bhfuil aon athrú radacach i bhfad uainn agus go n-imeoidh tú i gcomhairle linn ar bhonn oscailte sagar gcuirfidh tú athruithe substaintiúla i gcrich. Mar fhocal scoir, molaim tú as an pháirt bhríomhar a ghlac tú i ndiospóireacht TG4 agus tá súil agam go leanfaidh an nós i dtoghcháín eile. Is gné tabhachtach i gcur chun cinn na Gaeilge go mbeadh ceannairí na tíre sásta í a labhairt go poiblí agus le brí mar a deineadh aréir. Gach rath ort agus tú ag tabhairt faoin treimhse dúshlánach romhat.

Is mise le meas

Concubhar Ó Liatháin

Tugaim m’uimhir 1 do Eimear…

Ceannairí na Mórphairtithe i mbun diospóireachta ar TG4

Scála Líofachta Náisiúnta is moltaí eile FG i leith na Gaeilge

Tá clár toghcháin FG á sheoladh ar maidin agus de réir an méid atá feicthe agam – agus cloiste agam – tá moltaí spéisiúla ann i leith na Gaeilge.

Is iad seo na moltaí i leith múineadh na Gaeilge, an gad is giorra den scornach faoi láthair.

Oideachas: Tacaíonn Fine Gael le forbairt leanúnach na nGaelscoileanna agus aithníonn sé an ról suntasach atá ag gluaiseacht na nGaelscoileanna in athbheochaint na Gaeilge taobh istigh agus taobh amuigh dena ceantracha Gaeltachta. Chomh maith le sin, oibreoimid lena Coláistí Samhraidh chun níos mó scoláirí a mhealladh go dtí an Ghaeltacht.
Táimid meáite ar athchóiriú a dhéanamh ar an mbealach ina múintear an Ghaeilge sa chóras bunoideachais agus sa chóras iarbhunoideachais, chun féachaint chuige go bhfuil múinteoirí in inmhe grá don teanga a spreagadh sna scoláirí go léir agus go bhfuil an curacalam leagtha amach ar bhealach a ghríosóidh na scoláirí chun an teanga a labhairt tar éis dóibh an scoil a fhágáil.
Creidimid má dhéanaimid athchóiriú ar an mbealach ina múinimid an Ghaeilge go spreagfar níos mó scoláirí chun staidéar a dhéanamh ar an teanga agus chun í a úsáid taobh amuigh den chóras oideachais. Creidimid nár chothaigh an Ghaeilge éigeantach fás na teanga nó grá don teanga. Déanfaimid athchóiriú ar an gcuracalam dara leibhéal agus scrúdóimid go criticiúil an tionchar atá ag na modhanna oiliúna do mhúinteoirí atá i bhfeidhm i láthair na huaire. Ní bheidh an Ghaeilge mar ábhar roghnach go dtí go mbeidh cainteanna ar an dá ábhar tugtha i gcrích.
Bronnfaimid 50% dena marcanna ar an mbéaltriail.
Déanfar iniúchadh ar churacalam dúbailte go dtí an Ardteist, ceann amháin ar an gcóras reatha agus ceann eile ar an nGaeilge chumarsáideach. Déanfar iniúchadh ar phoinntí breise sa chóras iontrála go coláistí tríú leibhéal.
Déanfaidh Fine Gael lion na ndaltaí atá ag gabháil don chúrsa Ardteiste Ard leibhéal a mhéadú faoi dhó faoin mbliain 2018.

Dar le Michael Creed, TD Fhine Gael i gCorcaigh Thiar Thuaidh, an Dáilcheantar ina bhfuil Gaeltacht Mhúscraí, ciallaíonn moltaí FG nach mbeidh deireadh le Gaeilge mar ábhar riachtanach don Ard Teist go dtí go mbeidh sí ina rogha nádúrtha ag daltaí meánscoile. Dar léis nach dtarlóidh seo go ceann glúin nó dhó.

An cheist atá agamsa: ceist dúinn féin mar phobal Ghaeilge/Ghaeltachta agus do Fhine Gael freisin: an fearrde an Ghaeilge más amhlaidh go dtarlaíonn seo go luath nó go brách?

An moladh eile thar a bheith spéisiúil ag Fine Gael i leith na Gaeilge, moladh a bheidh ina chabhair mhór don
Ghaeilge agus don Ghaeltacht, dar liom, Scála Líofachta Náisiúnta.

Scála Líofachta Náisiúnta: Déanfaimid iniúchadh ar fhorbairt scála líofachta náisiúnta don Ghaeilge. Chuirfeadh an scála deich gcéim seo ar cumas gach saoránaigh measúnú d’fháil ar a chumas agus úsáid a bhaint as modhanna nua-aimseartha múinteoireachta agus as an nua-theicneolaíocht chun feabhas de réir a chéile a chur ar a líofacht de réir mar a oireann dó féin.

Sin smaoineamh nua – creidim – agus is fiú é a fhiosrú agus a chur i bhfeidhm.

Is fiú a lua freisin go bhfuil geallúint sa chlár toghcháin i leith Acht na dTeangacha Oifigiúla agus fáiltim roimis.

Acht um Teangacha Oifigiúla: Déanfaidh Fine Gael athbhreithniú ar na dualgaisí faoin Acht um Teangacha Oifigiúla chun a chinntiú go bhfuil an caiteachas ar an teanga dírithe ar fhorbairt na teanga ar an mbealach ia éifeachtaí.

Ní féidir a shamhlú aon bhealach go bhfuil an chaiteachas a eascraíonn as an reachtaíocht seo eifeachtach – go h-áirithe an t-airgead a chaitear ar Oifig an Choimisnéara Teanga – agus nach aon chabhair é le forbairt na teanga. B’fhearr i bhfad an €1m (nó mar sin ó bhuiséad an Choimisinéara) a chaitheamh ar leabhair do dhéagóirí nó Pléaracá Chonamara a leathnú go Gaeltachtaí eile…. Tá’s agam go bhfuil daoine ann a deir nach gcaithfear airgead a shábháilfí ó chiorruithe i leith Oifig an Choimisinéara mar seo – ach caithfear an argóínt a dhéanamh agus tá sé súntasach go bhfuil an argóínt á dhéanamh sna téarmaí sin ag FG.

Fuathcheisteanna – agus an mórcheist

http://www.independent.ie/opinion/analysis/irish-if-we-really-care-about-it-lets-stop-the-pretence-2537987.html.
Dearcadh éagsúil i leith na ceiste faoi mholadh Enda Kenny deireadh a chur le Ghaeilge mar chroí-abhar san Ard Teist – is iad na ceisteanna seo faoi ‘poxy survey’, ‘gravy train’ agus ‘wretched summer schools’ agus ‘making children miserable’ a chaithfimíd aghaidh a thabhairt orthu, fiú is go léiríonn teanga an cholúnaí a fuacht(nó fuath don teanga).
An mórcheist: Cén fath nach mbionn níos mó daoine líofa sa Ghaeilge fiú is go mbionn 5 uair in aghaidh na seachtaine ar feadh 13 bl caite acu ag foghlaim na Gaeilge? Tá fadhbanna ag abhair eile freisin – mata, béarla. Tá deacracht níos doimhne sa chóras oideachais (nó scruduithe), creidim.