Cuirim an méid sin in iúl de bhrí go gceapaim go bhfuil sé ligthe i ndearúd ag Éamon féin. Pé scéal é, is léir go bhfuil sé ag súil go bhfuil sé ligthe i ndearúd againne.
San alt seo, deir Éamon go leor agus é fuar go maith faoi pholasaí Ghaeilge/Ghaeltachta an Rialtais atá i gcumhacht anois.
Lena chois sin, bhí an Rialtas ag cothú “éiginnteachta” faoi ról Údarás na Gaeltachta trí mhoill a chur ar phróiseas ceapacháin phríomhfheidhmeannaigh nua. (Faoi láthair, tá príomhfheidhmeannach gníomhach, Seán Ó Labhraí, i mbun an eagrais atá freagrach as cúrsaí fiontraíochta sa Ghaeltacht.)
Anois, ní inniu nó inné gur thosnaigh éiginnteacht faoin bpost seo. Bhí Pádraig O hAoláin le h-eirí as i mí na Márta an bhliain seo chaite, trath go raibh, an Cuíveach ina Aire le cúram na Gaeltachta air. Ach toisc ‘éiginnteacht’ ag an am sin, d’aontaíodh ar shíneadh ama a thabhairt don Aolánach agus fagadh ann é go dtí deireadh na bliana seo.
I bhfírinne mar sin, níl an Rialtas atá i mbun an chúraim faoi láthair ach ag leanúint leis an bpolasaí a thionscnaigh Éamon féin.
Niorbh é sin an t-aon bhuile a bhuail O Cuív ar an Údarás, gan amhras, nó bhí sé ag laghdú go leanúnach an solathar airgid don aisínteacht i rith na seacht mblian do bheith san Aireacht – seo ag trath go raibh an Tiogar Cheilteach ag rith timpeall na tíre agus airgead ag doirteadh amach as na pócaí (chomh fada agus go raibh tú id chónaí i nDáilcheantar ina raibh Aire ann!).
Anois tá an tÚdarás beo de bhrí gur dhíol an áisínteacht roinnt scaireanna a bhí ina seilbh go dtí anuraidh. Mura gcuirtear le deontas an Údaráis go súntasach nuair a ghearrfar an chíste níos déanaí i mbliana, beidh a fhios ag an tÚdarás go bhfuil a phort seinnte.
Ach má tharlaíonn sin, ní feidir an locht ar fad a chuir ar an Rialtas atá istigh nó beidh cuid súntasach de le roinnt ar an Rialtas atá díreach imithe amach an doras.
Chuir sé fonn gáirí orm an méid seo a léamh agus é luaite leis an iar Aire.
Dúirt Ó Cuív gur chuir sé dhá cheist Dála ar an Aire Stáit atá freagrach as cúrsaí Gaeltachta, Dinny McGinley, TD. Dúirt Ó Cuív go raibh na freagraí a fuair sé “thar a bheith éiginnte”.
B’é an Cuíveach féin an máistir ar an bhfreagra éiginnte ar cheisteanna. B’é a scil an freagra a cheilt i gcaint fadalach leadránach faoi dlí agus a leithéid agus b’fhéidir go sleamhnódh sé píosa d’fhreagra na ceiste a cuireadh air isteach i measc na bhfochlasal, áit nach dtabharfaí faoi ndeara chomh súntasach is a raibh sé.
Agus é ag caint ar cheist na Straitéise 20 Bliain, bhí an méid seo le rá aige.
Thug an méid sin air a chreidbheáil go raibh ábhar eile imní ann faoina raibh i gceist ag an Rialtas maidir le straitéis 20 bliain na Gaeilge.
Arís b’é Ó Cuív féin ba mhó a chuir moill ar fhoilsiú na dréacht straitéise. Fán ar fhoilsíodh an Straitéis criochnaithe, bhí cuid mhaith den mhaith a bhí ann roimhe bainte amach as nó uisce curtha tríd.
Anois tá Aire nua, agus Aire Stáit nua, ag féachaint ar na ceiseanna seo. Nílim ag gabhail leithscéal ar son aon mhoill a dheineann siad ach mhaithfí dóibh ath-staidéar a dhéanamh ar an Straitéis seo. Tá moltaí ann ar cheart iad a chur i bhfeidhm láithreach – tá moltaí eile ann nár cheart a chur i bhfeidhm go brach agus is mó arís na moltaí nach bhfuil ann ach ar cheart a bheith ann nó ar baineadh amach iad, go léir le linn suí Ó Cuív agus a cháirde.
Ní miste liom go bhfuil sé ag cur na ceisteanna anois – nó tá na ceisteanna bailí anois an oiread is go raibh siad bailí nuair a bhí seisean i ndorchlaí na cumhachta.
Ag an am chéanna, mothaím go bhfuil sé ag labhairt amhail is nach bhfuil aon cheangal idir Éamon Ó Cuív agus é ag labhairt inniu agus an Éamon Ó Cuív a bhí i gcumhacht dornán seachtainí ó shin.
An fhaid is a leanann Éamon Ó Cuív agus Fianna Fáil leis an leagan seo de pholataíocht ‘Altzheimers’, is é sin ag ligint i ndearmad d’aon ghnó go raibh siad i gcumhacht ní dhá mhí ó shin, beidh siad i dtrioblóid leis an bpobal.
Ba mhór an bhuntáiste do FF dá mbeadh deacracht ag an chuid eile againn na rudaí a rinne siad – agus nár dhearna siad – agus iad i gcumhacht a thabhairt chun cuimhne.
Ag caint ar gan rudaí a ligint i ndearúd, bhí Ó Cuív i Múscraí trí bliana ó shin agus é ag caint ag ocáid de chuid Acadamh Fódhla. Trath an ama sin bhí dráma ag dul ar aghaidh faoi thodhchaí Lá Nua agus bhí cruinniú agam leis. I ndiaidh an chruinnithe, ná raibh aon rath air, cheannaigh mé deoch do, leathcheann fuiscí. Níl sin ligthe i ndearúd agam, a Éamoin, an chéad uair a chastar ar a cheile sinn, is do ghlaoch a bheidh ann!