Cartlanna Clibe: An Taoiseach Enda Kenny

Banríon Shasana, Eilís II, ag tabhairt omóis dár laochra sa Ghairdín Chuimhneacháin.

Radharc stairiúil…..

Banríon Shasana, Eilís II, ag tabhairt omóis dár laochra sa Ghairdín Chuimhneacháin, de réir mar a léiríodh é ar shuíomh nuachta an BBC.

Cad a cheapfadh ‘The Boys of Kilmichael’ faoina leithéid de radharc? Banríon Shasana, Eilís II, ag tabhairt omóis dóibh agus dá gcomhleacaithe ar fad a throid ar son saoirse na hÉireann in Eirí Amach na Cásca, Cogadh na Saoirse agus na réabhlóidí éagsúla roimhe sin.

Má tá cumhacht ag íomhánna, tá cumhacht ar leith leis an íomhá seo nó chrom Banríon Shasana a ceann agus í ag tabhairt omóis do na laochra a throid ar son ár saoirse (fiú nár bhain siad saoirse amach don tír iomlán) agus cuid mhór acu ar áirigh réamhchomharbaí Eilís II mar chomhionann Osama Bin Laden an lae inniu.

Ní h-amháin sin ach is in Aerfort Mhic Easmainn i mBaile Uí Dhónaill láimh le Baile Átha Cliath a thuirling an eitleán ar a raibh Cheann Stáit na Breataine. Is in omós Ruairí Mhic Easmainn a h-ainmníodh an aerphort seo – cé nach bhfuil sin luaite i dtuairiscí an BBC – an Ruairí Mhic Easmainn céanna ar a bronnadh ridireacht trath as a sheirbhís sa Chongó agus a chroch na Sasanaigh i 1916 as ‘tréas’ le linn an Chogaidh Mhóir.

Bí ag caint ar shiombalachas. Ach mar a dúirt an t-é a ndúirt, ní féidir siombail a ithe! Ní bheathaíonn siad na braithre.

Ar ndóigh bhí léirsithe i mBaile Átha Cliath inniu, agóid amháin ag Eirigi agus iad ag déanamh amadáin díobh féin. Stócaigh óga le postaeirí ag fógairt ‘British out of Ireland’ agus na buachaillí céanna ag caitheamh léinte na gCeilteach agus Manchester United. Bhí cuma ólta ar chuid acu freisin.

Bhí léirsiú ag Sinn Féin freisin agus shaor an pháirtí 1000 bhalún dhubh mar chomhartha shiombalach faoi ról na Breataine in Éirinn agus, go h-áirithe, buamáil Bhaile Átha Cliath/Múineacháin, uafás a tharla 37 bliain is an lá inniu agus ina bhfuil amhras mhór go raibh fórsaí na Breataine, na Banríona, páirteach ann.

Tacaím le na h-iarrachtaí atá ar bun an fhírinne maidir leis an mbuamáil seo a thabhairt chun solais. Creidim go raibh lámh ag na Sasanaigh ann, an t-uafás ba mhó le linn na dTrioblóidí ar fad, ár inar maraíodh 34 duine ar an lá amháin.

Ach creidim nach féidir le Sinn Féin an chás a dhéanamh ar son na fírinne a thabhairt chun solais sa chás seo nuair atá pearsaí sa phairtí céanna ag ceilt na fírinne ar sladanna ina raibh na daoine sin páirteach iontu – leithéidí Aoine na Fola i mBéal Feirste, buamáíl Ostán La Mon is go leor maruithe eile.

Creidim go bhfuil meascán mearaí ar Shinn Féin faoin gcuairt seo. Nuair a thagann an Banríon ar chuairt go dtí an chuid den tír atá ó thuaidh den teorainn, ní bhacann siad leí. Ní bhionn agóid nó leath agóid ann faoin gcuairt. Anseo ó dheas tá gach deis á thapú chun píosa bolscaireachta a dhéanamh. Go deimhin tá leas SF á dhéanamh ag an gcuairt seo. Ní h-aon íontas mar sin go bhfuil Gerry Adams idir dhá chomhairle ar an gcuairt, é ag maíomh i mí Feabhra go bhfuil an chuairt ró luath agus mí-adhúil. Ar an Satharn scrígh sé alt san Irish Examiner inar thagair sé do chomhoidhreacht na pobail éagsúla ar na h-oileáin seo, céim sa tre cheart. An lá céanna d’fhill sé ar dhearcadh mhí Feabhra. Anois tá siad ag agóidíocht in aghaidh na cuairte. An ag teacht nó ag imeacht atá an pháirtí – nó an bhfuil a fhios acu?

Tá tacaíocht níos leithne ag feachtas mhuintir na n-iosbartach a maraíodh ar 17 Bealtaine 1974 i mBÁC agus Múineahán agus beidh an cheist á phlé amárach nuair a chasfaidh an Taoiseach ar Phríomh Aire na Breataine.

Ní duine mé a thugann omós do rithe nó do bhanrithe. Is poblachtóír mé. Mar sin féin (ach ní mar Shinn Féin) creidim go raibh dignit agus meas – is comhmheas – san fháilte a fhearadh roimh Eilís II inniu. Bhí sé ceart agus cóir agus guím gach rath ar an gcuid eile den chuairt.