Mar eolas: Tá an Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge (focal.ie cheana) ar fáil ag an seoladh http://www.tearma.ie/ anois.
Béaloideas
dúchas.ie
Tionscadal digitithe Chnuasach Bhéaloideas Éireann atá sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, ceann de na cnuasaigh bhéaloidis is mó ar domhan. Tá ábhar as Bailiúchán na Scol á fhoilsiú ar an suíomh seo.
Meitheal dúchas.ie
Is deis í seo duitse léargas níos doimhne a fháil ar bhéaloideas na hÉireann trí thras-scríobh a dhéanamh ar scéalta Gaeilge i mBailiúchán na Scol.
Ainmeolaíocht
logainm.ie
Bunachar Logainmneacha na hÉireann, arna fhorbairt ag Fiontar, DCU i bpáirt leis an mBrainse Logainmneacha (An Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta).
Innéacs Sloinnte
Cnuasach sloinnte Éireannacha é seo a d’eascair as obair Choimisiún Béaloideasa Éireann.
Téarmaíocht
gaois.ie
Is ardán é gaois.ie chun acmhainní áirithe teanga agus téarmaíochta atá forbartha ag Fiontar, DCU a chur ar fáil don phobal. Tá bunachar téarmaí agus corpas comhthreormhar anseo.
Beathaisnéisí
ainm.ie
An Bunachar Náisiúnta Beathaisnéisí Gaeilge, arna fhorbairt ag Fiontar, DCU i gcomhar le Cló Iar-Chonnacht.
Taighde in Fiontar, DCU
Foilseacháin
Ailt agus foilseacháin áirithe de chuid fhoireann Fiontar. Baineann na foilseacháin seo le réimsí mar an téarmeolaíocht, ainmeolaíocht, béaloideas agus na daonnachtaí digiteacha.
Blag
Foilsítear míreanna anseo go rialta maidir leis na forbairtí is déanaí i dtaca le tionscadail Fiontar agus i dtaobh ábhar spéisiúil ar ár gcuid suíomh.