Londain
Londain London |
|
Rialtas | |
Tír: | Ríocht Aontaithe |
Méara: | Boris Johnson |
Déimeagrafaic | |
Achar: | 1,577.3 km² |
Daonra: | 7,512,400 |
Dlús daonra: | 12,331/km² |
Crios ama: | GMT |
www.london.gov.uk |
Is í Londain (London sa Bhéarla) príomhchathair Shasana agus na Ríochta Aontaithe. Is é bPálás Buckingham i Londain a chónaíonn Monarc na Ríochta Aontaithe.
Tá daonra de 7.5 - 14 milliún aici agus is í an chathair leis an daonra is mó san AE. Tá an chathair suite in oirdheisceart Shasana ar Abhainn na Tamaise. Is ionad airgeadais tábhachtach é. Bhí na Cluichí Oilimpeacha ann trí huaire (1908, 1948 agus 2012.) Is mol mór iompair í Londain. Taistealaíonn níos mó paisinéirí idirnáisiúnta tríd an bpríomhaerfort, Aerfort Heathrow, ná aon aerfort eile ar domhain. Tá an córas traenach faoi thalamh is sine ar domhain ann - An London Underground, nó "An Tiúb".
Logainmníocht[athraigh | athraigh vicithéacs]
Tá sanasaíocht an ainm 'Londain' neamhchinnte. Is ainm ársa í agus is féidir í a aimsiú i bhfoinsí ón 2ú aois. Tá tagairt ann di mar Londinium, a thugann le tuiscint go raibh bunús Rómhánach-Briotanach léi. Go dtí 1889, bhain an t-ainm "Londain" le Cathair Londan, ach as sin amach tagraíonn sé do Londain Mhór freisin.
Cúrsaí Spóirt[athraigh | athraigh vicithéacs]
Tá neart foirne peile a imríonn i Londain. Ina measc siúd tá Arsenal, Tottenham Hotspur, Chelsea F.C., West Ham United agus Fulham. Imríonn na foirne sin uilig i bPríomhroinn Sacair Shasana, nó, sa Premier League mar is fearr aithne air.
Aeráid[athraigh | athraigh vicithéacs]
Londain – Aeráid | |||||||||||||
---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
Mí | Eanáir | Feabhra | Márta | Aibreán | Bealtaine | Meitheamh | Iúil | Lúnasa | Meán Fómhair | Deireadh Fómhair | Samhain | Nollaig | Bliain |
Meán-uasteocht an lae (°C) | 7.9 | 8.2 | 10.9 | 13.3 | 17.2 | 20.2 | 22.8 | 22.6 | 19.3 | 15.2 | 10.9 | 8.8 | 14.8 |
Meán-íosteocht na h-oíche(°C) | 2.4 | 2.2 | 3.8 | 5.2 | 8.0 | 11.1 | 13.6 | 13.3 | 10.9 | 8.0 | 4.8 | 3.3 | 7.2 |
Meán-bháisteach (mm) | 51.9 | 34.0 | 42.0 | 45.2 | 47.2 | 53.0 | 38.3 | 47.3 | 56.9 | 61.5 | 52.3 | 54.0 | 583.6 |
Foinse: Met Office Eanáir 2011 |
Ceantair[athraigh | athraigh vicithéacs]
† Ní buirg Londan é. * Buirg Ríoga |
Naisc Sheachtracha[athraigh | athraigh vicithéacs]
- Suíomh gréasáin an rialtais áitiúil i Londain
- VisitLondon.com - Suíomh gréasáin oifigiúil turasóireachta na cathrach
- LondonTown.com
Tagairtí[athraigh | athraigh vicithéacs]
Déan cuardach ar Londain sa Vicífhoclóir, an foclóir saor. |