Balleagrais

Tá Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge ionadaíoch ar 22 balleagraíocht, ó mhór-réimsí uile na hearnála, agus tá ionadaí ó gach balleagraíocht mar chomhalta ar Bhord na Comhdhála.

An Cumann Scoildrámaíochta
Cumann a dheánann an scoildrámaíocht Ghaeilge a chur chun cinn agus a fhorbairt.

An Réalt
Eagraíocht chultúrtha atá faoi choimirce Léigiún Mhuire.

Coláiste na bhFiann Teo
Is é Coláiste na bhFiann an t-eagraí is mó de choláistí Gaeilge in Éirinn agus tá 40 bliain taithí acu in oiliúint na Gaeilge.

Comhaltas Uladh
Is é Comhaltas Uladh Dáil Chúige de chuid Chonradh na Gaeilge
Comhar na Múinteoirí Gaeilge
Tacaíonn Comhar na Múinteoirí Gaeilge le múinteoirí uile na tíre atá ag múineadh Gaeilge nó ag múineadh trí Ghaeilge.
Comharchumann Íde Naofa Teo
Oibríonn an Comharchumann le heagrais Ghaeilge eile chun gach gné de chultúr gaelach na hÉireann a bhuanú.

CONCOS
Is eagras comhordaithe é Comhchoiste Náisiúnta na gColáistí Samhraidh (CONCOS) a chuireann eolas ar fáil don phobal faoi choláistí samhraidh Gaeilge fud fad na tíre.

Comhlachas na gComharchumann Gaeltachta
Labhraíonn an Comhlachas ar son cearta mhuintir na Gaeltachta.

Comhluadar
Tugann Comhluadar tacaíocht do thuismitheoirí ar mian leo Gaeilge a labhairt lena gcuid paistí.
Cumann na Sagart
Déanann Cumann na Sagart áiseanna a sholáthar don chléir chun freastal ar phobal na Gaeilge.

Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta
Oibríonn an Eagraíocht chun oideachas trí Ghaeilge a neartú agus a bhuanú i Scoileanna Gaeltachta.

Feachtas
Eagras daonlathach, neamhspléach is ea Feachtas a fhreastlaíonn ar an aoisghrúpa 8-18. Is iad an dá phríomaidhm atá ag Feachtas ná; cur chun cinn na Gaeilge agus forbairt phearsanta agus shóisialta an duine óig.
Gaelachas Teo
Cabhraíonn Gaedhealachas Teo le hathbheochan na Gaeilge mar theanga labhartha agus scríofa.
Gael Linn
Fondúireacht náisiúnta í Gael Linn a bhfuil mar phríomhaidhm aici an Ghaeilge agus oidhreacht dhúchas na hÉireann a neartú agus a leathadh.
Gaelscoileanna
Eagraíocht dheonach náisiúnta chun cúnamh agus tacaíocht a thabhairt d'fhorbairt na scoileanna lán-Ghaeilge.
Gael-Taca
Eagraíocht a chuireann an Ghaeilge os comhair agus i measc phobal Chorcaí mar theanga bheo.
Na Naíonraí Gaelacha
Oibríonn an grúpa chun gréasán de naíonraí a bhunú ar fud na tíre.
Oireachtas na Gaeilge
An féile náisiúnta ag pobal na Gaeilge ar a mbíonn caidreamh agus siamsaíocht chomh maith le deis machnaimh, díospóireachta agus taispeántais.
Parlaimint na mBan
Foram trí Ghaeilge do mhná a aithníonn ról na mban maidir le teanga agus cultúr na Gaeilge.
Pobal an Aifrinn
Grúpa Caitliceach a eagraíonn searmanais spioradálta trí Ghaeilge i rith na bliana.
Raidió na Life 
Is stáisiún raidió pobail sainspéise é Raidió na Life a bunaíodh le seirbhís raidió pobal-dhírithe a sholáthar do phobal na Gaeilge i mBaile Átha Cliath.
Spleodar
Eagras do dhéagóirí agus do dhaoine óga a mhúineann Gaeilge ar chúrsaí i nGaeltacht Chonamara. 

Bí ar an eolas - Cláraigh dár ríomhirisí




© 1995-2011 Gaelport ™
Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, 46 Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2 | Fón: +353 1 6794780 | Facs: +353 1 6790214