An Spáinn
Ní mór an t-alt seo a ghlanadh, ionas go mbeidh caighdeán níos fearr ann. Tar éis duit an t-alt a ghlanadh, is féidir leat an teachtaireacht seo a bhaint de. Féach ar Conas Leathanach a Chur in Eagar agus an Lámhleabhar Stíle le fáil amach faoin dóigh cheart le feabhas a chur ar alt ciclipéide. |
|
|||||
Mana: Plus Ultra (Laidin: Tuilleadh Thall) |
|||||
Amhrán náisiúnta: Marcha Real | |||||
Príomhchathair | Maidrid 40°26′ Thuaidh 3°42′ Thiar |
||||
An chathair is mó | Maidrid | ||||
Teangacha oifigiúla | Spáinnis1 | ||||
Rialtas | Monarcacht Parlaiminte Felipe VI Mariano Rajoy Brey |
||||
Comhaontú |
1492 | ||||
Achar • San iomlán • Uisce (%) |
504,782 km² (50ú) 1.04% |
||||
Daonra • Meas. ó 2005 • Daonáireamh 2001 • Dlús |
43,209,511 (27ú) 40,847,371 85/km² (84ú) |
||||
OTI (PCC) • San iomlán • An duine |
Meas. ó 2005 $1,026,340 milliún (14ú) $24,803 (29ú) |
||||
Airgeadra | Euro (€)2 (EUR ) |
||||
Crios ama • Samhradh (CSL) |
CET3 (UTC+1) CEST (UTC+2) |
||||
Fearann Idirlín | .es | ||||
Glaochód | +34 |
||||
1 Labhraítear Gailísis, Catalóinis, agus Bascais mar dhara theanga oifigiúil sa cuig réigiún. 2 Roimh 1999: Peseta na Spáinne 3 Seachas na hOileáin Chanáracha - GMT an crios ama ansin. |
Is tír í an Spáinn (Spáinnis: España), nó Ríocht na Spáinne go hoifigiúil (Spáinnis: Reino de España), atá suite in iardheisceart na hEorpa ar leithinis na hIbéire. Tá críocha aici freisin sa Mheánmhuir - na hOileáin Bhailéaracha - agus san Aigéan Atlantach - na hOileáin Chanáracha - chomh maith leis na bailte Ceuta agus Melilla i dtuaisceart na hAfraice. Is ball den Aontas Eorpach í. D'aontaigh an tír sa 15ú haois i ndiaidh pósadh na Monarcaí Caitliceacha agus deireadh an Reconquista sa bhliain 1492. D'fhás cumhacht na tíre. Bhí (agus tá) tionchar aici ar fud an domhain—sa lá atá inniú ann tá 500 miliún daoine ag labhairt na Spáinnise. Inniú is monarcacht bhunreachtúil í.
Clár ábhair
Tíreolas[athraigh | edit source]
Le 194,884 mi² (504,782 km²), is í an Spáinn an 51ú tír is mó ar domhan. San iarthar tá teorainn aici leis an bPortaingéil, ó dheas tá Giobráltar (réigiún de chuid na Ríochta Aontaithe) agus Maracó, (de bharr na cathracha i dtuaisceart na hAfraice; Ceuta agus Melilla). San oirthuaisceart, in aice le sliabhraon na bPiréiní, tá teorainn aici leis an bhFrainc agus Andorra. Tá na hOileáin Bhailéaracha sa Mheánmhuir, agus Na hOileáin Chanáracha san Aigéain Atlantach chomh maith. Sa Chatalóin tá baile beag timpeallaithe ag an bhFrainc, Llívia.
Tá lár na Spáinne lán le sliabhraonta agus talamh ard, mar shampla Sierra Nevada. Sna hairde seo éiríonn na haibhneacha móra; an Tagus, an Ebro, an Duero, an Guadiana agus an Guadalquivir. Tá machairí glárach ar fud an chósta, is í an Guadalquivir in Andalucía an ceann is mó sa tír.
Réigiúin na Spáinne[athraigh | edit source]
Is í Maidrid príomhchathair na tíre. Tá sí lonnaithe i gceartlár na leithinse. Is í Barcelona an dara chathair is mó sa tír agus príomhchathair na Catalóine. Tá an tír roinnte i 17 réigiúin de réir bunreacht 1978.
- An Andalúis
- Aragón
- Asturias nó Asturies as Astúiris
- Na hOileáin Bhailéaracha nó Illes Balears as Catalóinis
- An Tír Bhascach Theas nó Euskadi as Bascais
- Na hOileáin Chanáracha
- Cantabria
- An Chatalóin nó Catalunya as Catalóinis
- Castilla-La Mancha
- Castilla y León
- Extremadura
- An Ghailís nó Galicia nó Galiza as Gailísis
- La Rioja
- Comhphobal Maidrid
- Murcia
- Navarra nó Nafarroa as Bascais
- An Comhphobal Vaileinseach nó Comunitat Valenciana as Vaileinsis
Is cathracha féinrialaithe iad Ceuta agus Melilla, chomh maith.
Stair na Spáinne[athraigh | edit source]
- Réamhstair na Spáinne
- Stair na Rómhánach
- Na Viseagotaigh
- Ionradh na Moslamach
- Al Andalus
- An Athghabháil
- Teach na hOstaire
- Teach na mBúrbónach
- An Eagnaíocht
- Cogadh na Saoirse
- Athghairm an Absalóideachais
- Réabhlóid Liobrálach agus an Stát Bunreachtúil
- Chéad Phoblacht na Spáinne
- Athghairm na mBúrbónach
- Dara Poblacht na Spáinne
- Cogadh Cathartha na Spáinne
- An Deachtóireacht
- An Idirthréimhse
Tagairtí[athraigh | edit source]
Tá a thuilleadh meán ag Cómhaoin Wikimedia
a bhaineann leis an ábhar seo: Spain |
An tAontas Eorpach (AE) | ||
---|---|---|
an Bheilg • an Bhulgáir • an Chipir • an Chróit • an Danmhairg • an Eastóin • Éire • an Fhionlainn • an Fhrainc • an Ghearmáin • an Ghréig • an Iodáil • an Ísiltír • an Laitvia • an Liotuáin • Lucsamburg • Málta • an Ostair • an Pholainn • an Phortaingéil • an Ríocht Aontaithe • an Rómáin • an tSeic • an tSlóvaic • an tSlóivéin • an Spáinn • an tSualainn • an Ungáir | ||
Tíortha iarrthacha | ||
an Íoslainn • Poblacht na Macadóine • Montainéagró • an tSeirbia • an Tuirc |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |