Acmhainní oideachais idirghníomhacha

Tá na hacmhainní oideachais idirghníomhacha seo á soláthar mar áis do theagascóirí agus d'fhoghlaimeoirí. Cuid lárnach d’oidhreacht na hÉireann is ea na logainmneacha. Tá súil againn mar sin go spreagfaidh na hacmhainní seo spéis daoine iontu. Tá na hacmhainní i nGaeilge agus tá siad bunaithe ar na hacmhainní oideachais atá ar fáil ar www.logainm.ie.

Chruthaigh Fiontar (DCU), i bpáirt leis an mBrainse Logainmneacha (An Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta) ábhar na n-acmhainní agus d'fhorbair Modello Design Ltd. na hacmhainní féin. Mhaoinigh an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) cruthú na n-acmhainní oideachais idirghníomhacha.

Is mian le Fiontar buíochas a ghabháil le gach duine a chabhraigh linn na hacmhainní oideachais a chruthú agus a thástáil: an Brainse Logainmneacha, COGG, agus Cáit Ní Shiúrtáin (Gaelscoil Mhúscraí, An Bhlarna, Co. Chorcaí).