![Páistí i mBéal Cú](http://web.archive.org./web/20141018015744im_/http://cracroi.files.wordpress.com/2014/08/bc3a9alcc3ba.jpg?w=450&h=300)
Páistí i mBéal Cú
Bhí roinnt buanna móra ag pobail áitiúla sa troid in éadan úscadh breoslaí iontaise le seachtainí beaga anuas.
Ar an scéal ba mhó is dócha bhí an bac a chuir aire timpeallachta Stormont, Mark H Durkan, ar phleananna an chomhlachta Tamboran i bhFear Manach.
Bhí Tamboran ag iarraidh seanchairéal i mBéal Cú a úsáid chun poll a dhrilleáil 750 méadar síos sa tóir ar dheascáin gháis sula dtosóidís ar phróiseas an scoilte hiodrálaigh leis an ghás a bhaint amach as an talamh.
Sa phróiseas, cuirtear meascán de uisce, gaineamh agus ceimicí éagsúla síos tollpholl faoi bhrú iontach chun scoilteanna a chruthú i bhfoirmíochtaí carraige go domhain faoi thalamh. De réir a chéile scaoiltear gás saor ón charraig agus déanann sé a bhealach suas an poll arís.
Is é ‘fracking’ an t-ainm is mó aithne ar an scoilteadh hiodrálach, modh úsctha gáis atá thar a bheith conspóideach. Bíodh is go bhfuil moratóir air sa Ghearmáin tá an tír sin ag bogadh i dtreo cosc iomlán a chur ar an phróiseas.
Tá tíortha eile ag déanamh amhlaidh chomh maith. Is é an fhírinne lom taobh thiar de seo ná go bhfuil réamhaisnéis beaganch dodhéanta ar na contúirtí don timpeallacht agus don sláinte a bhaineann leis an phróiseas, agus mar sin ní féidir smacht ceart a chur orthu.
Ón chéad lá a tháinig lucht Tamboran ar an suíomh, bhunaigh an pobal áitiúil i mBéal Cú campa agus faire ag geataí an chairéil (‘Geataí Ifrinn’ a thug siad air) agus bhí daoine ann i rith ama ó dhubh go dubh ar feadh trí seachtaine, go ndearna Durkan a chinneadh.
Ní bua iomlán atá ann áfach. Deir Durkan gur gá do Tamboran ceadúnas pleanála iomlán a fháil agus gur gá dóibh measúnacht tionchair timpeallachta a chur le chéile chomh maith.
Aitheantas atá ann go bhfuil contúirtí ag dul leis an tionscadal seo, ach cé go gcuireann sé moill ar clár Tamboran ní chuireann sé stop iomlán leis.
I mí Aibreán 2011 bronnadh conradh trí bliana ar Tamboran leis an druileáil taiscéalaíoch a dhéanamh. I mí Aibreán na bliana seo thug Arlene Foster, aire fiontraíochta Stormont, thug sí síniú sé mhí do Tamboran leis an obair seo a dhéanamh.
Tá sé soiléir anois nach mbeidh sin déanta sula gcríochnaíonn an conradh atá ag Tamboran. Fágtar an cheist an mbeidh Foster sásta síniú ama i ndiaidh síniú ama a thabhairt go lá Sheoin Dic. Beidh le feiceáil.
Níos faide siar sa tír tugadh buille mór do Shell le déanaí nuair a rinne lucht eagraithe Fhleadh Cheoil na hÉireann cinneadh urraíocht an ollchomhlachta don imeacht a thabhairt ar ais dóibh.
I mbliana tá an Fleadh Cheoil ag tarlú i Sligeach, an contae béal dorais le Maigh Eo, áit a bhfuil cath fíochmhar idir an pobal áitiúil i Ros Dumhach agus tionscadal gáis na Coiribe, a bhfuil Shell mar an phríomhpháirtí ann.
Bíodh is nach bhfuil an choimhlint seo sna meáin na laethanta seo, leanann sí ar aghaidh go fóill.
Ní ó fheachtasóirí Shell chun Sáile amháin ach ó cheoltóirí a bhíonn páirteach san Fhleadh a tháinig an brú ar Chomhaltas Ceoltóirí Éireann chun airgead salach Shell a thabhairt ar ais.
Is bua iontach é seo in éadan pholasaí an ‘daonchairdis straitéisigh’.
Is é sin ainm amháin ar an bhealach a dhéanann comhlachtaí móra – go háirithe comhlachtaí a bhfuil drochchlú orthu – iarracht dea-phoiblíocht a chruthú dóibh féin trí airgead a chaitheamh i dtreo imeachtaí cultúrtha agus teaghlaigh, agus i dtíortha éagsúla trí bhóthair agus fhoirgnimh scoile srl. a thógáil.
Pinginí atá i gceist do na comhlachtaí seo ar ndóigh ach oibríonn na hionsaithe caidrimh phoiblí go han-mhaith dóibh. Ar an drochuair is iomaí grúpa in Éirinn agus ar fud na cruinne a ghlac airgead ó Shell agus ó chomhlachtaí cosúil leo.
Sin an fáth go raibh an cinneadh maidir leis an Fhleadh Cheoil in bhua mór in éadan Shell – cúltoradh iomlán a bhí ann daofa.
Tugann céimeanna beaga chun cinn mar seo spreagadh do phobail le cinntiú nach bhfuil corporáidí trasnáisiúnta ábalta satailt orthu sa tóir ar bhrabús. Go n-éirí leo sa deireadh.