25 Meán Fómhair 2014
Folúntais: Cúntóirí Eagarthóireachta Taighde (3 phost). Tuilleadh eolais>> Spriocdháta ná 17 Deireadh Fómhair 2014.
3 Iúil 2014
Folúntas: Poist Samhraidh. Tuilleadh eolais>> Spriocdháta ná 17 Iúil 2014.
5 Meitheamh 2014
Tá ardán nua, gaois.ie, seolta ag Fiontar DCU chun acmhainní teanga agus téarmaíochta Gaeilge a sholáthar ar líne. Tá an corpas comhthreomhar ParaDocs ar fáil ar gaois.ie anois. Cuirfear tuilleadh áiseanna agus acmhainní ar fáil ar gaois.ie de réir a chéile.
21 Bealtaine 2014
Ar thug tú cuairt ar shuíomh nua logainm.ie, a seoladh ar 16 Bealtaine?
20 Bealtaine 2014
Folúntas: Cúntóir Eagarthóireachta Taighde. Tuilleadh eolais>> Spriocdháta ná 6 Meitheamh 2014.
6 Bealtaine 2014
Folúntais: Intéirneachtaí Taighde (6 phost). Tuilleadh eolais>> Spriocdháta ná 23 Bealtaine 2014.
15 Aibreán 2014
Tá áis chuardaigh nua curtha le dúchas.ie agus is féidir leat scéalta a aimsiú a bhaineann le daoine ar leith, idir scéalaithe, pháistí agus mhúinteoirí. Cliceáil ar ‘Daoine’ agus is féidir leat tús an tsloinne, nó an sloinne iomlán, a ionchur, nó brabhsáil de réir aibítre agus ansin scagadh de réir contae.
27 Márta 2014
Is féidir clárú anois anseo do chomhdháil bhliantúil agus imeacht oiliúna BISA a bheidh ar siúl i mBaile Átha Cliath ar an 16/17 Bealtaine. Cúis áthais do BISA a bheith ag obair i gcomhar le Fiontar Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i mbliana leis an gcomhdháil a eagrú.
Tabharfaidh an chomhdháil aghaidh ar théamaí agus ar dhúshláin atá comónta dúinn. Ceann díobh ná an chaoi nuálach spreagúil ina mbaintear úsáid as an Idirlíon chun deis a thabhairt do dhaoine teacht ar an ábhar luachmhar atá á gcaomhnú i gcartlanna fuaime in Éirinn agus sa Bhreatain. Tá dréachtchlár ar fáil anseo.
Meastar go coitianta gur uirlis éifeachtach é an tIdirlíon chun cur le rochtain an phobail ar na haircíví fuaime sin, ach ní léir i gcónaí cén cur chuige is fearr.
€30/£25 táille chlárúcháin na comhdhála (baill chláraithe BISA) nó €36/£30 (daoine nach baill iad), lón agus sólaistí san áireamh. Is féidir íoc ar an lá. Cláraigh don chomhdháil inniu. Fearaimid fáilte romhat go Baile Átha Cliath!
Tá an Brainse Logainmneacha, An Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta ag tacú leis an gcomhdháil seo.
25 Márta 2014
Tá áis léarscáilíochta curtha le dúchas.ie. Cliceáil ar ‘Áiteanna’, nó lean an nasc seo www.duchas.ie/ga/plc. Is féidir leat zúmáil isteach ar cheantar nó ar scoil ar leith agus teacht ar ábhar na scoile sin ach cliceáil ar ainm na scoile. Níl ach léarscáileanna Béarla de chuid Google ar fáil dúinn faoi láthair ach tá taighde leanúnach á dhéanamh againn ar shocruithe níos feiliúnaí.
8 Nollaig 2013
Cuireadh tús leis an tionscadal in 2012, agus foilsíodh 80% (c. 64,000 mír) d’ábhar ceithre chontae (Baile Átha Cliath, Dún na nGall, Port Láirge, Maigh Eo) as Bailiúchán na Scol ar www.duchas.ie i mí na Nollag 2013. Sheol Donnchadh Mac Fhionnlaoich, Aire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, an tionscadal ar 17 Nollaig 2013.
UCD Cnuasach Bhéaloideas Éireann DCU
An Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta An Crannchur Náisiúnta