Réab Dóiteán Mór Londan trí lár chathair Londan, i Sasana, ón Domhnach an dara lá de Mheán Fómhair go dtí an Chéadaoin an cúigiú lá de Mheán Fómhair1666. Scrios an dóiteán Cathair mheánaoiseach Londan taobh istigh den Seanbhalla Rómhánach. Ní baileach go ndeachaigh sé chomh fada le ceantar uasaicmeach Westminster, Pálás Shéarlas II ag Whitehall, ná an chuid ba mhó de na plódcheantair ar bhruach na cathrach. Dódh 13,200 teach, 87 séipéal paróiste, Ardeaglais Naomh Pól, agus formhór na bhfoirgneamh a bhí ag údaráis na Cathrach. Ní fios go baileach cá mhéad duine a maraíodh sa dóiteán féin ach ceaptar nach raibh an líon an-ard mar nach bhfuil taifead ach ar líon beag daoine a bhásaigh de bharr an dóiteáin.... [ níos mó ]
Ciclipéid shaor is ea an Vicipéid a óstálaítear ag an bhfondúireacht neamhbhrabúis Wikimedia. Tá go leor tionscadail ilteangachasaor-ábhair eile ag Wikimedia: