05/09/2011

2 Comments

Nach cuma le tae cé a ólfas é?

Léigh mé alt faoi chúrsaí Ghaeilge sa Ghaeltacht le déanaí a bhain preab asam.  An rud is annamh is íontach #1. Alt i nuachtán náisiúnta Bhéarla faoin cheann teideal “Gaeltacht in danger of being silenced” atá faoi chaibdil agam, an rud is annamh is íontach #2. [D'fhoilsíodh mo fhreagra ar an  alt seo le déanaí [...]

Continue reading...

03/09/2011

0 Comments

Ag tochailt uaighe an Bhlaig Gaeilge go ró luath

Bhí trath ann go raibh an iris Beo ina cheap magaidh.  Bhí sé chomh marbh sin gur aindiúlaí íoróin amháin a thabharfadh ‘Beo’ ar an iris.   Ag Balor a bhí an cheart, más beo a bhíodh Beo, ba Bheo ar éigean a bhíodh sé. Anois tá Beo beo.  Tá sé níos fearr ná beo [...]

Continue reading...

03/09/2011

0 Comments

Thugamar féin an Samhradh linn….ag Féile na Laoch

An rínceoir Tash Bourke ag Féile na Laoch Rínceoir aeir ag Féile na Laoch Seo ceann de na buaic phointí ag Féile na Laoch, féile a raibh mé féin páirteach san eagrú ag tús mí Lúnasa.  Ar ndóigh b’é Peadar  O Riada a chum agus a cheap agus a stiuraigh.   Beidh an chéad mhír [...]

Continue reading...

02/09/2011

4 Comments

Raidió Teilifís an Éisíachais – teach fuar don Ghaeilge

Chuir mé isteach ar chomórtas a bhí á fhógairt ar chlár ealaíon RTÉ, Arena,  le déanaí ina raibh cúrsa scríobhnóireachta úirscéil ar tairiscint.  Tá úrscéal leathscríte agam, scéal bleachtaireachta/scéinséireachta as Gaeilge, agus níor mhiste liom súil eile a bheith caite air.  Nuair ná bhfuaireas aon leid ar an suíomh go raibh sé dírithe ar údair Bhéarla [...]

Continue reading...

01/09/2011

6 Comments

Súil eile, léargas eile….

Táim ag iompú im fhear mheanaosta mhíshásta.  Is scéal oifigiúil é sin anois.   Ar ndóigh ní h-ionann sin agus a  rá nach bhfuilim míshásta nó meanaosta!  Ní h-ionann scéal bheith ‘oifigiúil’ agus é bheith bréagach.  Seo griangraf ó mo shean chara, Cailín Deas, a ghlac sí ag an seoladh inné ar Sceideal an Fhomhair [...]

Continue reading...

16/08/2011

1 Comment

An cúlú le sonrú ag An tOireachtas

Mura bhfuil an chúlú eacnamaíochta le sonrú i dtuarastail ár seanadóirí agus TDanna, go méadaí Dia a stór, is cinnte go bhfuil sé le tabhairt faoi ndeara i nduaischiste Oireachtas na Samhna. De réir clár na gcomórtas atá díreach tagtha chomh fada liom -beidh laghdú á dhéanamh ar go leor duaiseanna le céad nó dhá [...]

Continue reading...

07/06/2011

0 Comments

Éire v An Iodáil – ar TG4 anocht

Cheapas go mbeadh an cluiche seo á chraoladh beo anocht ar TG4 – ach is iar-bheo a bheidh an chraoladh den chluiche chairdiúil seo idir Curaithe an Domhain 2006 agus Na Buachaillí Glása! Rinne TG4 agus RTÉ Raidió na Gaeltachta craoladh ar Chomórtas Peile na Gaeltachta ag an deireadh seachtaine agus thaitin an méid a [...]

Continue reading...

06/06/2011

0 Comments

Níos mó Gaeilge ar shuíomh an TUV – ná ar shuíomh Shinn Féin

  Is ceart agus is cóir go mbeadh an TUV, Guth Thraidisiúnta na nAondachtach, ag tacú leis an Ghaeilge ó thuaidh.  Céard eile í an Ghaeilge ach Guth Thraidisiúnta? Ba mhór an phléisiúr dom, inniu, a fheiscint go raibh U-chasadh á dhéanamh ag an TUV ar an seasamh naimhdeach don Ghaeilge a bhíodh ag an [...]

Continue reading...

04/06/2011

0 Comments

Omós don Teanga….

Tá taithí againn ar an dteanga mar uirlis chumarsáide  ach anois, ar Bhóthar na bhFal in iarthar Bhéal Feirste, is séad chomhartha í.   De thoradh ar scéim ealaíon phoiblí, tá lúbrán [labyrinth] cloch tógtha i ngairdín nua le h-ais an bealach isteach go Sóslann Ard na bhFeá.  Siombal é an lúbrán seo ar an [...]

Continue reading...

04/06/2011

3 Comments

Beidh lá eile ag na Gaeil Óga

Chuir Laochra Loch Lao tús spleodrach lena gcúigiú fheachtas i gComórtas Peile na Gaeltachta agus bhuaigh siad go h-éasca ar An Seana Phobail i bPáirc Naomh Fhionnáin i bhFal Charrach ar maidin.   3-18 in aghaidh 1-3 abea an scór dheiridh. Is in aghaidh Móin Dhearg ó Londain a bheidh siad sa bhabhta leathcheannais óir [...]

Continue reading...