Fáilte go suíomh idirlín Raidió na Life 106.4FM!

Tá súil againn go dtaitníonn raidionalife.ie libh. Cuardaigh na cláracha agus na láithreoirí is ansa leat, íoslódáil ár sceideal nó podchraoladh, éist linn beo nó léigh faoi stair an stáisiúin agus ár bhfealsúnacht chraoltóireachta. Is féidir freisin scaireanna sa stáisiún a cheannach, dul i dteagmháil linn, nó bheith mar oibrí deonach linn!

Spotsholas RnaL: ‘Is ait an mac an saol’- sraith ósréalaíoch drámaíochta nua le hEmer Ní Rónáin

Samhlaigh Ollcheanaire an Spáis ina athbheochanóir Gaeilge! Sin go díreach atá againn sa tsraith nua drámaí raidió Is ait an mac an saol, a tháinig ó shamhlaíocht thorthúil an scríbhneora aitheanta Emer Ní Rónáin, agus atá léirithe ag Tristan Rosenstock. Is údar bróin don Ollcheannaire Vobara Jitma Dozak teangacha an spáis gan a bheith le cloisteáil níos mó agus beartaíonn sé teacht go hÉireann le Gaeilge a fhoghlaim agus a scaipeadh ar fud an spáis. Is iomaí eachtra a thiteann amach sa tsraith sé dhráma seo a chraolfar ar Raidió na Life, 106.4FM ag a 6:30i.n. ón Aoine 22ú Aibreán 2011.

Tuilleadh Eolais:

 


Dé Luain
Dé Máirt
Dé Céadaoin
Déardaoin
Dé hAoine
Dé Sathairn
Dé Domhnaigh
Foras na Gaeilge